Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

34

Tángas ’má gcuairt orṫa fá ḋeoiḋ le harm mór Sir Dáḃad Leislí agus Ṁic Cailín. Go Cinntíre ḋóiḃ gan braṫ d’ḟaġáil ar a mbeiṫ ag teaċt nó go rángadar an Learg, áit ina raiḃ Alasdair agus a ṁuinntir sgaoilte ó n-a ċéile. Do cuireaḋ as a ċéile an ċuideaċt sin Alasdar. Do gaḃaḋ Raġnall Óg mac Alasdar ṁic Aonġuis agus do cuireaḋ go bás i nInḃear Áġráṫ é tamall ’na ḋiaiḋ sin.

Do ċuaiḋ Alasdair mac Colla go hÉirinn agus do marḃaḋ i gCnoc na nDos é agus mórán d’uaisliḃ oile do Ċloinn Doṁnaill san gcaṫ tug Murċaḋ Ó Briain dóiḃ san ḃliaḋna 1647.

Táinic an t-arm mór so Ḋáḃad Leislí agus Ṁic Cailín leo go hÍle agus go Muile agus do stríoc an uile ḋuine ḋóiḃ aċt Eóin Múideórdaċ ’na aonar agus ar ġaḃ leis.



II.

CAṪAL MAC ṀUIREAḊAIĠ cecinit:

[do Ḋoṁnall mac Eóin Ṁúideórdaiġ Ṁic Ḋoṁnaill.]

Cóir fáilte re fear do sgéil,
A ḟir [le’] dtángas ón tráiġ:
Sgéala liom ós íosal[1] uaiḃ,
Dá dtíosaḋ m’uaill ós cionn ċáiġ.

Binne ná ceol crot do sgéal,
A ġiolla gan lot gan leon:
Ataoi mar orgán ós ḟíon,
Má’s coṁráḋ fíor do ḃaoi[2] id ḃeol.


  1. íseal, MS.
  2. ḃí.