Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

23

dul roiṁe. Do ḃí marḃaḋ tiuġ ag luċt boġaḋ ’gá ḋéanaṁ ar na coisiḋṫiḃ Górdónaċa. ’Mán am sin tárla d’ḟior ḃoġa a ḃeiṫ ag rioṫ seaċad ar Raġnall agus é ag cur saiġead ar Ġórdónaċaiḃ; tug súil tar a ġualainn agus do ċonnaic an fuireaċ do ċuir Raġnall ar luċt na bpíceaḋ agus d’iompáiġ a láṁ ón ḃfear do ḃí roiṁe, do ṡeol a ṡaiġead ar Raġnall, do ḃuail san ṗeirceall, do ċuir dorn dí amaċ ar an bpeirceall oile. Annsin do sgaoil Raġnall an t-urċar agus ní ar ḟear an ḃoġa. Teilgis an gunna uaḋa agus cuiris láṁ i gceann a ċloiḋiṁ. Do ḃí a sgiaṫ a ḃfad uaḋa amaċ dá imḋídean ar ṗícíḃ. Tug iarraiḋ dá ċloiḋeaṁ agus ní ṫáinic leis, óir do rioṫ an crios timċeall leis agus ní ṫáinic an cloiḋeaṁ amaċ. Tug an dara feaċt agus ní ṫainic. Tug an treas ḟeaċt, ag leagaḋ láiṁe na sgéiṫe fá n-a asgaill ar ṫruaill an ċloiḋiṁ, agus tugaḋ amaċ é. Giḋeaḋ, do cuireaḋ cúig píce eidir an ċíoċ agus an smeig ann leis an ḃfolṁuġaḋ sin, aċt ní raḃa orlaċ ar doiṁne i n-éan-álaḋ dá ndearnadar air annsoin. Seal ar an seol soin ag gearraḋ ṗíceaḋ agus an méid do ċurṫaoi i sás na sgéiṫe ḋíoḃ. Do ṫarr sé a ḋruim ris an ngarrḋa do ċum a ċoiṁéada, agus do ḃí ag déanaṁ imṫeaċta ar éigin d’ionnsaiġe an doruis. Do ḃí luċt na bpíceaḋ ag dul i n-éadánaċt air, ón ṁéad do ḃí ag á ngearraḋ ḋíoḃ, aċt aoin-ḟear do ḃí dá ṫuargain go harrannta iomarcaċ; dar leis an ḃfear sin go gcoiṁéadfaḋ a ṗíce gan ġearraḋ agus go dtuitfeaḋ a ḟear coṁlainn leis. Do ḃí Raġnall ag éisteaċt re hAlasdair ag gaḃáil do ḃata ar Ġórdónaċaiḃ fá olcas an láṁaiġ do ḃádar do ḋéanaṁ do ṫaḃairt relífe ḋó féin as an ionaḋ ina raiḃ, aċt do ḃí sé ag triall go dorus an ġarrḋa céim ar ċéim, agus an uair do ṡaoil ḃeiṫ i ngar don dorus tug léim árd aṫlaṁ ó ḟear na píce agus tug a ċúl dó agus a aġaiḋ ar an dorus, agus do ċrom a ċeann.