Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

46

an ngas, agus go raiḃ seaċt nduilleóga ag fás air gaċ craoiḃín aca, agus go raiḃ suġ bán annsna duilleógaiḃ.

“Is ró iongantaċ é,” ar seisean, “naċ dtug mé an luiḃ seo faoi deara ariaṁ roiṁe seo. Má tá miorḃuil i luiḃ air biṫ buḋ ċoír do ḃeiṫ annsan luiḃ ionġantaiġ so.”

Ṫarraing sé a sgian amaċ agus ḃain sé an plannda agus d’iomċair sé asteaċ ann a ṫeaċ féin é, agus ḃain sé na duilleóga ḋe, agus ġearr sé suas an gas, agus ṫáinig súġ tiuġ bán as, már ṫágann as an ḃfóṫanán-mín nuair brúiġṫear é, aċt go raiḃ an súġ so nios cosṁúile le h-ola.

Ċuir sé i bpota beag é, agus beagán uisge air, agus leag sé air an teine é go raiḃ an t-uisge ag fiuċaḋ, agus ann sin do ġlac sé cupan águs lion sé leaṫ suas leis an t-súġ é, agus ċuir se ċum a ḃéil féin é. Ṫáinig sé ann a ċeann ann sin gur niṁ do ḃi ann, b’éidir, agus go raiḃ na daoine maiṫe ag cur caṫuiġṫe air é féin do ṁarḃaḋ leis an g-cleas sin, no an cailín do ċur ċum báis gan ḟios dó.

Ċuir sé an cupán sios arís, agus ṫóg sé cúpla braon air ḃárr a ṁéir agus ċuir sé ann a ḃeul iad. ni raiḃ siad searḃ, agus