Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

15

Muntrós dóiḃ i mBlár an Áṫa-Fódla i gcruṫ ceannuiḋe cláraiġe agus máilín fá n-a ḃráġaid ar dteaċt ó Ṡagsain agus orduġaḋ an ríoġ leis um ginléireaċt na harmáile do ḃeiṫ aige agus Alasdar mac Colla ’na ṁáidseoir sinireal aige agus do ġlacadar go toileaṁail ċuca é. Do ġaḃ urṁór fear Áṫa-Fódla leó, Clann Donnċaiḋ agus Stiuḃardaiġ Áṫa-Fódla. Do ḃí tosaċ an ḟoġṁair aca ’mun am sin, agus do ġluais do ċum an Ṁaċaire Ġallda. Tug armáil ṁór do na Coinḃineantairsi coinne ḋóiḃ i ngar do Ṗeirt ina raiḃ oċt míle fear agus ní rángadar féin dá ṁíle coisiḋe do ṡluaġ, aċt giḋeaḋ rugadar buaiḋ orṫa; ní ḋeaċaiḋ as díoḃ aċt a rug luas eaċ uaṫa. Do ġaḃadar Peart agus do baḋ éadálaċ ionnṁusaċ iad tar éis an ċaṫa soin Ṗeirte. Ní raḃa aċt cúig lá déag eidir an caṫ sin do ṫaḃairt agus caṫ eile do ḃriseaḋ ag Obair Ḋeaḋain ar na Coiḃineantairsi, áit a ḃfuaradar cumasg cruaiḋ agus troid ṫeann torann-ḃorb. Do ṁéaduiġ buaiḋ an dá ċaṫa sin misneaċ agus meanmna Ġaoiḋeal ó sin amaċ, ionnus naċ tugdís cúl do náṁaid ar ċomṫrom ná ar anċoṁṫrom.

Tárla do Ṁac Cailín, .i. Iarla Earr-Ġaoiḋeal, a ḃeiṫ ’na ċeann don Ṗresbitrí agus ’na urraiḋ ṁóir do na Coiḃineantairsi agus i n-aġaiḋ an ríoġ agus táinic sé d’Árd na Murċon agus do ċuir sídsi má ċaislén Míoḋairiḋ agus níor ċinn leis a ṫaḃairt amaċ. Táinic Eóin Múideórdaċ ón Ċaislén Tirim d’ionnsaiġe an ċampa sin Ṁic Cailín ar iarradas Ṁic Cailín, óir fá dóiġ le Mac Cailín go n-éirġeaḋ Eóin Múideórdaċ agus Clann Raġnaill leis ’na arm féin i n-aġaiḋ airm an ríoġ. Ní fada dó san ċampa: do ḟill tar ais agus do ṫionóil feaċt Uiḃist agus Eige, Ṁúideórd agus Árasáig agus is í céad ṡeirḃís do rinneaḋ leó .i. Súineórd do ċreaċaḋ gan ḃó gan ċaora d’ḟágḃáil innte agus a dtaḃairt go