Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

32

Tárla cáil ḟeiċeaṁnais san uair sin eidir Doṁnall mac Eoin Ṁúideórdaiġ agus Doṁnall mac Eaċain Óig Ṁic Giolla Eoin um ṫosaċ dul síos, giḋeaḋ gearrais Clann Raġnaill an tsliġe tar ḃráġaid Ċlainne Giolla Eoin agus do ionnsuiġ na sgonnsaiḋe ar a raḃa an náṁaid Doṁnall mac Eoin Ṁúideórdaiġ re n-a ṁuinntir agus Pádraig Caoċ Mac Griogóir agus a ṁuinntir i n-aon reidsimeint agus Clann Raġnaill. Tugaḋ an t-asált d’aoinréim le harm raṫṁar Ríoġ Breatan san uair sin agus is é an mac sin Eoin Ṁúideórdaiġ ċéad duine do léim sgonnsa na námad díoḃ agus a ṁuinntir ’na ḋiaiḋ. Do cuireaḋ ’na ruaig ṁaḋma imeasg an tsluaiġ ṁóir do ḃí re n-a gcúl iad agus do leanadar cáċ go dian dásaċtaċ iad agus do ḃris ar an sluaġ ṁór uile go raḃadar feaḋ an laoi i ruaig orṫa dá leadairt agus dá lán-ċosgar agus ar gcríoċnuġaḋ ar gcur an ḃláir do ġaḃadar campa in Hamaltún agus táinic eoċraċa an ċaisléin ṁóir ó Ḋún Éidin ċuca agus do stríoc Alba uile ḋóiḃ.

Do ġeiḃinn mórán re n-a sgríoḃaḋ do sgéalaiḃ ar ġnóiḋiḃ na haimsire dá gcuirfinn roṁam é, aċt is é tug orm an oiread so féin do sgríoḃaḋ, mar do ċonnairc mé gan iomráḋ ar bioṫ ar Ġaoiḋealaiḃ ag an sgríoḃnóiríḃ atá ag teaċt ar ġnóiḋiḃ na haimsire, an ṁuinntir do rinne an tseirḃís uile.

Iomṫúsa Ṁarcóis Ṁuntrós do ġluais agus cuid dá arm leis ar sliġiḋ dul go Sagsain do ṫaḃairt reilíf don ríġ agus é i n-éigean ag Sagsanaċaiḃ, agus do briseaḋ ag Filipfáċ air agus níor ḟéad furtaċt do ṫaḃairt don ríġ.

Táinic Alasdar mac Colla ó ċampa Hamaltún go Cinntíre agus do ġlan dó féin í agus do ḟógair aiste Clann Ṁeig Ḋuiḃne. Do ṫógaiḃ Dún Áḃartaiġ mar ḋaingean. Táinic Doṁnall mac Eoin Ṁúideórdaiġ ón