Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

18

dá ċasaoid re Coṁairle na hAlban naċ raiḃ Muntrós nó Alasdair mac Colla ag fuireaċ ris do ċum caṫa do ṫaḃairt dóiḃ agus do ċuireadar reisimeint ċúig céad leis do ṡaiġdiúiríḃ mar ċungnaṁ agus mar fiaḋain. Táinic tiġearna Aċaiḋ na mBreac as Éirinn ċuca agus do ġaḃ mire agus dásaċt é mar fuair sé ar n-a losgaḋ agus ar n-a creaċaḋ a ḋúṫaiġ ar a ċionn. Do ċruinniġ sé Clann Ṁeig Ḋuiḃne go líonṁar léir-ṫionóilte agus do ṫrialladar ar lorg an airm sin Ṁuntrós agus Alasdar ṁic Colla, aċt, ar dteaċt do Ṁuntrós go hInḃear Lóċaiḋ, táinic Sir Loċlainn Mac Giolla Eóin ċuca ann agus Aonġus mac mic Alasdar, tiġearna Glinne Garaḋ, aċt do ḃí daoine mic ṁic Alasdar san arm roiṁe sin do ġnáṫ agus, ar ngluasaċt as Inḃear Lóċaiḋ don taoḃ tuaiḋ, ní fada do ċuadar anuair táinic sgéala ċuca go dtáinic Mac Cailín agus a ṁór-ṡluaġ sin go hInḃear Lóċaiḋ agus gur loisgeadar Bráiġe Loċa hAbar. Do ḟilleadar a Cill Ċuimín i n-Obair Ṫairḃ an t-arm sin Ríoġ Séarlus san uair sin agus Marcós Muntrós ’na ġeinilear aca agus Alasdair mac Colla ṁic Giolla-Easbuig ’na ṁaiġeor ginireal agus na huaisle sin Ċloinne Raġnaill agus Ċloinne Doṁnaill .i. Eóin Múideórdaċ mac Doṁnaill ṁic Ailín agus a ṁac Doṁnall agus Aonġus mac mic Alasdar, tiġearna Glinne Garaḋ, agus a gcineaḋ agus a ndaoine muinntire féin leó, agus na trí reisimeinte Éireannaċa do ḋearḃ-ḋaoine muinntire Iarla Aontroma do ḃí ann, a gcinn feaḋna féin rompa .i. Corneil Séamus mac Soṁairle ṁic Ṡéamuis na Banna ṁic Ṡoṁairle Ḃuiḋe agus Raġnall Óg mac Alasdar ṁic Alasdar ṁic Aonġuis Uaiḃriġ, agus Máġnus mac an Ġiolla Ḋuiḃ Í Ċaṫáin, dearḃ-ċoṁalta Iarla Aontroma. Do ṫaoḃ Mic Giolla Eóin Sir Loċlainn, ní raiḃe do ḋaoiniḃ ’na ḟoċair aċt tuairim dá ḟear ḋéag dá ṁuinntir dá ċoiṁideaċt. Do ḃí duine maiṫ ann d’uaisliḃ Alban .i.