Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

26

Cailín ’na gcuideaċt. Do ḃí sgéala aca sin go raiḃ Alasdair ag tráiġ. Do ċuireadar rómpa coinne do ṫaḃairt do Ṁuntrós ní is taosga ná ṫiocfaḋ Alasdair agus an ċuid oile do Ġaoiḋealaiḃ dá ċungnaṁ, agus tárla an ní sin. Tugadar coinne dá ċéile i nAlṗort .i. Sinireil Béillí agus Mac Cailín agus arm na Coṁairle Albanaiġe go líonṁar léir-ṫionóilte. Agus is iad so do ḃí i ḃfarraḋ Muntrós d’arm an ríoġ .i. Mórṁaor Górdón agus a ṁarcṡluaġ gléasta groiġ-éasgaiḋ, Górdónaċ ’na ḟoċair; agus Aonġus, mac ṁic Alasdar tiġearna Ġlinne Garaḋ san uair sin, agus a raḃa do Ċloinn Raġnaill ’na ḟoċair, agus fir Ḃáideineaċ agus pártaiġ d’ḟearaiḃ Áṫa-Fódla. Agus, ar ḃfaicsin a ċéile do na sluaġaiḃ, do ċuireadar gléas fíoċḋa fuaṫṁar fíor-aṫlaṁ orṫa leiṫ ar leiṫ. Do cuireaḋ ó arm an ríoġ buiḋean d’ḟearaiḃ Ḃáideineaċ d’ḟógra na deaḃṫa agus do ṫionnsgnaṁ na troda agus do cuireaḋ buiḋean oile ’na n-aġaiḋ sin ó arm na Párlamainte. Ann sin do laḃair aon do na coiḃineantairse re n-a arm féin agus is eaḋ aduḃairt: “Is gnáṫaċ leis na daoiniḃ atá in ḃur n-aġaiḋ tús gaċ ionnsaiġe do ḃeiṫ aca oraiḃ agus ná tugaiḋ-se an tosaċ sin dóiḃ indiu aċt ionnsuigiḋ iad go haṫlaṁ aigeantaċ;” agus do laḃair fear oile i n-arm an ríoġ .i. Mórṁaor Górdón: "Ná bíoḋ faitċeas ar aon agaiḃ naċ tiuḃra mise Béillí ċugaiḃ ar ṁuinéal a meaḋón a ċuideaċta.” Is annsoin tug an dá ċuideaċta sin dá ruaṫar reaċtṁar ro-ṫinneasnaċ i gceart-ċoṁḋáil a ċéile. Baoi do luas na mársála do rónsad go ndeaċaiḋ cuirp an dá arm ’na ċéile sul loisg an dá ṗártaiġ do ċuaiḋ uaṫa do ḋúsgaḋ na troda aon urċar ar a ċéile, gurab é ní do rónsad béil a ngunnaḋ d’iompóḋ ar ċorp an airm agus an lád do ḃí ionnta do ṫaḃairt dóiḃ agus is uaṫa táinic an t-urċar tubaisteaċ lér ṫuit Mórṁaor Górdón agus é