Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

16

faiṫċe an Ċaisléin Tirim, agus do ċuir sé Doṁnall a ṁac le cuid don ċreiċ sin do ċum na mbárd do ḃí ar Ċaislén Ṁíoḋairiḋ. Agus san am ċéadna táinic Alasdar mac Colla anuas ó Ṁuntrós do ṫaḃairt relís do Ċaislén Ṁíoḋairiḋ; agus tárla Alasdar agus Doṁnall mac Eóin Ṁúideórdaiġ dá ċéile ann agus fá lúṫġáireaċ iad fá n-a ċéile d’ḟaicsin, óir do b’é sin tús a n-eólais ar a ċéile. Tángadar as sin don Ċaislén Tirim. Ar ḃfágḃáil aṫruġaḋ bárd ar Ċaislén Ṁíoḋairiḋ, do ġluais Eóin Múideórdaċ agus iad féin d’Árasáig agus do Ṁórṡrón agus do ċuireadar teaċta d’ionnsaiġe Mic Leóid dá iarraiḋ air teaċt isteaċ i n-arm an ríoġ do réir a ḋliġiḋ agus do ḋiúlt sé ḋóiḃ agus tángadar do Ċnóideórd agus tárla Aonġus mac mic Alasdair riú annsin, agus do ḃádar ag iarraiḋ air éirġe agus ní ḋearna san uair sin. Gioḋ eaḋ, do éiriġ Doṁnall Gorm, dearḃráṫair a aṫar, leó agus an ċuid buḋ ṁó d’ḟeariḃ Ċnóideórd agus Ġlinne Garaḋ. Do ṫrialladar ó ċeann Loċa Neiṁeis amaċ Mám Ċloċ Árd go Loċ hAbar agus don Ḃráiġe, agus do éiriġ Doṁnaill glas mac mic Raġnaill agus fir an Ḃráġad leó, agus táinic Stiuḃardaiġ na hApan ċuca ann soin agus Clann Eaáin Ġlinne Coṁan agus fir Ġlinne Neiṁeis agus a raiḃ taoḃ ṫoir do Lóċaiḋ do Ċloinn Ċamṡróin. Do ġluaiseadar as soin go Báideineaċ agus tar ṁonaḋ Ḋruim Uaċtar agus go Blár na hÁṫa- Fódla, agus tárla Marcós Muntrós riú annsin agus fá buiḋeaċ é don toiċeastal sluaiġ sin do cuireaḋ le hEóin Múideórdaċ ċuige do ḋéanaṁ seirḃíse a ríoġ ṡaoġalta. Do cuireaḋ coṁairle cogaiḋ ’na suiḋe san ḃall sin d’ḟéigsin c’áit a gcaiṫfeaḋ siad an geiṁreaḋ. Is é ṡaoileaḋ an sinireil gurb ar Ġalldaċt dob’ ionċaiṫṁe an geiṁreaḋ agus do ṁeas cáċ gurb ar Ġaoiḋealtaċt fá daingne ḋó an t-arm do ḃeiṫ. Do aontuiġ Muntrós an ní sin ar ċoinġeall go ḃfuiġeaḋ