Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

19

fear is greannaṁla agus is spórtaṁla air biṫ.”

“Tá an iomarcuiḋ caint’ agad,” a Ġoillís,” ar san t-Siḋeóg, “aċt tar uait anois. Tar anuas de ’n ċapall, agus beir air mo láiṁ-se.”

Ṫaínig Goillís anuas ón g-capall, agus rug se air láiṁ na Siḋeóige, agus duḃairt an duine beag cúpla focal nár ṫuig Goillis, agus sul do ḃi ḟios aige ca raiḃ se, fuair se é féin annsa’ rúma ann a raiḃ an Pápa.

Ḃi an Pápa ’nna ṡuiḋe suas go mall an oiḋċe sin, mar ḃi leaḃar le léiġeaḋ aige a raiḃ spéis ṁór aige ann. Ḃi se ’nna ṡuiḋe i g-cáṫaoir ṁóir ḃuig, agus a ḋá ċois árduiġṫe suas aige air ċlár an t-similéir, agus ḃi teine ḃreáġ annsan ngráta, agus bord beag ’nna ṡeasaṁ ag a uillinn, agus braon uisge-beaṫa teiṫ agus siúcra ann, ’nna ṡeasaṁ air an m-boirdín agus nior ṁoṫuiġ se no go dtáinig Goillís air a ċúl.

“Nois a Ġoillís,” ar san t-Siṫeóg, “abair leis muna dtiúḃraiḋ se an bulla ḋuit go g-cuirfiḋ tu an rúma air lasaḋ, agus má ḋiultaiġiḋ se ḋuit é, steallfaiḋ misi teine as mo ḃeul ṫart timcioll, go saoilfiḋ se go ḃfuil an áit air lasaḋ dáríriḃ, agus mise