Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

24

Leanais fear na píce é gur ċrom a ċeann faoi an dorus, Do ḃí Alasdair san uair sin dá ḃfeiṫiṁ agus tug buille d’ḟior na píce, agus gér ḃ’aṫlaṁ do ċum iompóiḋ arís, is eaḋ tárla ceann an ógláiġ do ḃualaḋ fá na hiosgadaiḃ ar Raġnall ón ḃuille tug Alasdair dó. Tuiteas a ċorp san dorus agus a ċeann san ġarrḋa. Ar ndírġeaḋ a ḋroma do Raġnall, agus ar n-aṁarc ’na ḋiaiḋ ar an dorus, ag sin mar ċonnairc a ċompánaċ. Do gearraḋ an tsaiġead do ḃí i Raġnall agus tugaḋ as í agus fuair a teanga go maiṫ agus cumas laḃra, ní nár ṡaoil.

Dob’ ḟurusda a ráḋ naċ go tim-ḋíoṁaoin do ḃádar an ċuid oile d’arm an ríoġ san uair sin .i. Marcós mear meanmnaċ misneaċ-ṁór Muntrós agus Mórṁaor cróḋa curanta gasda galánta gaisgeaṁail Górdón go n-a uaisliḃ ’na ḟarraḋ, agus an ċuid oile don droing ḋána ḋásaċtaiġ Ḋoṁnallaiġ agus don réim rún-ḃuirb ro- ċalma reaċt-aigeantaiġ Raġnallaiġ, aċt tugsad i n-aġaiḋ a náṁad go harraċta urrannta, gan uaṁan, gan imeagla buille ná urċair. Agus tárla do Ṁuntrós, a ngionarál, go raḃa ré n-a ṡluaiġ agus é ar árd ċnuic, agus do ċonnairc an ġuasaċt agus an gáḃaḋ ina raḃa Alasdair, agus is é ní do rinne do léig glaoḋ mór as ag brosnuġaḋ na n-úaisle agus an tsluaiġ do ḃí i n-áit éisteaċta ḋó, agus is eaḋ aduḃairt:

"Is mór an náire dúinn an t-aon duine ag taḃairt ár gclú ḋínn do ġnáṫ, mar ḃristear ar an uile náṁaid róṁainn; ag sin Alasdair ar mbreiṫ buaḋa ar an ṁuinntir do ḃí ós a ċoṁair féin don ċaṫ agus tugaiḋ-se an adḃansa go gléasda grod-aṫlaṁ."

Do freagraḋ go fuireaċair an fógra sin ón árd-ġeinirél, ionnus naċ raḃa marcaċ nár ṫeann a ṡál re hasgaill a eiċ ná coisiḋe nár ċruaiḋiġ a ċéim go talcṁar troiġ-éasgaiḋ agus go sanntaċ so-láṁaiġ, ionnus go ndeaċadar imeasg a náṁad don ruaṫar sin, agus do