Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

53

agus duḃairt sí go raiḃ sí réiḋ le h-imṫeaċt.

D’ḟág sí slán agus beannaċt leis an t-sagart agus le Goillís agus d’imṫiġ sí. Ni raiḃ sí a ḃfad imṫigṫe nuair ṫáinig an oiread sin de ḃrón agus de lionnduḃ air Ġoillís go raiḃ ḟios aige naċ mbeiḋeaḋ sé a ḃfad beó muna raiḃ sé anaice léiṫe, agus lean sé í.

Rug sé uirri an traṫnóna ceuḋna agus ni ṫig liom ráḋ cia aca air a raiḃ an lúṫġáire buḋ ṁó, air Ġoillís no air an óg-ṁnaoi nuair ċonnairc siad a ċéile.

Duḃairt sí le Goillís go gcaiṫfiḋ sé dul a ḃaile arís, aċt ṫug Goillís a ṁionna naċ raċaḋ go bráṫ no go ḃfeicfeaḋ sé slán air ais annsa’ mbaile í. “Aċt,” ar síse “ni ṫig liom do ṫaḃairt a ḃaile liom, creud déarfas na daoine? Ḃeiḋeaḋ náire orm.”

“O, cuirfiḋ me culaiḋ searḃfóġanta orm,” ar Goillís, “agus béiḋ mé mo ṡearḃḟóġanta ḋuit-se, no go dtiucfaiḋ tu aḃaile go slán sáḃálta le congnaṁ Dé, agus tá súil agam naċ ndiúltóċaiḋ tu mo ṡeirḃís.”

Rinne sé sin, agus an ceud ḃaile-mór ann a dtáinig siad, do ċeannaiġ sé culaiḋ searḃḟóġanta ḋó féin, agus gaċ rud d’iarrfaḋ a ṁáiġistreas air, do ġniḋeaḋ sé é,