Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

19

Mórṁaor Oglabí agus a ṁac, duine gasda, .i. Sir Tómós Do ġluaiseadar ó Ċill Ċuimín tar Láirc Ṫurraid agus isteaċ go Gleann Ruaiḋ agus tairis an Sbeaṫain agus tárla pártaiġ don náṁaid ḋóiḃ ann soin agus do leansad iad agus do marḃaḋ a n-urṁór agus an droig do ċuaiḋ as díoḃ tugadar sgéala don ċampa agus do ḃí anmoċ Dia Saṫrainn ar dteaċt orṫa an tráṫ rángadar ar ċoṁair a náṁad. Do ċuaiḋ an sluaġ [sin] Ṁic Cailín ar a gcoiméad agus do ḃí foraire gaċ sluaiġ ḋíoḃ ag láṁaċ ar a ċéile ar feaḋ na hoiḋċe. Do ċuaiḋ Mac Cailín féin ’na luing agus do ḟágaiḃ tiġearna Aċaiḋ na mBreac re haġaiḋ na hiorġaile, aċt i ḃfíor-ṫosaċ na maidne do cóiriġeaḋ na caṫa i n-eagar agus i n-órduġaḋ Dia Doṁnaiġ Lá Ḟéile Briġde an ċéad lá d’earraċ Anno Domini 1645. Do cuireaḋ amaċ a harm an ríoġ cuideaċta agus Máġnus mac an Ġiolla Ḋuiḃ Í Ċaṫáin rompa, agus do cuireaḋ cuideaċta eile ’na n-aġaiḋ as arm Ṁic Cailín agus Giolla-Easbuig mac Giolla-Easbuig Óig, tiġearna na bPingingeaḋ. Tug an dá ṗártaiġ troid dá ċéile. Níor ḃ’ḟada gur briseaḋ ar an ṗártaiġ sin airm Ṁic Cailín gur cuireaḋ ’na gcorp féin go haiṁḋeónaċ iad. Do ċuaiḋ corp an airm tríd a ċéile ḋe sin, tugaḋ an adḃannsa orṫa agus do briseaḋ uile. Do marḃaḋ urṁór an tsluaiġ agus do báṫaḋ iliomad díoḃ ar ḃun Neiṁeis. Do marḃaḋ tiġearna Aċaiḋ na mBreac agus tiġearna Ċáraduil agus Próḃisd Ċille Munna. Do gaḃaḋ tiġearna an Ḃáirr Ḃric, tiġearna óg Ċáraduil, Mac Íoṁair na Pinginge Móire. Do gaḃaḋ an ċuid nár marḃaḋ do ċineaḋ Ṁic Cailín uile an lá sin. Easḃaḋ airm an ríoġ .i. Tómós mac Mórṁaoir Óglabí, Caiptín Brain agus seisear do ṡaiġdiúiríḃ.

Gluaisis Muntrós tar éis an ċaṫa sin agus arm an ríoġ don taoḃ a dtuaiḋ agus táinic Mac Coinniġ .i.