Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

52

d’ḟuadaiġ na daoine maiṫe leó í, agus nuair ḃiḋeaḋ sé uile inniste, b’éigin dó tosuġaḋ air arís as an nuaḋ, agus ni raiḃ sí tuirseaċ ariaṁ ag éisteaċt leis.

Nuair ḃí siad mar sin le leiṫ-ḃliaḋain duḃairt sí nac dtiucfaḋ léiṫe fanaṁaint nios faide gan dul air ais dá h-aṫair agus d’á máṫair, go raiḃ sí cinnte go raiḃ brón mór orra fúiṫi, aġus go mbuḋ náire ṁór dí é, dá leigfeaḋ sí i mbrón iad, nuair ḃí sé air a cumas dul coṁ fada leó. Rinne an sagart uile rud d’ḟeud sé le na congḃáil leis féin seal eile, aċt gan éifeaċt; agus laḃair Goillís gaċ focal milis do ṫáinig ann a ċeann ag iarraiḋ buaiḋ d’ḟágail uirri agus ag súil le na breugaḋ agus le cur dḟiaċaiḃ uirri d’ḟanaṁaint mar ḃí sí, aċt ni raiḃ aon ṁait ḋó ann. Ċuir sí roimpi triall, agus nior ḟeud duine beó a rún d’aṫruġaḋ.

Ni raiḃ mórán airgid aici, aċt dá ḟáinne do ḃí air a láiṁ nuair d’ḟuadaiġ na siḋeóga leó í, agus biorán óir do ḃí ann a gruaig, agus búclaiḋ óir do ḃi ann a brógaiḃ beaga.

Ġlac an sagart iad agus ḋíol sé iad, agus ṫug sé an t-airgiod dí féin,