Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

50

raiḃ sí ag ráḋ, agus nuair ċuir an sagart i n-úṁal dó é, do ḃí sé reíḋ le fáġail ḃáis le sásuġaḋ-croiḋe agus le luṫġáire.

Ṫug siad biaḋ asteaċ ċuici ann sin, agus d’iṫ sí le goile maiṫ agus ḃí sí súgaċ agus meaḋraċ, agus nior sguir sí d’á caint leis an tsagart an fad agus ḃí sí ag iṫe, aċt nior ṫuig Goillís aon ḟocal d’á g-cóṁráḋ, agus ḃí brón mór air gan a ṫuigsint. Coṁ minic agur dḟeuċfaḋ an ḃean-uasal óg rud air biṫ d’innsint dó, b’éigin dó a ċeann ċraṫaḋ mar amadán, agus ann sin do ḋeunfaḋ an rógaire sagairt gáire faoi, agus ni ḟeudfaḋ an ṁaiġdean óg í féin ċongḃáil o ġáire, air uairiḃ, agus ċuir sin mio-ṡásuġaḋ mór air Ġoillís boċt.

Ċuaiḋ sé air ais d’á ṫeaċ féin go luaṫ, agus ṡín sé é féin air an leabuiḋ agus ṫuit sé ’nna ċoḋlaḋ arís mar naċ raiḃ briġ na luiḃe uile caiṫte fós, agus ċaiṫ sé lá agus oiḋċe eile ’nná ċoḋlaḋ. Nuair ḋúisiġ sé ann sin ċuaiḋ sé anonn go teaċ an t-sagairt agus fuair sé go raiḃ an óigḃean uasal annsan stáid ċeudna, agus go raiḃ sí ’nna codlaḋ, beag naċ o d’ḟág seisean an teaċ.

Ċuaiḋ sé asteaċ leis an t-sagart agus ḃí siad ag fanaṁaint anaice léiṫe nuair