Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

44

anoċt, mise mo ḃannaiḋ! ni imeóraiḋ tu orrainn arís, buḋ ṁaiṫ an cleas d’imir tu orrainn anuraiḋ!”

“Buḋ ṁaiṫ!” ar fear eile, “ni ḋeunfaiḋ se arís é.”

“Naċ maiṫ an buaċaill é, an buaċaill ceuḋna? bean do ṫaḃairt leis naċ duḃairt oiread agus “cad é mar tá tu” o ṡoin,” ars an trioṁaḋ fear.

“B’ éidir go ḃfuil dúil aige a ḃeiṫ dear- caḋ uirri,” ar guṫ eile.

“Agus dá mbeiḋeaḋ ḟios ag an amadán go raiḃ luiḃ ag fás suas le na ḋoras féin, agus a ḃruiṫ ’s a ṫaḃairt dí, ’s ḃeiḋeaḋ sí slán,” ar guṫ eile.

“’S fior ḋuit sin,”

“Is amadán é.”

“Na boḋaruiġ do ċeann leis, béiḋmíd ag imṫeaċt.”

“Fágfamaoid an bodaċ mar tá sé.”

Agus leis sin d’éiriġ siad suas annsan aér agus amaċ leó ann aon ruaille-buaille mar do ṫáinig siad, agus d’ḟág siad Goillís boċt ’nna ṡeasaṁ mar fuair siad é, agus a ḋá ṡúil dul amaċ as a ċeann ag dearcaḋ ’nna ndiaiġ, agus ag deunaṁ ionġantais.

Ni fada ṡeas sé, gur ḟill sé air a ais