Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

20

Iarla Síoṫṗort ċuca agus tug a ḃriaṫar go dtiocfaḋ féin agus a ḋaoine leis i n-arm an ríog dá ċuidiuġaḋ. Do ċuir sé tionól agus tiomsaċaḋ ar a muinntir a Leoḋús agus as gaċ tír oile dá raḃ aige. Iomṫúsa Montrós do ċaiṫ sé an t-earraċ ins an taoḃ a dtuaiḋ ag neartuġaḋ a airm féin agus táinig na Górdónaiġ dá gcoṁmóraḋ agus Mórṁaor Górdón mac Marcós Huntlí agus dob, ḟeirrde iad. Fán am sin táinig arm na Coṁairle Alban as an taoḃ a ndeas; agus táinic Mac Coinniġ agus a arm féin ó ṫráiġ fear Leoḋúis agus an oirir a dtuaiḋ. Is é ní do rinne Mac Coinniġ féin agus a ṁuinntir dol d’ionnsaiġe airm na Parlameinte agus a ḟocal do ḃriseaḋ ar Muntrós agus ar arm an ríoġ. Tárla ag Alt Éirinn Muntrós agus arm an ríoġ ’mán am sin agus Mórṁaor Górdón agus a ṁaṫṡluaġ agus a ṡluaġ coise. Táinic Natanial Górdón ón ḃ’foraire ċuca agus tug sgéala ḋóiḃ go raḃa an náṁaid i ngar dóiḃ; marcaċ maiṫ an fear sin, láṁ ḟuilteaċ áṫasaċ; an Górdónaċ Caoċ ainm eile ḋó.

Do cóiriġeaḋ caṫa gléasta glan-armaċa Gaoiḋeal ar ċomair a n-eascarad agus tugaḋ an láṁ ḋeas don ṁarc- sluaiġ ġloinn-ṁir Ġórdónaiġ agus dá mórṁaor agus stiúraḋ cuirp an ċaṫa don Ṁarcós ṁear ṁórḋálaċ Muntrós agus gaḃas Sir Alasdair arm-ḋearg éċt- minic .i. mac calma curanta Colla Ċiotaiġ ṁic Giolla Easbuig ṁic Colla ṁic Alasdar ṁic Eóin Ċaṫánaiġ láṁ ċlé an airm ċuige fá ċoṁair láiṁe deise na náṁad. Agus ar mbeiṫ d’Alasdair ag córuġaḋ a ṁuinntire, táinic duine uasal ón mórṁaor le teaċtaireaċt ċuige agus do laḃair san ḃfoirm-se:

“Do ċualamar, a Ṁic Ḋoṁnaill, go raḃa coiṁċeangal agus caradraḋ ag ár sinnsearaiḃ ré ċéile agus nár ḃuaileadar buille i n-aġaiḋ a ċéile gibé ar biṫ ceannarc do ḃiaḋ eidir an ċuid eile d’Albanaċaiḃ agus iad agus