Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

27

ag cur a láiṁe san ċrios cloiḋiṁ do ḃí fá ḃráġaid Sinireil Béillí. Do ḃádar na sluaiġ i ndosánaiḃ a ċéile san uair sin, an maṫṡluaġ agus a ngruaga i ndornaiḃ clé a ċéile agus iad ag gaḃáil dá bpiostalaiḃ i gcloigniḃ aroile agus an sluaġ coise gan fios aca créad do-ġéindís ó ḃuaiḋreaḋ a n-eaċ. Do b’ḟiaḋain air sin Alasdair mac Raġnaill ṁic Ailín, óir is é féin agus Ailín Óg mac mic Alasdar do b’oifigiġ don Ċloinn Raġnaill do ḃí san láṫair-se, óir do ḃí mac mic Alasdar féin san trupa fare Muntrós. Adeir Alasdair mac Raġnaill go raḃa féin tamall agus bior-ḋias a ċloiḋiṁ re lár gan fios aige cia ar a mbuailfeaḋ buille gan aiṫne aige ar ċaraid seaċ náṁaid. Do ḃádar mar sin nó gur sgairt an t-oifigeaċ tapaiḋ Maiġer Lidas san teangaiḋ Ḃéarla na heiċ uile do ṡearruġaḋ. Níor ċuala an focal sin aon ṁarcaċ nár ġlan a eaċ féin amaċ ó n-a coisiḋṫiḃ. Ó sin amaċ fuair an uile ḋuine cumas feaḋma do ḋéanaṁ le n-a láiṁ agus le n-a loinn agus níor leigeaḋ aiṫ-iompóḋ do ṁarcṡluaġ na gcoiḃineantairs aċt a leanṁain ar a ndruim dá síor-ṁarḃaḋ. Do ċuir tuitim Ṁórṁaoir Górdón do ċráḋ orṫa gur ḟógradar gan ceaṫraṁa do ṫaḃairt do ḋuine ar biṫ an lá sin. Níor ḟill duine ar bioṫ ón ruaig do ṁaiṫṡluaġ Ṁuntrós nó gur sgíṫ a n-eaċraḋ, agus do ḃí tiġearna Ġlinne Garaḋ ’s an ruaig aige ar Marcós Earr-Ġaoiḋeal nó gur sgíṫiġ eaċ faoi agus é i n-áite fraḋairc[1] ḋó do ġnáṫ gur ṁalairt an Marcós trí heiċ an lá sin ag teiċeaḋ roiṁe go ndeaċaiḋ as le luas a eaċraiḋe.

Iomṫúsa Alasdar ṁic Colla do ġluais sé ó ṫráiġ agus ó na Garḃ-ċríoċaiḃ agus cuideaċta ṁór ṁaiṫ leis, .i. a raḃa ag baile ag Eóin Múideórdaċ do ḋaoiniḃ óga a ḋúṫċa agus a ċiniḋ agus Doṁnall a mac rompa agus


  1. .i. i n-áit raḋairc.