Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

30

ṡíor ionnta ionnus naċ teangṁaḋ béal áṫa nó aḃainn riú naċ cuirfeaḋ an marcaċ sin buaiḋreaḋ mór ionnta agus dar le a ṁuinntir agus leis féin gur ḃ’é aon láṁ ḟeaḋma na hAlban é (Coirnilar do b’ainm agus do b’oifig ḋó).[1] Tug sé a trí nó ceaṫair do na heaċaiḃ bagáisde díoḃ an lá sin. Do ḃí Aonġus mac Ailín Duiḃ ar deireaḋ a cuiḋeaċta féin ar muin eiċ gan ṗillín gan diallad agus gunna fada trasda ’na uċt ar a ḃéalaiḃ; ní do ṁuin eiċ fá gnáṫ leis congnaṁ do ḋéanaṁ aċt dá ċois. Dar leis gur ṁoṫuiġ an marcaċ ag déanaṁ uair nó ḋó air. Uair d’uairiḃ dá dtáinic i ndiaiḋ Aonġuis tug Aonġus an ċos re lár agus do léig a eaċ féin uaiḋ, do ċuir a ġunna ar ċloiċ go haṫlaṁ agus do loisg an t-urċar agus do ṫuit fear an trusgáin deirg fó ċosaiḃ a eiċ le a sgarbaiḃ sróil agus le’ lásdaiḃ airgid. Tug a ṁuinntir gáir mór dá ċaoineaḋ; do faoḃuiġeaḋ é agus fágḃaḋ ann sin, agus ní ṫáinig an náṁaid ní buḋ dána ná sin orṫa an lá sin ná an lá ’na ḋiaiḋ. Do ḃádar ar an orduġaḋ sin a trí déag ná ceiṫir déag do laoiṫiḃ gan suaiṁneas ar bioṫ aċt ruaig do ġnáṫ orṫa, Muntrós ag déanaṁ díċill gliocais d’ḟéaċain an ḃféadfaḋ an t-arm mór do ḃí ’na ḋiaiḋ do sgíṫiuġaḋ ar ḃaraṁail go sgaoileaḋ cuid díoḃ uaṫa i ndóiġ go ḃféadaḋ blár do ṫaḃairt dóiḃ, giḋeaḋ do ḃí na saiġdiuirí dá sgíṫiuġaḋ le díṫ bíḋ agus codalta. Ar dteaċt i ngar do Ċill Saiḋḃe dóiḃ ar siuḃal oiḋċe do ġaḃadar campa agus longṗort san ionaḋ sin. Moċ na maidne ar n-a ṁáraċ créad do-ċídís aċt an t-arm mór, eidir marcṡluaġ agus coisiḋṫe. Is é ní do ḃí ann gur ḃ’éigean d’arm an ríoġ an campa d’ḟágḃáil gan ḟeóil gan arán do ċaiṫeaṁ, má ḃí sé aca, agus gléas troda nó teiċiḋ do ċur orṫa. Ar dtarraing na gcuideaċt, do ċuadar a n-uaisle agus a


Original-Footnoten

  1. aliter (’seaḋ buḋ ainm ḋo Coirnilas.)

Wikiborn-Footnoten