Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/106

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

92

ṁiġṫiġ, agus ag innsint dó, go follusaċ, go raiḃ faitċíos uirri filleaḋ d’á ṗálás, ais eagla go g-cuirfeaḋ sé d’ḟiaċaiḃ uirri fear nár ṁaiṫ léiṫe féin a pósaḋ, agus má gníḋ tu sin, ar síse, annsan litir, tuitfiḋ mé arís faoi ċúṁaċt na Síḋeóg a rug leó roiṁe seó mé, agus ní ḟeicfiḋ tu mé a ċoiḋċe no go ḃfáġ’ mé do ṁóid agus do ṁionna go leigfiḋ tu ḋam ḋeunaṁ mar is mian liom féin. Má tá tu sásta sin a ḋeunaṁ, tig leat freagairt a ċur ċugam leis an teaċtaire ceudna a ḃéarfas an litir seó ḋuit-se.

Ṫug sí an litir do Ġollís agus duḃairt sí leis dul do’n ṗálás agus a taḃairt don ríġ fein, agus dá g-cuirfead an riġ ceist air biṫ air, ḃí sé le leigint air go raiḃ sé balḃ. Nuair a ḃéarfaḋ an ríġ an frea- gairt dó, ḃí sé le ḃeiṫ air a ċoiṁeud naċ leanfaḋ duine air biṫ é, air eagla go g-cuirfeaḋ an ríġ spídeóiriḋe air a lorg a ġeaḃfaḋ amaċ an áit ann a raiḃ an ḃain- ṗrionsa.

Ġeall Goillís dí go ndeunfaḋ sé sin, agus rinne. Ṫáinig sé go teaċ mór an ríġ, agus d’ḟan sé anaice leis an doras mór air feaḋ leiṫ an laé, no go ḃfacaiḋ sé an riġ agus