Alasdair Mac Colla/Caithréim Chlainne Raghnaill

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Alasdair Mac Colla by Niall MacMhuirich
Caithréim Chlainne Raghnaill, II
[ 12 ]

II. Caiṫreím Ċlainne Raġnaill.

Niall Mac Ṁuireaḋaiġ do ḋeaċtuiġ.


I.

Tráċtaim ar ní éigin dár éiriġ re linn m’aimsire féin. Is é fá rí re linn mo ċéad ċuiṁne .i. an ċéad Ṡéarlus mac don tseiseaḋ Séamus don treiḃ Stiuḃardaiġ. Ag so cuid do na huaċtaránaiḃ do ḃí ar Ġaoiḋealaiḃ fán ríġ san aimsir sin .i. Raġnall Óg mac Raġnaill Arannaiġ, Marcós Aontroma ar an Rúta agus ar na Glinniḃ i nÉirinn, agus Giolla-Easbuig Caoċ mac Giolla-Easbuig Ġruamaiġ ṁic Giolla-Easbuig Ḋuinn .i. Marcós Earr-Ġaoiḋeal; Sir Laċluinn Mac Giolla Eóin, tiġearna Ḋuḃaird; Eoin Múideórdaċ mac Doṁnaill ṁic Ailín, caiptín Cloinne Raġnaill agus tiġearna Ṁúideórd agus Uiḃist, Eoin mac Ruaiḋrí Ṁóir Ṁic Leóid na hEaraḋ; Sir Doṁnall Gorm mac Giolla-Easbuig Ṁic Ḋoṁnaill triaṫ Ṡléiḃte agus Ṫróntarnis, cúirtéir mór ag Rí Séarlus; agus Niall an Ċaisléin mac Néill Ṁic Néill Ḃarraiġ; Laċluinn mac Eóin Ḃailḃ Ṁic Ḟionġuine an tSraṫa; Eoin Garḃ mac Giolla Ċoluim Raarsaiġ. Eóin Garḃ mac Eóin Abraiġ, tiġearna Ċola agus Murċaḋ Mac Giolla Eóin Loċa Buiḋe; Doṁnall an tSróim mac Aonġusa ṁic Alasdair, tiġearna Glinne Garaḋ agus Cnoideḃart ’na ṡean-laoċ i dtosaċ mo ċuiṁne agus a ua ’na ógánaċ ar láiṁ i nDún Éadain agus ’na ḋiaiḋ sin ’na ṁórṁaor Ċloinne Doṁnaill .i. Aonġus mac Alasdair ṁic Ḋoṁnaill; agus Ailín mac Doṁnaill duiḃ ’na uaċtarán ar Ċloinn Ċamṡróin agus a ua sain ’na ógánaċ .i. Eoġan mac Eáain ṁic Ailín ṁairfeas fós; agus Seorus Donn Mac Coinniġ Óig [ 13 ]Iarla Síoṫṗuirt, uaċtarán Ċloinne Coinniġ; agus Doṁnall Duaḃáil Mac Aoḋa, ua Máġnuis, .i. mórṁaor Meġraṫ, ’na ċeann ar Ṁorgannaċaiḃ; agus mórán do ḋaoiniḃ maiṫe oile do ḃí ’na n-uaċtaránaiḃ san aimsir sin, aċt naċ sgríoḃṫar annso aċt na daoine do ċonnaic mé féin agus feas coda dá ngníoṁarṫaiḃ ar cuiṁne agam.

Giḋeaḋ, is furusda ḋuit as an teangaiḋ ċoitċinn ina ḃfuilear ag sgríoḃaḋ san ríoġaċt fios ar ṫrioblóid na haimsire d’ḟaġáil, aċt so aṁáin, gurab cuiṁneaċ liom gurab iad na hAlbanaiġ is taosga do ṫionnsgain an cogaḋ so isna Trí Ríoġaċtaiḃ agus nár ḃ’iad Sagsanaiġ nó Éireannaiġ; óir, tar éis Coiḃineant nó coiṁċeangal do ḋéanaṁ i n-aġaiḋ an ríoġ agus Ṡagsanaċ um na heasbogaiḃ do ċur ar gcúl agus Presbitrí do ċur ’n a n-ionad gur ċuireadar fios ar a raḃa d’oifigeaċaiḃ Albanaċa isna ríoġaċtaiḃ eile taoḃ ṫall d’ḟairrge agus go ndearnadar árd-ċommandair d’Alasdar Leislí .i. sean-saiġdiúir do ḃí <go> fada i gcogaḋ ar ċoigcríċ. Do ġluais an t-arm sin ar a n-aġaiḋ go Sagsain; is é sin an ċéad arm do cuireaḋ ar cois i n-aimsir Ríoġ Séarluis agus is ’na aġaiḋ do ḃí sé. Do ċáiḋ na ríoġaċta tré n-a ċéile ó ṡin amaċ ’s an ḃliaḋain don annálaċ tárla sin 1639, agus i dteas na ngnóiḋiġe sin do ċuir Marcós Aontroma .i. Raġnall Óg mac Raġnaill Arannaiġ pártaiġ airm a hÉirinn le horduġaḋ an ríoġ go hAlbain agus daoine uaisle dá ċineaḋ leó .i. Alasdar mac Colla ṁic Giolla-Easbuig agus Coileneil Séamus mac Soṁuirle ṁic Ṡéamuis na Banna agus daoine uaisle oile. Do ċuadar ’na loingeas i mBaile Ṡac i mí Iulí, 1644. Níor ġaḃadar calaḋ nó tír go rángadar Caol Muile agus do ċuireadar léigeir má ċaislén Ċinn Loċa hAlann agus do ġaḃadar é agus do ḟágsad bárdaḋa air. Do ġluais- eadar as sin go caislén Ṁíoḋairiḋ; do ġaḃadar é le mór saoṫair; do fágḃaḋ daoine air dá ṁuintir. Do [ 14 ]ġluais Alasdar mac Colla agus an ṗártaiġ dá gcois go Caol Reiṫe. Do ṡeol an loingeas go Loċ Eiseórd san Sraṫ go Sir Doṁnall — do ḃí orduġaḋ an ríoġ agus an Ṁarcóis Aontroma um ċeannus na ndaoine do ġaḃáil ċuige agus d’éirġe leó agus gaċ duine do éirġeaḋ leó.

Leaṫ-ḃliaḋain roiṁe sin fuair Sir Doṁnall bás. Tairgeas Alasdar mac Colla ceannas na ndaoine do Sir Séamus Mac Doṁnaill agus diúltas Sir Séamus sin, óir buḋ ḃeag leis an ċuideaċta agus an ríoġaċt uile ’na n-aġaiḋ agus gan san ċuideaċt aċt cúig céad déag fear, gur b’é coṁairle do ċuir Alasdar roiṁe filleaḋ ar ais go hÉirinn, ó nár freagraḋ orduġaḋ an rí uaṫa. Fán am sin tángadar trí longa móra do loingeas cogaiḋ na Parlameinte Albanaiġe timċeall ó Líte gur ṡeóladar go rángadar bun Loċa hEiseórd agus loingeas Alasdair istiġ san loċ; tugadar troid dóiḃ, giḋeaḋ do gaḃaḋ loingeas Alasdair, ionnus gur ḃ’éigean d’Alasdar anṁain san ríoġaċt ina dtárla, olc ar ṁaiṫ leis é.

Gluaisis roiṁe tar Ċaol Reiṫe, tar monaḋ Ċuaiċ, as sin dóiḃ go Gleann Garaḋ, go ndearnadar campa ann, agus fuaradar martaċt go saiḋḃir dá ṁuinntir agus níor éiriġ a ḃeag do ḋaoiniḃ. As sin dóiḃ go Báideineaċ agus do rinneadar campa ann soin. Do fógradar do ṁuinntir na tíre sin teaċt isteaċ i n-arm an ríoġ nó go loisgfeaḋ agus go gcreaċfaḋ an tír do taisbeánaḋ an t-orduġaḋ ḋóiḃ agus do ṫógḃadar leis an orduġaḋ sin Clann Ṁuireaḋaiġ Ḃáideineaċ agus caiptín agus ceann feaḋna maiṫ dá ḃfuil féin rómpa .i. Eoġan Óg mac Andra ṁic Eoġain tug trí ċéad fear dá ḟuil féin leis i n-arm an ríoġ agus do ḃádar ro-ṡeasmaċ san arm an feaḋ do ṁair an cogaḋ. Do éiriġ Clann Ḟionnlaoiġ Ḃráiġe Ṁarr leó agus ceann feaḋna dá ḃfuil féin rómpa .i. Doṁnall Óg mac Doṁnaill ṁic Ḟionnlaoiġ. Do ġluaiseadar as sin d’Áṫ-Fódla agus tárla Iarla [ 15 ]Muntrós dóiḃ i mBlár an Áṫa-Fódla i gcruṫ ceannuiḋe cláraiġe agus máilín fá n-a ḃráġaid ar dteaċt ó Ṡagsain agus orduġaḋ an ríoġ leis um ginléireaċt na harmáile do ḃeiṫ aige agus Alasdar mac Colla ’na ṁáidseoir sinireal aige agus do ġlacadar go toileaṁail ċuca é. Do ġaḃ urṁór fear Áṫa-Fódla leó, Clann Donnċaiḋ agus Stiuḃardaiġ Áṫa-Fódla. Do ḃí tosaċ an ḟoġṁair aca ’mun am sin, agus do ġluais do ċum an Ṁaċaire Ġallda. Tug armáil ṁór do na Coinḃineantairsi coinne ḋóiḃ i ngar do Ṗeirt ina raiḃ oċt míle fear agus ní rángadar féin dá ṁíle coisiḋe do ṡluaġ, aċt giḋeaḋ rugadar buaiḋ orṫa; ní ḋeaċaiḋ as díoḃ aċt a rug luas eaċ uaṫa. Do ġaḃadar Peart agus do baḋ éadálaċ ionnṁusaċ iad tar éis an ċaṫa soin Ṗeirte. Ní raḃa aċt cúig lá déag eidir an caṫ sin do ṫaḃairt agus caṫ eile do ḃriseaḋ ag Obair Ḋeaḋain ar na Coiḃineantairsi, áit a ḃfuaradar cumasg cruaiḋ agus troid ṫeann torann-ḃorb. Do ṁéaduiġ buaiḋ an dá ċaṫa sin misneaċ agus meanmna Ġaoiḋeal ó sin amaċ, ionnus naċ tugdís cúl do náṁaid ar ċomṫrom ná ar anċoṁṫrom.

Tárla do Ṁac Cailín, .i. Iarla Earr-Ġaoiḋeal, a ḃeiṫ ’na ċeann don Ṗresbitrí agus ’na urraiḋ ṁóir do na Coiḃineantairsi agus i n-aġaiḋ an ríoġ agus táinic sé d’Árd na Murċon agus do ċuir sídsi má ċaislén Míoḋairiḋ agus níor ċinn leis a ṫaḃairt amaċ. Táinic Eóin Múideórdaċ ón Ċaislén Tirim d’ionnsaiġe an ċampa sin Ṁic Cailín ar iarradas Ṁic Cailín, óir fá dóiġ le Mac Cailín go n-éirġeaḋ Eóin Múideórdaċ agus Clann Raġnaill leis ’na arm féin i n-aġaiḋ airm an ríoġ. Ní fada dó san ċampa: do ḟill tar ais agus do ṫionóil feaċt Uiḃist agus Eige, Ṁúideórd agus Árasáig agus is í céad ṡeirḃís do rinneaḋ leó .i. Súineórd do ċreaċaḋ gan ḃó gan ċaora d’ḟágḃáil innte agus a dtaḃairt go [ 16 ]faiṫċe an Ċaisléin Tirim, agus do ċuir sé Doṁnall a ṁac le cuid don ċreiċ sin do ċum na mbárd do ḃí ar Ċaislén Ṁíoḋairiḋ. Agus san am ċéadna táinic Alasdar mac Colla anuas ó Ṁuntrós do ṫaḃairt relís do Ċaislén Ṁíoḋairiḋ; agus tárla Alasdar agus Doṁnall mac Eóin Ṁúideórdaiġ dá ċéile ann agus fá lúṫġáireaċ iad fá n-a ċéile d’ḟaicsin, óir do b’é sin tús a n-eólais ar a ċéile. Tángadar as sin don Ċaislén Tirim. Ar ḃfágḃáil aṫruġaḋ bárd ar Ċaislén Ṁíoḋairiḋ, do ġluais Eóin Múideórdaċ agus iad féin d’Árasáig agus do Ṁórṡrón agus do ċuireadar teaċta d’ionnsaiġe Mic Leóid dá iarraiḋ air teaċt isteaċ i n-arm an ríoġ do réir a ḋliġiḋ agus do ḋiúlt sé ḋóiḃ agus tángadar do Ċnóideórd agus tárla Aonġus mac mic Alasdair riú annsin, agus do ḃádar ag iarraiḋ air éirġe agus ní ḋearna san uair sin. Gioḋ eaḋ, do éiriġ Doṁnall Gorm, dearḃráṫair a aṫar, leó agus an ċuid buḋ ṁó d’ḟeariḃ Ċnóideórd agus Ġlinne Garaḋ. Do ṫrialladar ó ċeann Loċa Neiṁeis amaċ Mám Ċloċ Árd go Loċ hAbar agus don Ḃráiġe, agus do éiriġ Doṁnaill glas mac mic Raġnaill agus fir an Ḃráġad leó, agus táinic Stiuḃardaiġ na hApan ċuca ann soin agus Clann Eaáin Ġlinne Coṁan agus fir Ġlinne Neiṁeis agus a raiḃ taoḃ ṫoir do Lóċaiḋ do Ċloinn Ċamṡróin. Do ġluaiseadar as soin go Báideineaċ agus tar ṁonaḋ Ḋruim Uaċtar agus go Blár na hÁṫa- Fódla, agus tárla Marcós Muntrós riú annsin agus fá buiḋeaċ é don toiċeastal sluaiġ sin do cuireaḋ le hEóin Múideórdaċ ċuige do ḋéanaṁ seirḃíse a ríoġ ṡaoġalta. Do cuireaḋ coṁairle cogaiḋ ’na suiḋe san ḃall sin d’ḟéigsin c’áit a gcaiṫfeaḋ siad an geiṁreaḋ. Is é ṡaoileaḋ an sinireil gurb ar Ġalldaċt dob’ ionċaiṫṁe an geiṁreaḋ agus do ṁeas cáċ gurb ar Ġaoiḋealtaċt fá daingne ḋó an t-arm do ḃeiṫ. Do aontuiġ Muntrós an ní sin ar ċoinġeall go ḃfuiġeaḋ [ 17 ]an t-arm biaḋ agus lóisdméad ann agus do ċuireadar fios ar Aonġus ṁac Ailín Duiḃ go láṫair na coṁairle .i. duine uasal d’ḟearaiḃ Ġlinne Coṁan. Do ċuir Muntrós ceist ar Aonġus nár ḃ’eólaċ ann i dtíorṫaiḃ Ṁic Cailín nó an ḃfuiġeaḋ an sluaġ biaḋ nó foslongṗort ionnta san ġeiṁreaḋ. Do freagair Aonġus an mórṁaor agus is eaḋ aduḃairt naċ raiḃ baile ná leaṫ-ḃaile fá ṫiġearnas Ṁic Cailín nár ḃ’eól dó agus, dá ḃfóġnaḋ tiġṫe díonaċa agus ba reaṁra mar ḃiaḋ re caiṫeaṁ ionnta, go ḃfuiġeaḋ dóiḃ é. Do ṫaitin an freagra ris an marcós agus do aoṁ triall d’Earr-Ġaoiḋeal. Do ġluais an sluaġ a Bráiġe Áṫa-Fódla agus do ċuadar go hApainn an Ṁeinnéiniġ agus do loisgeadar í agus as sin dóiḃ go ceann Loċa Táṫa agus do loisg siad ar gaċ taoḃ ḋe agus táinic Clann Ġriogóir agus Clann an Aba ċuca do ċungnaṁ le harm an ríoġ. Do cuireaḋ Eóin Múideórdaċ agus a ṁuinntir féin agus fir an Ḃráġad ar sliġiḋ ar leiṫ ón ċuid eile don arm do ḋéanaṁ creaċaḋ ar feaḋ gaċ tíre, ionnus nár ṫárla re Muntrós é go rángadar Cill Ṁártain i nGlasraiḋ, agus tug an ċuideaċta sin míle bó ar aon-ḟiuḃaḋ do ċreiċ isteaċ go campa Ṁuntrós. Ní ḟuil re ráḋ air aċt gur creaċaḋ agus gur loisgeaḋ tíorṫa Ṁic Cailín don toisg-sin agus gur marḃaḋ oċt gcéad agus ceiṫre fiċid agus cúig fir déag ’sna tíorṫaiḃ gan ḃlár gan ṁaċaire do ṫaḃairt ionnta. Do ġluais an t-arm a hEarr-Ġaoiḋeal tar an Ċonġail Laḋarnaiġ ag siuḃal gaċ tíre go rángadar Inḃear Lóċaiḋ i Loċ hAbar.

Ní raiḃe Mac Cailín díoṁaoin, óir do ċuir sé iarraiḋ ar ṫiġearna Aċaiḋ na mBreac as Éirinn ċuige, óir do ḃí i nÉirinn ó ṫosaċ an ċogaiḋ agus dúṫaiġ Iarla Aontroma aige agus a bailte móra ar a láiṁ agus arm ’na ṡeasaṁ aige ionnta. Do ċuaiḋ an marcós[1] féin go Dún Éidin [ 18 ]dá ċasaoid re Coṁairle na hAlban naċ raiḃ Muntrós nó Alasdair mac Colla ag fuireaċ ris do ċum caṫa do ṫaḃairt dóiḃ agus do ċuireadar reisimeint ċúig céad leis do ṡaiġdiúiríḃ mar ċungnaṁ agus mar fiaḋain. Táinic tiġearna Aċaiḋ na mBreac as Éirinn ċuca agus do ġaḃ mire agus dásaċt é mar fuair sé ar n-a losgaḋ agus ar n-a creaċaḋ a ḋúṫaiġ ar a ċionn. Do ċruinniġ sé Clann Ṁeig Ḋuiḃne go líonṁar léir-ṫionóilte agus do ṫrialladar ar lorg an airm sin Ṁuntrós agus Alasdar ṁic Colla, aċt, ar dteaċt do Ṁuntrós go hInḃear Lóċaiḋ, táinic Sir Loċlainn Mac Giolla Eóin ċuca ann agus Aonġus mac mic Alasdar, tiġearna Glinne Garaḋ, aċt do ḃí daoine mic ṁic Alasdar san arm roiṁe sin do ġnáṫ agus, ar ngluasaċt as Inḃear Lóċaiḋ don taoḃ tuaiḋ, ní fada do ċuadar anuair táinic sgéala ċuca go dtáinic Mac Cailín agus a ṁór-ṡluaġ sin go hInḃear Lóċaiḋ agus gur loisgeadar Bráiġe Loċa hAbar. Do ḟilleadar a Cill Ċuimín i n-Obair Ṫairḃ an t-arm sin Ríoġ Séarlus san uair sin agus Marcós Muntrós ’na ġeinilear aca agus Alasdair mac Colla ṁic Giolla-Easbuig ’na ṁaiġeor ginireal agus na huaisle sin Ċloinne Raġnaill agus Ċloinne Doṁnaill .i. Eóin Múideórdaċ mac Doṁnaill ṁic Ailín agus a ṁac Doṁnall agus Aonġus mac mic Alasdar, tiġearna Glinne Garaḋ, agus a gcineaḋ agus a ndaoine muinntire féin leó, agus na trí reisimeinte Éireannaċa do ḋearḃ-ḋaoine muinntire Iarla Aontroma do ḃí ann, a gcinn feaḋna féin rompa .i. Corneil Séamus mac Soṁairle ṁic Ṡéamuis na Banna ṁic Ṡoṁairle Ḃuiḋe agus Raġnall Óg mac Alasdar ṁic Alasdar ṁic Aonġuis Uaiḃriġ, agus Máġnus mac an Ġiolla Ḋuiḃ Í Ċaṫáin, dearḃ-ċoṁalta Iarla Aontroma. Do ṫaoḃ Mic Giolla Eóin Sir Loċlainn, ní raiḃe do ḋaoiniḃ ’na ḟoċair aċt tuairim dá ḟear ḋéag dá ṁuinntir dá ċoiṁideaċt. Do ḃí duine maiṫ ann d’uaisliḃ Alban .i. [ 19 ]Mórṁaor Oglabí agus a ṁac, duine gasda, .i. Sir Tómós Do ġluaiseadar ó Ċill Ċuimín tar Láirc Ṫurraid agus isteaċ go Gleann Ruaiḋ agus tairis an Sbeaṫain agus tárla pártaiġ don náṁaid ḋóiḃ ann soin agus do leansad iad agus do marḃaḋ a n-urṁór agus an droig do ċuaiḋ as díoḃ tugadar sgéala don ċampa agus do ḃí anmoċ Dia Saṫrainn ar dteaċt orṫa an tráṫ rángadar ar ċoṁair a náṁad. Do ċuaiḋ an sluaġ [sin] Ṁic Cailín ar a gcoiméad agus do ḃí foraire gaċ sluaiġ ḋíoḃ ag láṁaċ ar a ċéile ar feaḋ na hoiḋċe. Do ċuaiḋ Mac Cailín féin ’na luing agus do ḟágaiḃ tiġearna Aċaiḋ na mBreac re haġaiḋ na hiorġaile, aċt i ḃfíor-ṫosaċ na maidne do cóiriġeaḋ na caṫa i n-eagar agus i n-órduġaḋ Dia Doṁnaiġ Lá Ḟéile Briġde an ċéad lá d’earraċ Anno Domini 1645. Do cuireaḋ amaċ a harm an ríoġ cuideaċta agus Máġnus mac an Ġiolla Ḋuiḃ Í Ċaṫáin rompa, agus do cuireaḋ cuideaċta eile ’na n-aġaiḋ as arm Ṁic Cailín agus Giolla-Easbuig mac Giolla-Easbuig Óig, tiġearna na bPingingeaḋ. Tug an dá ṗártaiġ troid dá ċéile. Níor ḃ’ḟada gur briseaḋ ar an ṗártaiġ sin airm Ṁic Cailín gur cuireaḋ ’na gcorp féin go haiṁḋeónaċ iad. Do ċuaiḋ corp an airm tríd a ċéile ḋe sin, tugaḋ an adḃannsa orṫa agus do briseaḋ uile. Do marḃaḋ urṁór an tsluaiġ agus do báṫaḋ iliomad díoḃ ar ḃun Neiṁeis. Do marḃaḋ tiġearna Aċaiḋ na mBreac agus tiġearna Ċáraduil agus Próḃisd Ċille Munna. Do gaḃaḋ tiġearna an Ḃáirr Ḃric, tiġearna óg Ċáraduil, Mac Íoṁair na Pinginge Móire. Do gaḃaḋ an ċuid nár marḃaḋ do ċineaḋ Ṁic Cailín uile an lá sin. Easḃaḋ airm an ríoġ .i. Tómós mac Mórṁaoir Óglabí, Caiptín Brain agus seisear do ṡaiġdiúiríḃ.

Gluaisis Muntrós tar éis an ċaṫa sin agus arm an ríoġ don taoḃ a dtuaiḋ agus táinic Mac Coinniġ .i. [ 20 ]Iarla Síoṫṗort ċuca agus tug a ḃriaṫar go dtiocfaḋ féin agus a ḋaoine leis i n-arm an ríog dá ċuidiuġaḋ. Do ċuir sé tionól agus tiomsaċaḋ ar a muinntir a Leoḋús agus as gaċ tír oile dá raḃ aige. Iomṫúsa Montrós do ċaiṫ sé an t-earraċ ins an taoḃ a dtuaiḋ ag neartuġaḋ a airm féin agus táinig na Górdónaiġ dá gcoṁmóraḋ agus Mórṁaor Górdón mac Marcós Huntlí agus dob, ḟeirrde iad. Fán am sin táinig arm na Coṁairle Alban as an taoḃ a ndeas; agus táinic Mac Coinniġ agus a arm féin ó ṫráiġ fear Leoḋúis agus an oirir a dtuaiḋ. Is é ní do rinne Mac Coinniġ féin agus a ṁuinntir dol d’ionnsaiġe airm na Parlameinte agus a ḟocal do ḃriseaḋ ar Muntrós agus ar arm an ríoġ. Tárla ag Alt Éirinn Muntrós agus arm an ríoġ ’mán am sin agus Mórṁaor Górdón agus a ṁaṫṡluaġ agus a ṡluaġ coise. Táinic Natanial Górdón ón ḃ’foraire ċuca agus tug sgéala ḋóiḃ go raḃa an náṁaid i ngar dóiḃ; marcaċ maiṫ an fear sin, láṁ ḟuilteaċ áṫasaċ; an Górdónaċ Caoċ ainm eile ḋó.

Do cóiriġeaḋ caṫa gléasta glan-armaċa Gaoiḋeal ar ċomair a n-eascarad agus tugaḋ an láṁ ḋeas don ṁarc- sluaiġ ġloinn-ṁir Ġórdónaiġ agus dá mórṁaor agus stiúraḋ cuirp an ċaṫa don Ṁarcós ṁear ṁórḋálaċ Muntrós agus gaḃas Sir Alasdair arm-ḋearg éċt- minic .i. mac calma curanta Colla Ċiotaiġ ṁic Giolla Easbuig ṁic Colla ṁic Alasdar ṁic Eóin Ċaṫánaiġ láṁ ċlé an airm ċuige fá ċoṁair láiṁe deise na náṁad. Agus ar mbeiṫ d’Alasdair ag córuġaḋ a ṁuinntire, táinic duine uasal ón mórṁaor le teaċtaireaċt ċuige agus do laḃair san ḃfoirm-se:

“Do ċualamar, a Ṁic Ḋoṁnaill, go raḃa coiṁċeangal agus caradraḋ ag ár sinnsearaiḃ ré ċéile agus nár ḃuaileadar buille i n-aġaiḋ a ċéile gibé ar biṫ ceannarc do ḃiaḋ eidir an ċuid eile d’Albanaċaiḃ agus iad agus [ 21 ]nár ṁó clú ċruadála ar ṫreaḃaiḃ oile ná orṫa. Ar an aḋḃar sin, d’aṫnuaḋaḋ an ċoiṁċeangail baḋ ṁian liom a ċongnaḋ d’ḟaġḃáil uaiḃ-se agus is í sin malairt ċoisiḋeaḋ an ċéad lá dom ṡeirḃís dom ríġ ṡaoġalta — is é sin, mo ṡluaġ coise féin do ġaḃáil ċugad agus do ċoisiḋṫe-se do ċur ċugam.”

Do rinneaḋ go haṫlaṁ le hAlasdair mac Colla an ní sin: Do ċuir deiċneaḃar agus ceiṫre fiċid d’ionnsaiġe Mórṁaoir Górdón do na sean-saiġdiúiríḃ ar n-a ndearḃaḋ go minic i mór-ḋoċraiḃ i n-iomad d’áitiḃ; agus táinic ċuige ’na n-áit sin trí ċéad coisiḋe do ṁuinntir Ḃogaiġ na Gaoiṫe agus Sraṫa Ḃalgaiġ agus Ḃráiġe an Ṁaċaire nár ċleaċt cumaisg na cruaiḋe coṁlann ná torann treaṫan-ġarḃ troda. Aċt gér ḃ’olc d’Alasdair an ṁalairt sin, fá maiṫ dá ṁuinntir í, óir ní raḃadar i mblár ná i sgeirmis riaṁ fá saoire ḋóiḃ ná é; dar leó naċ raiḃ do ċúram ar ṁarcṡluaġ na nGórdónaċ aċt a ḃeiṫ ag teasargain na gcoisiḋeaḋ ón uile ċontaḃairt.

Iomṫúsa Alasdar, tairngeas a ṁuinntir amaċ a garrḋa i n-a dtarladar agus níor ċongaiḃ aige dá gnáṫ-ṁuinntir féin aċt deiċneaḃar agus dá ḟiċid dá ḋaoiniḃ uaisle; agus cuiris cúigear ar ḟiċid díoḃ sin san ċéad ranga agus cúigear ar ḟiċid san ranga ḋéiḋeanaċ ḋíoḃ, agus do ṫarraing a ṫrí céad coisiḋe Górdónaċ ’na meaḋón, agus do ġluais féin rómpa. Agus is iad daoine tárla ar a gcoṁair réisimeint ṫiġearna Laḃair, daoine tréanailte déanta agus daoine uaisle Leoḋúis i gcuideaċt a ċéile.

Do ṫionnsgain torann na troda, aṁail is gnáṫ san uile ṁaċaire, agus níor ṁaiṫ a fulang sin ag na coisiḋṫiḃ do ḃí i ndiaiḋ Alasdar ṁic Colla, óir ní ċluinfeaḋ cuid díoḃ sionnsa saiġde nó fead peiléir naċ déanaḋ cromaḋ cinn nó iomrall aisdir. Is é fá cosnaṁ d’Alasdair an uair sin, ag imṫeaċt i ndiaiḋ a ċúil, ag [ 22 ]sméideaḋ a láiṁe ar a ṁuinntir misneaċ ṁaiṫ agus máirseáil aṫlaṁ do ḋéanaṁ, agus gan d’ḟeiḋm ag á ḋaoiniḃ uaisle dá ḋéanaṁ aċt ag congḃáil a gcuideaċta na n-orduġaḋ nó gur ṡáruiġ orṫa. Dob’ aiṫniḋ daṁ daoine do rinne marḃaḋ ar na coisḋṫiḃ Górdónaċa, dá gcongḃáil ó briseaḋ do ġaḃáil. Mar do ċonnaic an náṁaid an ní-se, d’éiṁġeadar a n-ionnsaiġe agus an t-asált do ṫaḃairt. Ṫug Alasdair orduġaḋ .i. an garrḋa as ar ṫrialladar roiṁe sin do ṫaḃairt orṫa, agus tángas orṫa faoi sin le pícíḃ agus le saiġdiḃ. Do báḋas ag déanaṁ marḃṫa orṫa ar gaċ taoḃ don ġarrḋa má ḃfuair an ċuideaċta isteaċ ann. Do ḃris cloiḋeaṁ Alasdar, agus fuair sé cloiḋeaṁ oile ’na láiṁ, agus ní raiḃ cuiṁne aige féin cia tug dó é, aċt daoine ag taḃairt baraṁla gur b’é a ċliaṁain Mac Ḋáiḋe Áird na Croise tug ḋó a ċloiḋeaṁ féin, agus do ṫuit Mac Ḋáiḋe san uair sin, agus Feardorċa Mag Aoḋa, agus daoine uaisle maiṫe oile má ḋorus an ġarrḋa, do ḃí ag fanṁain re hAlasdair do ċur isteaċ rómpa. Agus ar ndul d’Alasdair isteaċ san ġarrḋa, do ċuir gléas troda ar a raiḃ istiġ ann do ṫaḃairt relífe dá ṁuinntir do ḃí amuiġ agus fá díoḃ Raġnall mac Doṁnaill ṁic Aonġuis Ṁuilig Ṁic Ceanain. Ní léigim ṫorm an beagán so do ċur síos dá ġníoṁarṫaiḃ:”

Do rala ḋó a ḃeiṫ ar siuḃal imeasg na nGórdónaċ (agus ní hionann taoḃ don ġarrḋa gus ar ġaḃ sé agus an ċuid eile do ḋaoiniḃ uaisle Alasdar do ḃí imeasg na nGórdónaċ ar siuḃal) nó gur ṁoṫuiġ sé an teapar dá ċur má na slinnénaiḃ aige. Do iompáiġ a aġaiḋ re n-a náṁaid. Do ḃí a ċloiḋeaṁ ’má ḃráġaid agus sgiaṫ ar a láiṁ ċlé agus gunna glaice ’na láiṁ ḋeis. Do ċuir sé an gunna riú agus do stadar cuideaċt do luċt píceaḋ do ḃí ’na ḋiaiḋ, mar tárla sliġe ċuṁang rómpa. Leis sin ní raḃa duine dá ċuideaċt féin do ḃí ’na ḋiaiḋ gan [ 23 ]dul roiṁe. Do ḃí marḃaḋ tiuġ ag luċt boġaḋ ’gá ḋéanaṁ ar na coisiḋṫiḃ Górdónaċa. ’Mán am sin tárla d’ḟior ḃoġa a ḃeiṫ ag rioṫ seaċad ar Raġnall agus é ag cur saiġead ar Ġórdónaċaiḃ; tug súil tar a ġualainn agus do ċonnaic an fuireaċ do ċuir Raġnall ar luċt na bpíceaḋ agus d’iompáiġ a láṁ ón ḃfear do ḃí roiṁe, do ṡeol a ṡaiġead ar Raġnall, do ḃuail san ṗeirceall, do ċuir dorn dí amaċ ar an bpeirceall oile. Annsin do sgaoil Raġnall an t-urċar agus ní ar ḟear an ḃoġa. Teilgis an gunna uaḋa agus cuiris láṁ i gceann a ċloiḋiṁ. Do ḃí a sgiaṫ a ḃfad uaḋa amaċ dá imḋídean ar ṗícíḃ. Tug iarraiḋ dá ċloiḋeaṁ agus ní ṫáinic leis, óir do rioṫ an crios timċeall leis agus ní ṫáinic an cloiḋeaṁ amaċ. Tug an dara feaċt agus ní ṫainic. Tug an treas ḟeaċt, ag leagaḋ láiṁe na sgéiṫe fá n-a asgaill ar ṫruaill an ċloiḋiṁ, agus tugaḋ amaċ é. Giḋeaḋ, do cuireaḋ cúig píce eidir an ċíoċ agus an smeig ann leis an ḃfolṁuġaḋ sin, aċt ní raḃa orlaċ ar doiṁne i n-éan-álaḋ dá ndearnadar air annsoin. Seal ar an seol soin ag gearraḋ ṗíceaḋ agus an méid do ċurṫaoi i sás na sgéiṫe ḋíoḃ. Do ṫarr sé a ḋruim ris an ngarrḋa do ċum a ċoiṁéada, agus do ḃí ag déanaṁ imṫeaċta ar éigin d’ionnsaiġe an doruis. Do ḃí luċt na bpíceaḋ ag dul i n-éadánaċt air, ón ṁéad do ḃí ag á ngearraḋ ḋíoḃ, aċt aoin-ḟear do ḃí dá ṫuargain go harrannta iomarcaċ; dar leis an ḃfear sin go gcoiṁéadfaḋ a ṗíce gan ġearraḋ agus go dtuitfeaḋ a ḟear coṁlainn leis. Do ḃí Raġnall ag éisteaċt re hAlasdair ag gaḃáil do ḃata ar Ġórdónaċaiḃ fá olcas an láṁaiġ do ḃádar do ḋéanaṁ do ṫaḃairt relífe ḋó féin as an ionaḋ ina raiḃ, aċt do ḃí sé ag triall go dorus an ġarrḋa céim ar ċéim, agus an uair do ṡaoil ḃeiṫ i ngar don dorus tug léim árd aṫlaṁ ó ḟear na píce agus tug a ċúl dó agus a aġaiḋ ar an dorus, agus do ċrom a ċeann. [ 24 ]Leanais fear na píce é gur ċrom a ċeann faoi an dorus, Do ḃí Alasdair san uair sin dá ḃfeiṫiṁ agus tug buille d’ḟior na píce, agus gér ḃ’aṫlaṁ do ċum iompóiḋ arís, is eaḋ tárla ceann an ógláiġ do ḃualaḋ fá na hiosgadaiḃ ar Raġnall ón ḃuille tug Alasdair dó. Tuiteas a ċorp san dorus agus a ċeann san ġarrḋa. Ar ndírġeaḋ a ḋroma do Raġnall, agus ar n-aṁarc ’na ḋiaiḋ ar an dorus, ag sin mar ċonnairc a ċompánaċ. Do gearraḋ an tsaiġead do ḃí i Raġnall agus tugaḋ as í agus fuair a teanga go maiṫ agus cumas laḃra, ní nár ṡaoil.

Dob’ ḟurusda a ráḋ naċ go tim-ḋíoṁaoin do ḃádar an ċuid oile d’arm an ríoġ san uair sin .i. Marcós mear meanmnaċ misneaċ-ṁór Muntrós agus Mórṁaor cróḋa curanta gasda galánta gaisgeaṁail Górdón go n-a uaisliḃ ’na ḟarraḋ, agus an ċuid oile don droing ḋána ḋásaċtaiġ Ḋoṁnallaiġ agus don réim rún-ḃuirb ro- ċalma reaċt-aigeantaiġ Raġnallaiġ, aċt tugsad i n-aġaiḋ a náṁad go harraċta urrannta, gan uaṁan, gan imeagla buille ná urċair. Agus tárla do Ṁuntrós, a ngionarál, go raḃa ré n-a ṡluaiġ agus é ar árd ċnuic, agus do ċonnairc an ġuasaċt agus an gáḃaḋ ina raḃa Alasdair, agus is é ní do rinne do léig glaoḋ mór as ag brosnuġaḋ na n-úaisle agus an tsluaiġ do ḃí i n-áit éisteaċta ḋó, agus is eaḋ aduḃairt:

"Is mór an náire dúinn an t-aon duine ag taḃairt ár gclú ḋínn do ġnáṫ, mar ḃristear ar an uile náṁaid róṁainn; ag sin Alasdair ar mbreiṫ buaḋa ar an ṁuinntir do ḃí ós a ċoṁair féin don ċaṫ agus tugaiḋ-se an adḃansa go gléasda grod-aṫlaṁ."

Do freagraḋ go fuireaċair an fógra sin ón árd-ġeinirél, ionnus naċ raḃa marcaċ nár ṫeann a ṡál re hasgaill a eiċ ná coisiḋe nár ċruaiḋiġ a ċéim go talcṁar troiġ-éasgaiḋ agus go sanntaċ so-láṁaiġ, ionnus go ndeaċadar imeasg a náṁad don ruaṫar sin, agus do [ 25 ]briseaḋ ar ṁaṫṡluaġ na náṁad gur cuireaḋ imeasg na gcoisiḋeaḋ iad.

Iomṫúsa Alasdar, do ṁoṫuiġ do ṁeirge ṁóir an ríog ag teaċt ar ċúl an reidsimeint do ḃí ag taḃairt troda ḋó. Annsin do ċuir gléas ar a ṁuinntir dá dtarraing amaċ as an ngarrḋa do ċum troda, agus táinic marcaċ ó Ṁuntrós ċuige faoi sin. Tug Alasdair a ḋaoine as an ġarrḋa, an ṁéid do ḃí inḟeaḋma ḋíoḃ; giḋeaḋ, do ḟágaiḃ seaċt ḃfir ḋéag do ḃí buailte, istiġ, dá ḋaoiniḃ uaisle nár ḟéad teaċt amaċ tairis ar marḃaḋ díoḃ. Do ċuir gléas troda ar an gcuideaċta agus do ionnsaiġ a náṁaid an feaċt tanaiste agus do ionnsaiġ Muntrós ar an láiṁ oile iad, ionnus gur ṫuit an reidsimeint sin tiġearna Laḃair agus urṁór ḟear Leoḋúis mar aon riú ’na rangaiḃ. Do leanaḋ an ruaig orṫa gur ṫeasairg Inḃear Nois an ċuid do ṫéarna as díoḃ, agus is ar éigin do ċuaiḋ Mac Coinniġ as ar eaċ, ar gcall a ḋaoine agus a ċlú. Dob’ iomḋa láṁ áṫasaċ do Ḋoṁnallaċaiḃ agus Ġórdónaċaiḃ do ḃí san láṫair sin, gan iomráḋ ar a heangnaṁ ná ar a hárd-ċosgar; aṁail adeir Muntrós ag teaċt ar an lá i n-áit oile, gurab aige féin do ċonnaic an seisear is mó do ġaḃ mire agus dásaċt caṫa go marḃaḋ daoine dá ḃfaca sé aige féin ná ag duine oile roiṁe nó ’na ḋiaiḋ; agus fá díoḃ Nataniel Górdón agus Raġnall óg mac Alasdar ṁic Alasdar ṁic Aonġuis Uaiḃriġ agus Mórṁaor Górdón féin, agus triúr oile gibé iad. I dtús saṁraiḋ tugaḋ an caṫ so Ailt Éirinn san ḃliaḋain 1645. Tar éis cur an ḃláir do léig siad a sgíos tamall i ndúṫaiġ Mórṁaoir Marsail do ḃí ’na ċoiḃineanntair agus ’na eascaraid ḋóiḃ.

Táinic Alasdair mac Colla go tráiġ do ṫógḃáil daoine ar Ġaoiḋealtaċt agus d’iarraiḋ Mic Giolla Eóin agus Eóin Ṁúideórdaiġ. Is ann do ċuir an Ċoṁairle Alban aċ arm ar a ċois agus Sinireil Béillí rómpa agus Mac [ 26 ]Cailín ’na gcuideaċt. Do ḃí sgéala aca sin go raiḃ Alasdair ag tráiġ. Do ċuireadar rómpa coinne do ṫaḃairt do Ṁuntrós ní is taosga ná ṫiocfaḋ Alasdair agus an ċuid oile do Ġaoiḋealaiḃ dá ċungnaṁ, agus tárla an ní sin. Tugadar coinne dá ċéile i nAlṗort .i. Sinireil Béillí agus Mac Cailín agus arm na Coṁairle Albanaiġe go líonṁar léir-ṫionóilte. Agus is iad so do ḃí i ḃfarraḋ Muntrós d’arm an ríoġ .i. Mórṁaor Górdón agus a ṁarcṡluaġ gléasta groiġ-éasgaiḋ, Górdónaċ ’na ḟoċair; agus Aonġus, mac ṁic Alasdar tiġearna Ġlinne Garaḋ san uair sin, agus a raḃa do Ċloinn Raġnaill ’na ḟoċair, agus fir Ḃáideineaċ agus pártaiġ d’ḟearaiḃ Áṫa-Fódla. Agus, ar ḃfaicsin a ċéile do na sluaġaiḃ, do ċuireadar gléas fíoċḋa fuaṫṁar fíor-aṫlaṁ orṫa leiṫ ar leiṫ. Do cuireaḋ ó arm an ríoġ buiḋean d’ḟearaiḃ Ḃáideineaċ d’ḟógra na deaḃṫa agus do ṫionnsgnaṁ na troda agus do cuireaḋ buiḋean oile ’na n-aġaiḋ sin ó arm na Párlamainte. Ann sin do laḃair aon do na coiḃineantairse re n-a arm féin agus is eaḋ aduḃairt: “Is gnáṫaċ leis na daoiniḃ atá in ḃur n-aġaiḋ tús gaċ ionnsaiġe do ḃeiṫ aca oraiḃ agus ná tugaiḋ-se an tosaċ sin dóiḃ indiu aċt ionnsuigiḋ iad go haṫlaṁ aigeantaċ;” agus do laḃair fear oile i n-arm an ríoġ .i. Mórṁaor Górdón: "Ná bíoḋ faitċeas ar aon agaiḃ naċ tiuḃra mise Béillí ċugaiḃ ar ṁuinéal a meaḋón a ċuideaċta.” Is annsoin tug an dá ċuideaċta sin dá ruaṫar reaċtṁar ro-ṫinneasnaċ i gceart-ċoṁḋáil a ċéile. Baoi do luas na mársála do rónsad go ndeaċaiḋ cuirp an dá arm ’na ċéile sul loisg an dá ṗártaiġ do ċuaiḋ uaṫa do ḋúsgaḋ na troda aon urċar ar a ċéile, gurab é ní do rónsad béil a ngunnaḋ d’iompóḋ ar ċorp an airm agus an lád do ḃí ionnta do ṫaḃairt dóiḃ agus is uaṫa táinic an t-urċar tubaisteaċ lér ṫuit Mórṁaor Górdón agus é [ 27 ]ag cur a láiṁe san ċrios cloiḋiṁ do ḃí fá ḃráġaid Sinireil Béillí. Do ḃádar na sluaiġ i ndosánaiḃ a ċéile san uair sin, an maṫṡluaġ agus a ngruaga i ndornaiḃ clé a ċéile agus iad ag gaḃáil dá bpiostalaiḃ i gcloigniḃ aroile agus an sluaġ coise gan fios aca créad do-ġéindís ó ḃuaiḋreaḋ a n-eaċ. Do b’ḟiaḋain air sin Alasdair mac Raġnaill ṁic Ailín, óir is é féin agus Ailín Óg mac mic Alasdar do b’oifigiġ don Ċloinn Raġnaill do ḃí san láṫair-se, óir do ḃí mac mic Alasdar féin san trupa fare Muntrós. Adeir Alasdair mac Raġnaill go raḃa féin tamall agus bior-ḋias a ċloiḋiṁ re lár gan fios aige cia ar a mbuailfeaḋ buille gan aiṫne aige ar ċaraid seaċ náṁaid. Do ḃádar mar sin nó gur sgairt an t-oifigeaċ tapaiḋ Maiġer Lidas san teangaiḋ Ḃéarla na heiċ uile do ṡearruġaḋ. Níor ċuala an focal sin aon ṁarcaċ nár ġlan a eaċ féin amaċ ó n-a coisiḋṫiḃ. Ó sin amaċ fuair an uile ḋuine cumas feaḋma do ḋéanaṁ le n-a láiṁ agus le n-a loinn agus níor leigeaḋ aiṫ-iompóḋ do ṁarcṡluaġ na gcoiḃineantairs aċt a leanṁain ar a ndruim dá síor-ṁarḃaḋ. Do ċuir tuitim Ṁórṁaoir Górdón do ċráḋ orṫa gur ḟógradar gan ceaṫraṁa do ṫaḃairt do ḋuine ar biṫ an lá sin. Níor ḟill duine ar bioṫ ón ruaig do ṁaiṫṡluaġ Ṁuntrós nó gur sgíṫ a n-eaċraḋ, agus do ḃí tiġearna Ġlinne Garaḋ ’s an ruaig aige ar Marcós Earr-Ġaoiḋeal nó gur sgíṫiġ eaċ faoi agus é i n-áite fraḋairc[2] ḋó do ġnáṫ gur ṁalairt an Marcós trí heiċ an lá sin ag teiċeaḋ roiṁe go ndeaċaiḋ as le luas a eaċraiḋe.

Iomṫúsa Alasdar ṁic Colla do ġluais sé ó ṫráiġ agus ó na Garḃ-ċríoċaiḃ agus cuideaċta ṁór ṁaiṫ leis, .i. a raḃa ag baile ag Eóin Múideórdaċ do ḋaoiniḃ óga a ḋúṫċa agus a ċiniḋ agus Doṁnall a mac rompa agus [ 28 ]Clann Ġiolla Eóin ó Ṁuile agus Stiuḃardaiġ na hApann agus Clann Ġriogóir agus foireann oile. Ar rioċtain dóiḃ campa Muntrós do ḃí fáilte ṁór agus lúṫġáir ag Muntrós agus ag cáċ oile rómpa. Do taisbénaḋ gaċ cuideaċt ar leiṫ d oḃ don Ġinireil agus tug an ċuideaċt sin mic Eoin Ṁúideórdaiġ (do taisbénaḋ) .i. Doṁnall, fear mánda croṫaċ náraċ neaṁṡotalaċ i ḃfiaḋnaise a ċarad an fear soin agus é neartṁar neaṁsgáṫṁar ar aġaiḋ a eascarad agus i gceann a ḟiċead bliaḋna dá aois fán am soin. Tárla coṁráḋ an oiḋċe sin i dteint an Ġinireil eidir an Ginireil agus an maiġeir gionaral, .i. Alasdair mac Colla, go nduḃairt Muntrós nár ṁór an ċuideaċt do Ċaiptín Ċloinne Raġnaill gan líon creiċe do ṫaḃairt isteaċ go harm an ríoġ [agus] do ċur le n-a ṁac ċuige. Do ḟreagair Alasdair gur ċuir sé sin leis. Do éiriġ Alasdair as an teint amaċ agus ráinic an lóisdín ina raḃa Doṁnall agus do ráiḋ ris: “A Ḋoṁnaill, a ṁic,” ar sé, “déin ullṁuġaḋ do ṁuinntre do ċum creaċ do ṫaḃairt don ċampa agus bídís réiḋ agad go gluasaċt ar maidin amáraċ agus ní raċa leat aċt do ṁuinntir féin agus luċt eoluis don tír dá mbí ar n-orduġaḋ.” Do fuaradar a n-orduġaḋ ar maidin ’na diaiḋ. Tugadar creaċa móra don ċampa i n-aimsir aṫġoirid dó. Do ṫaitin sin le Muntrós agus leis an arm uile, ionnus gur b’é Doṁnall agus a ṁuinntir is mó do rinn creaċa dá raiḃ san arm uile. Cuid d’aḋḃaraiḃ na gcreaċ sin do ṫuit air tar daoiniḃ oile, do ḃíoḋ mórán do Ġaoiḋealaiḃ oile do ċurṫaoi do ṫógḃáil ċreaċ ag imṫeaċt leis na creaċaiḃ do-nídís d’ionnsaiġe a dtíreaḋ féin gan ċead dá nginiral. Ní ḋéanaḋ mac Eóin Ṁúideórdaiġ an ní sin, óir ní léigfeaḋ neaċ dá ṁuinntir le creiċ ná le coḃartaċ uaḋa, agus aḋḃar oile, nár ḃ’urusda da ṁuinntir d’ḟearaiḃ na n-oilén teaċt le creaċaiḃ d’ionnsaiġe a dtíorṫa féin ón Ṁaċaire Ġallda. [ 29 ]Ó na haḋḃaraiḃ-se do ṫuit trom na gcreaċ do ċur don ċampa ráiṫe an tsaṁraiḋ sin air. Tug sé creaċ ṁór a dúṫaiġ Ṁórṁaoir Ṁarsal agus creaċ ó Maċaire Aonġuis agus is é do ċreaċ an Ṁaoirne. Tárla seanduine onóraċ dóiḃ agus iad ar an ċreiċ sin do ḃí ag innisin sgéala is seanċais dóiḃ. I gceann gaċ sgéil eile dár innis dóiḃ aduḃairt nár creaċaḋ an Ṁaoirne ón aimsir do creaċaḋ le Doṁnall a hÍle í an ḃliaḋain tug sé caṫ Garḃṫoċ do Ḋiúiḃċe Murċaḋ, “agus saoilim, a ógánaiġ, gur ar slioċt na ndaoine atá siḃ-se, ma’s siḃ caiptín Ċloinne Raġnaill."

’Mán am so do ċruinniġ Coṁairle na hAlban i gceann a ċéile. Do ṁeas[3] siad gur nár agus sgannalaċ ḋóiḃ pártaiġ ḃeag airm do Ġaoiḋealaiḃ do ċíosaċaḋ na ríoġaċta. Uime sin do ċuireadar cruinniuġaḋ ar ṡluaġaiḃ na ríoġaċta uile an ṁéid do ḃí ionairm ḋíoḃ. Do ġluaiseadar i ndiaiḋ Muntrós agus Ġaoiḋeal an mórṡluaġ sin na hAlban, a n-uaisle agus a n-oifigiġ, a marrsceannuiḋe agus mairnéalaiġ, ionnus go raiḃe cúig míle maraiḋe ’na gcuideaċta nár ṫroid ar tír riaṁ gus an uair-se. Anuair do ṁoṫuiġ an beag-ṡluaġ sin Ríoġ Breatan agus Ġaoiḋeal an ní sin do ċuireadar gléas coiṁéada orṫa féin dá ndídean ó ṫír go tír agus ratréta orṫa gaċ aon lá agus imṫeaċt ar éigin aca-san ’gá ḋéanaṁ go hurrunnta eolgasaċ.

Lá ḋóiḃ ó Ċoill Ṁeaḋóin agus ratréta go teann agus imṫeaċt ar éigin aca, do b’é lá fá mó an t-arm náṁad do ċonncadar riaṁ ’na ndiaiḋ. Tárla do ṁac Eóin Ṁúideórdaiġ agus dá ṁuinntir a ḃeiṫ san rírar an lá agus an maiġeir sinireil ag seasaṁ a ṗosda féin ar aon riú agus troid do ġnáṫ ag a náṁaid do ċongḃáil orṫa. Do ḃí aon ṁarcaċ arranta roiṁ ċáċ ag teaċt isteaċ do [ 30 ]ṡíor ionnta ionnus naċ teangṁaḋ béal áṫa nó aḃainn riú naċ cuirfeaḋ an marcaċ sin buaiḋreaḋ mór ionnta agus dar le a ṁuinntir agus leis féin gur ḃ’é aon láṁ ḟeaḋma na hAlban é (Coirnilar do b’ainm agus do b’oifig ḋó).[4] Tug sé a trí nó ceaṫair do na heaċaiḃ bagáisde díoḃ an lá sin. Do ḃí Aonġus mac Ailín Duiḃ ar deireaḋ a cuiḋeaċta féin ar muin eiċ gan ṗillín gan diallad agus gunna fada trasda ’na uċt ar a ḃéalaiḃ; ní do ṁuin eiċ fá gnáṫ leis congnaṁ do ḋéanaṁ aċt dá ċois. Dar leis gur ṁoṫuiġ an marcaċ ag déanaṁ uair nó ḋó air. Uair d’uairiḃ dá dtáinic i ndiaiḋ Aonġuis tug Aonġus an ċos re lár agus do léig a eaċ féin uaiḋ, do ċuir a ġunna ar ċloiċ go haṫlaṁ agus do loisg an t-urċar agus do ṫuit fear an trusgáin deirg fó ċosaiḃ a eiċ le a sgarbaiḃ sróil agus le’ lásdaiḃ airgid. Tug a ṁuinntir gáir mór dá ċaoineaḋ; do faoḃuiġeaḋ é agus fágḃaḋ ann sin, agus ní ṫáinig an náṁaid ní buḋ dána ná sin orṫa an lá sin ná an lá ’na ḋiaiḋ. Do ḃádar ar an orduġaḋ sin a trí déag ná ceiṫir déag do laoiṫiḃ gan suaiṁneas ar bioṫ aċt ruaig do ġnáṫ orṫa, Muntrós ag déanaṁ díċill gliocais d’ḟéaċain an ḃféadfaḋ an t-arm mór do ḃí ’na ḋiaiḋ do sgíṫiuġaḋ ar ḃaraṁail go sgaoileaḋ cuid díoḃ uaṫa i ndóiġ go ḃféadaḋ blár do ṫaḃairt dóiḃ, giḋeaḋ do ḃí na saiġdiuirí dá sgíṫiuġaḋ le díṫ bíḋ agus codalta. Ar dteaċt i ngar do Ċill Saiḋḃe dóiḃ ar siuḃal oiḋċe do ġaḃadar campa agus longṗort san ionaḋ sin. Moċ na maidne ar n-a ṁáraċ créad do-ċídís aċt an t-arm mór, eidir marcṡluaġ agus coisiḋṫe. Is é ní do ḃí ann gur ḃ’éigean d’arm an ríoġ an campa d’ḟágḃáil gan ḟeóil gan arán do ċaiṫeaṁ, má ḃí sé aca, agus gléas troda nó teiċiḋ do ċur orṫa. Ar dtarraing na gcuideaċt, do ċuadar a n-uaisle agus a [ 31 ]n-oifigiġ i gcoṁairle cia aca do-ġéanaidís blár do ṫaḃairt ná an rátrét. Do iarr Muntrós an ċúis do léigean faoi ḃreiṫeaṁnas na saiġdiúire agus an airm uile. Is é ní aduḃairt an sluaġ uile d’aiṫeasg aoinḟir gur ḃ’ḟearr blár do ṫaḃairt ar ṁéad a ċunntaḃairt ná ruaig do ḃeiṫ orṫa do ló agus d’oiḋċe do ġnáṫ. Cuireas Muntrós trompadóir d’ionnsaiġe an airm ṁóir le sgéala go ḃfaiġdís maċaire do ċongḃáil riú. Mar do ċuala an mórṡluaġ sin, buḋ ṁór a meanmna, ionnus gur léigeadar gárṫa móra aoiḃnis agus lúṫġáire ós áird asta. Do cóiriġeaḋ i n-eagar agus i n-orduġaḋ iad: Do cuireaḋ trí ṁíle do luċt píceaḋ agus ṁosgaḋ ar a mbéalaiḃ ar trí sgonnsaiḃ agus do táirngeaḋ aon ṁíle déag fear ’na mbataillénaiḃ ar a ċúl sin, agus dar leat buḋ cruaiḋ an obair do ḃeagán buiḋne aġaiḋ do ṫaḃairt orṫa ’mán am sin. Do cóiriġeaḋ caṫ cosantaċ cruaiḋ-ċroiḋeaċ glan-armaċ Gaoiḋeal agus is é a n-uiṁir ceiṫre míle coisiḋe agus cúig céad marcaċ. Is é inneall do ċuireadar orṫa coslomnoċt agus a léinte i ngaḃal gaċ aoin aca agus léinte geala ar uaċtar earraḋ a marcṡluaiġ.

Do ġluaiseadar na foirne fearaṁla fearg-aiḋḃseaċ sin i n-aġaiḋ ṁosgaḋ agus ṁór-ġunnaḋ bádar re n-a n-uċt san uair sin. Do ṫionnsgain an troid le toġa reisimeinte do Ġaoiḋealaiḃ Éireannaċ agus Albanaċ do ḃí tiúnta ar láṁaċ agus teaġṁa ar troid agus máidseoir Laċannáin rompa agus Alasdair mac Colla ’gá ngreasaċt. Do ḃí dá reidsiment oile re reilíf do ṫaḃairt d’Alasdair agus don ḃuiḋin do ċuaiḋ síos ar dtús .i. reidsiment Ṁic Giolla Eoin agus reidsiment Ḋoṁnaill ṁic Eoin Ṁúideórdaiġ, aċt do b’ḟoisge do ṫroid do ṫaḃairt Clann Ġiolla Eoin do ṫaoḃ a n-orduiġṫe ná Clann Raġnaill agus do ḃí do ṫeas na troda ar Máidseoir Laċannáin gur sgairt Alasdair mac Colla go deifireaċ reilíf. [ 32 ]Tárla cáil ḟeiċeaṁnais san uair sin eidir Doṁnall mac Eoin Ṁúideórdaiġ agus Doṁnall mac Eaċain Óig Ṁic Giolla Eoin um ṫosaċ dul síos, giḋeaḋ gearrais Clann Raġnaill an tsliġe tar ḃráġaid Ċlainne Giolla Eoin agus do ionnsuiġ na sgonnsaiḋe ar a raḃa an náṁaid Doṁnall mac Eoin Ṁúideórdaiġ re n-a ṁuinntir agus Pádraig Caoċ Mac Griogóir agus a ṁuinntir i n-aon reidsimeint agus Clann Raġnaill. Tugaḋ an t-asált d’aoinréim le harm raṫṁar Ríoġ Breatan san uair sin agus is é an mac sin Eoin Ṁúideórdaiġ ċéad duine do léim sgonnsa na námad díoḃ agus a ṁuinntir ’na ḋiaiḋ. Do cuireaḋ ’na ruaig ṁaḋma imeasg an tsluaiġ ṁóir do ḃí re n-a gcúl iad agus do leanadar cáċ go dian dásaċtaċ iad agus do ḃris ar an sluaġ ṁór uile go raḃadar feaḋ an laoi i ruaig orṫa dá leadairt agus dá lán-ċosgar agus ar gcríoċnuġaḋ ar gcur an ḃláir do ġaḃadar campa in Hamaltún agus táinic eoċraċa an ċaisléin ṁóir ó Ḋún Éidin ċuca agus do stríoc Alba uile ḋóiḃ.

Do ġeiḃinn mórán re n-a sgríoḃaḋ do sgéalaiḃ ar ġnóiḋiḃ na haimsire dá gcuirfinn roṁam é, aċt is é tug orm an oiread so féin do sgríoḃaḋ, mar do ċonnairc mé gan iomráḋ ar bioṫ ar Ġaoiḋealaiḃ ag an sgríoḃnóiríḃ atá ag teaċt ar ġnóiḋiḃ na haimsire, an ṁuinntir do rinne an tseirḃís uile.

Iomṫúsa Ṁarcóis Ṁuntrós do ġluais agus cuid dá arm leis ar sliġiḋ dul go Sagsain do ṫaḃairt reilíf don ríġ agus é i n-éigean ag Sagsanaċaiḃ, agus do briseaḋ ag Filipfáċ air agus níor ḟéad furtaċt do ṫaḃairt don ríġ.

Táinic Alasdar mac Colla ó ċampa Hamaltún go Cinntíre agus do ġlan dó féin í agus do ḟógair aiste Clann Ṁeig Ḋuiḃne. Do ṫógaiḃ Dún Áḃartaiġ mar ḋaingean. Táinic Doṁnall mac Eoin Ṁúideórdaiġ ón [ 33 ]ċampa sin Hamaltún dá ṫír féin agus do ḃí Muntrós ag teaċt ón ḃriseaḋ [sin] Filipfáċ san taoḃ a dtuaiḋ agus ar ṁair aige do ḋaoiniḃ. Ar an seol sin dóiḃ seal d’aimsir: Muntrós san taoḃ ṫuaiḋ d’Albain agus Alasdair mac Colla i gCinntíre ag cur díṫe ar Earr-Ġaoiḋeal agus ar Ċoṁġall agus ar na críoċaiḃ agus Eoin Múideórdaċ ’sna Garḃ-ċríoċaiḃ i dteannta re tráiġ. Do ċuaiḋ Eoin Múideórdaċ agus a ṁac Doṁnall go hÍle agus a ḃfeaċt féin leó agus do ḟógradar aiste a raḃa do Ċloinn Ṁeig Ḋuiḃne innte.

Fán am sin táinig Iarla Aontroma a hÉirinn do Ċinntíre d’ḟios an airm sin do ḃí aige féin innte agus do ċuir fios ar a raiḃ mar aon re Muntrós agus tángadar sin ċuige don ċéad iarraiḋ. Táinig ḋe sin Muntrós do ḋul as an ríoġaċt d’iarraiḋ conganta ar ríoġaiḃ agus ar ṗrionnsaíḃ oile do ċongnaṁ le Ríġ Séarlus agus ar ḃfilleaḋ dó ón turus sin do milleaḋ go heasonóraċ le Coṁairle na hAlban leis na Coiḃineantairsi é féin agus Marcós Hunntlí agus mórán d’uaisliḃ oile do ḃí ar ṫaoḃ an ríoġ.

Do ċruinniġ cuid ṁaiṫ d’uaisliḃ Inse Gall go hIarla Aontroma, mar tá, Clann Ġiolla Eoin agus Clann Raġnaill. Do ḃádar ar tí airm do ċur ar ċois arís i leiṫ an ríoġ. San aimsir ċéadna táinic orduġaḋ an ríoġ go hIarla Aontroma sgaoileaḋ do léigean don arm, óir do ḃí an rí san am sin ar láiṁ ag á náiṁdiḃ .i. Párlameint Ṡagsan agus Alban d’aon-láiṁ ’na aġaiḋ. Do Léig Iarla Aontroma sgaoileaḋ don arm, agus do ċuaiḋ féin d’Éirinn.

Do an Alasdair mac Colla i gCinntíre agus do-roiġn ḋ daiġneaċ[5] innte agus i nÍle. Do ḟuiḋ na Gaoiḋil oile do ḃí i leiṫ an ríoġ i dtimċeall a ḃfearann féin ’gá seasaṁ ar náṁaid. [ 34 ]Tángas ’má gcuairt orṫa fá ḋeoiḋ le harm mór Sir Dáḃad Leislí agus Ṁic Cailín. Go Cinntíre ḋóiḃ gan braṫ d’ḟaġáil ar a mbeiṫ ag teaċt nó go rángadar an Learg, áit ina raiḃ Alasdair agus a ṁuinntir sgaoilte ó n-a ċéile. Do cuireaḋ as a ċéile an ċuideaċt sin Alasdar. Do gaḃaḋ Raġnall Óg mac Alasdar ṁic Aonġuis agus do cuireaḋ go bás i nInḃear Áġráṫ é tamall ’na ḋiaiḋ sin.

Do ċuaiḋ Alasdair mac Colla go hÉirinn agus do marḃaḋ i gCnoc na nDos é agus mórán d’uaisliḃ oile do Ċloinn Doṁnaill san gcaṫ tug Murċaḋ Ó Briain dóiḃ san ḃliaḋna 1647.

Táinic an t-arm mór so Ḋáḃad Leislí agus Ṁic Cailín leo go hÍle agus go Muile agus do stríoc an uile ḋuine ḋóiḃ aċt Eóin Múideórdaċ ’na aonar agus ar ġaḃ leis.


  1. .i. Mac Cailín, iarla Earr-Ġaoiḋeal.
  2. .i. i n-áit raḋairc.
  3. ṁios, Téx.
  4. aliter (’seaḋ buḋ ainm ḋo Coirnilas.)
  5. = do-rinne daingneaċ