Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

17

an t-arm biaḋ agus lóisdméad ann agus do ċuireadar fios ar Aonġus ṁac Ailín Duiḃ go láṫair na coṁairle .i. duine uasal d’ḟearaiḃ Ġlinne Coṁan. Do ċuir Muntrós ceist ar Aonġus nár ḃ’eólaċ ann i dtíorṫaiḃ Ṁic Cailín nó an ḃfuiġeaḋ an sluaġ biaḋ nó foslongṗort ionnta san ġeiṁreaḋ. Do freagair Aonġus an mórṁaor agus is eaḋ aduḃairt naċ raiḃ baile ná leaṫ-ḃaile fá ṫiġearnas Ṁic Cailín nár ḃ’eól dó agus, dá ḃfóġnaḋ tiġṫe díonaċa agus ba reaṁra mar ḃiaḋ re caiṫeaṁ ionnta, go ḃfuiġeaḋ dóiḃ é. Do ṫaitin an freagra ris an marcós agus do aoṁ triall d’Earr-Ġaoiḋeal. Do ġluais an sluaġ a Bráiġe Áṫa-Fódla agus do ċuadar go hApainn an Ṁeinnéiniġ agus do loisgeadar í agus as sin dóiḃ go ceann Loċa Táṫa agus do loisg siad ar gaċ taoḃ ḋe agus táinic Clann Ġriogóir agus Clann an Aba ċuca do ċungnaṁ le harm an ríoġ. Do cuireaḋ Eóin Múideórdaċ agus a ṁuinntir féin agus fir an Ḃráġad ar sliġiḋ ar leiṫ ón ċuid eile don arm do ḋéanaṁ creaċaḋ ar feaḋ gaċ tíre, ionnus nár ṫárla re Muntrós é go rángadar Cill Ṁártain i nGlasraiḋ, agus tug an ċuideaċta sin míle bó ar aon-ḟiuḃaḋ do ċreiċ isteaċ go campa Ṁuntrós. Ní ḟuil re ráḋ air aċt gur creaċaḋ agus gur loisgeaḋ tíorṫa Ṁic Cailín don toisg-sin agus gur marḃaḋ oċt gcéad agus ceiṫre fiċid agus cúig fir déag ’sna tíorṫaiḃ gan ḃlár gan ṁaċaire do ṫaḃairt ionnta. Do ġluais an t-arm a hEarr-Ġaoiḋeal tar an Ċonġail Laḋarnaiġ ag siuḃal gaċ tíre go rángadar Inḃear Lóċaiḋ i Loċ hAbar.

Ní raiḃe Mac Cailín díoṁaoin, óir do ċuir sé iarraiḋ ar ṫiġearna Aċaiḋ na mBreac as Éirinn ċuige, óir do ḃí i nÉirinn ó ṫosaċ an ċogaiḋ agus dúṫaiġ Iarla Aontroma aige agus a bailte móra ar a láiṁ agus arm ’na ṡeasaṁ aige ionnta. Do ċuaiḋ an marcós[1] féin go Dún Éidin


  1. .i. Mac Cailín, iarla Earr-Ġaoiḋeal.