Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

25

briseaḋ ar ṁaṫṡluaġ na náṁad gur cuireaḋ imeasg na gcoisiḋeaḋ iad.

Iomṫúsa Alasdar, do ṁoṫuiġ do ṁeirge ṁóir an ríog ag teaċt ar ċúl an reidsimeint do ḃí ag taḃairt troda ḋó. Annsin do ċuir gléas ar a ṁuinntir dá dtarraing amaċ as an ngarrḋa do ċum troda, agus táinic marcaċ ó Ṁuntrós ċuige faoi sin. Tug Alasdair a ḋaoine as an ġarrḋa, an ṁéid do ḃí inḟeaḋma ḋíoḃ; giḋeaḋ, do ḟágaiḃ seaċt ḃfir ḋéag do ḃí buailte, istiġ, dá ḋaoiniḃ uaisle nár ḟéad teaċt amaċ tairis ar marḃaḋ díoḃ. Do ċuir gléas troda ar an gcuideaċta agus do ionnsaiġ a náṁaid an feaċt tanaiste agus do ionnsaiġ Muntrós ar an láiṁ oile iad, ionnus gur ṫuit an reidsimeint sin tiġearna Laḃair agus urṁór ḟear Leoḋúis mar aon riú ’na rangaiḃ. Do leanaḋ an ruaig orṫa gur ṫeasairg Inḃear Nois an ċuid do ṫéarna as díoḃ, agus is ar éigin do ċuaiḋ Mac Coinniġ as ar eaċ, ar gcall a ḋaoine agus a ċlú. Dob’ iomḋa láṁ áṫasaċ do Ḋoṁnallaċaiḃ agus Ġórdónaċaiḃ do ḃí san láṫair sin, gan iomráḋ ar a heangnaṁ ná ar a hárd-ċosgar; aṁail adeir Muntrós ag teaċt ar an lá i n-áit oile, gurab aige féin do ċonnaic an seisear is mó do ġaḃ mire agus dásaċt caṫa go marḃaḋ daoine dá ḃfaca sé aige féin ná ag duine oile roiṁe nó ’na ḋiaiḋ; agus fá díoḃ Nataniel Górdón agus Raġnall óg mac Alasdar ṁic Alasdar ṁic Aonġuis Uaiḃriġ agus Mórṁaor Górdón féin, agus triúr oile gibé iad. I dtús saṁraiḋ tugaḋ an caṫ so Ailt Éirinn san ḃliaḋain 1645. Tar éis cur an ḃláir do léig siad a sgíos tamall i ndúṫaiġ Mórṁaoir Marsail do ḃí ’na ċoiḃineanntair agus ’na eascaraid ḋóiḃ.

Táinic Alasdair mac Colla go tráiġ do ṫógḃáil daoine ar Ġaoiḋealtaċt agus d’iarraiḋ Mic Giolla Eóin agus Eóin Ṁúideórdaiġ. Is ann do ċuir an Ċoṁairle Alban aċ arm ar a ċois agus Sinireil Béillí rómpa agus Mac