Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

35

Rom-ḟeirrde a n-éisteaċt rem ḃeo
An sgéal-sin le a dtáinig tú:
Do ṁéaduiġ ceart leam gaċ la,
Teann ó tá mo neart a-nú.

Mo-ġéanar do rioċt im rioċt
D’éisteaċt réd ḃriaṫraiḃ go beaċt:
Ód sgéal síḋ ní ṫagraim ṫort —
Tríḃ anoċt cadlaim go ceart.

Fríṫ leat do nuaiḋiḋeaċt naoi,
A ḃuaċaill is gasda gné:
Séala ler ceanglaḋ mo ċlí,
Sgéala ón tí ler meaḋraḋ mé.

Doṁnall mac Eoin cúl na gclaḋ
Rún do sgeoil, a ġasda ġlan:
Teaċt tar ċuan iomlán don ḟior
Cion dá iomráḋ is dual daṁ.

A ṫeaċt slán go hearnaiḋ óg
Fáṫ sin dom ṁeanmain ar méad:
Slat i gcaoiṁ-lios crann naċ lúb,
Ag súd m’aoiḃnios ann gom’ éag.

Dá ḟéaċain tiaġaim ar tús
Do riaġail má ġéaḃaim gnás:
Mé im léim go’ ċaidreaṁ gan ċruas
’S céim suas re m’aigneaḋ ag ás.

Do-ċím é ’gá ḟosglaḋ súl,
An té ler bronnaḋ mo ḃríoġ:
Do-ním tar muir d’aiṫne uaim
A ġruaiḋ ġaisṫe d’ḟuil mar ḟíon.