Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

33

ċampa sin Hamaltún dá ṫír féin agus do ḃí Muntrós ag teaċt ón ḃriseaḋ [sin] Filipfáċ san taoḃ a dtuaiḋ agus ar ṁair aige do ḋaoiniḃ. Ar an seol sin dóiḃ seal d’aimsir: Muntrós san taoḃ ṫuaiḋ d’Albain agus Alasdair mac Colla i gCinntíre ag cur díṫe ar Earr-Ġaoiḋeal agus ar Ċoṁġall agus ar na críoċaiḃ agus Eoin Múideórdaċ ’sna Garḃ-ċríoċaiḃ i dteannta re tráiġ. Do ċuaiḋ Eoin Múideórdaċ agus a ṁac Doṁnall go hÍle agus a ḃfeaċt féin leó agus do ḟógradar aiste a raḃa do Ċloinn Ṁeig Ḋuiḃne innte.

Fán am sin táinig Iarla Aontroma a hÉirinn do Ċinntíre d’ḟios an airm sin do ḃí aige féin innte agus do ċuir fios ar a raiḃ mar aon re Muntrós agus tángadar sin ċuige don ċéad iarraiḋ. Táinig ḋe sin Muntrós do ḋul as an ríoġaċt d’iarraiḋ conganta ar ríoġaiḃ agus ar ṗrionnsaíḃ oile do ċongnaṁ le Ríġ Séarlus agus ar ḃfilleaḋ dó ón turus sin do milleaḋ go heasonóraċ le Coṁairle na hAlban leis na Coiḃineantairsi é féin agus Marcós Hunntlí agus mórán d’uaisliḃ oile do ḃí ar ṫaoḃ an ríoġ.

Do ċruinniġ cuid ṁaiṫ d’uaisliḃ Inse Gall go hIarla Aontroma, mar tá, Clann Ġiolla Eoin agus Clann Raġnaill. Do ḃádar ar tí airm do ċur ar ċois arís i leiṫ an ríoġ. San aimsir ċéadna táinic orduġaḋ an ríoġ go hIarla Aontroma sgaoileaḋ do léigean don arm, óir do ḃí an rí san am sin ar láiṁ ag á náiṁdiḃ .i. Párlameint Ṡagsan agus Alban d’aon-láiṁ ’na aġaiḋ. Do Léig Iarla Aontroma sgaoileaḋ don arm, agus do ċuaiḋ féin d’Éirinn.

Do an Alasdair mac Colla i gCinntíre agus do-roiġn ḋ daiġneaċ[1] innte agus i nÍle. Do ḟuiḋ na Gaoiḋil oile do ḃí i leiṫ an ríoġ i dtimċeall a ḃfearann féin ’gá seasaṁ ar náṁaid.


  1. = do-rinne daingneaċ