Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

31

n-oifigiġ i gcoṁairle cia aca do-ġéanaidís blár do ṫaḃairt ná an rátrét. Do iarr Muntrós an ċúis do léigean faoi ḃreiṫeaṁnas na saiġdiúire agus an airm uile. Is é ní aduḃairt an sluaġ uile d’aiṫeasg aoinḟir gur ḃ’ḟearr blár do ṫaḃairt ar ṁéad a ċunntaḃairt ná ruaig do ḃeiṫ orṫa do ló agus d’oiḋċe do ġnáṫ. Cuireas Muntrós trompadóir d’ionnsaiġe an airm ṁóir le sgéala go ḃfaiġdís maċaire do ċongḃáil riú. Mar do ċuala an mórṡluaġ sin, buḋ ṁór a meanmna, ionnus gur léigeadar gárṫa móra aoiḃnis agus lúṫġáire ós áird asta. Do cóiriġeaḋ i n-eagar agus i n-orduġaḋ iad: Do cuireaḋ trí ṁíle do luċt píceaḋ agus ṁosgaḋ ar a mbéalaiḃ ar trí sgonnsaiḃ agus do táirngeaḋ aon ṁíle déag fear ’na mbataillénaiḃ ar a ċúl sin, agus dar leat buḋ cruaiḋ an obair do ḃeagán buiḋne aġaiḋ do ṫaḃairt orṫa ’mán am sin. Do cóiriġeaḋ caṫ cosantaċ cruaiḋ-ċroiḋeaċ glan-armaċ Gaoiḋeal agus is é a n-uiṁir ceiṫre míle coisiḋe agus cúig céad marcaċ. Is é inneall do ċuireadar orṫa coslomnoċt agus a léinte i ngaḃal gaċ aoin aca agus léinte geala ar uaċtar earraḋ a marcṡluaiġ.

Do ġluaiseadar na foirne fearaṁla fearg-aiḋḃseaċ sin i n-aġaiḋ ṁosgaḋ agus ṁór-ġunnaḋ bádar re n-a n-uċt san uair sin. Do ṫionnsgain an troid le toġa reisimeinte do Ġaoiḋealaiḃ Éireannaċ agus Albanaċ do ḃí tiúnta ar láṁaċ agus teaġṁa ar troid agus máidseoir Laċannáin rompa agus Alasdair mac Colla ’gá ngreasaċt. Do ḃí dá reidsiment oile re reilíf do ṫaḃairt d’Alasdair agus don ḃuiḋin do ċuaiḋ síos ar dtús .i. reidsiment Ṁic Giolla Eoin agus reidsiment Ḋoṁnaill ṁic Eoin Ṁúideórdaiġ, aċt do b’ḟoisge do ṫroid do ṫaḃairt Clann Ġiolla Eoin do ṫaoḃ a n-orduiġṫe ná Clann Raġnaill agus do ḃí do ṫeas na troda ar Máidseoir Laċannáin gur sgairt Alasdair mac Colla go deifireaċ reilíf.