Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

36

Créad naċ n-aiṫninn a ċúl cas
Do ḋúl re’ ṁaicne do ṁeas?
Gráḋ troim-inġean ríoġna ó Ros,
Bos ṁíonla ḋoinn-ingneaḋ ndeas.

Aiṫneoċad féin briaṫra a ḃeoil,
’S an déad mar néiṁinn ar néiṁ
Naċ noċta go duilḃir ḋúin,
’S an tsúil ṡuilḃir ṡolta ṡéiṁ.

Aiṫniġim feaḋ n-urċair uaim
An malaiḋ gceirt gcumṫa gcaoil:
Giolla saor ré a ndeacair dréim,
’S an taoḃ réiḋ mar eatail aoil.

Do aiṫneoċainn céim a ċos
Go haṫlaṁ ag léim na lios:
Do ḃréag croiḋe na mbuaḋ mbras
Glas mo ṫoile uam gan ḟios.

Ua Doṁnaill mo ṁeisneaċ ṁór,
Mo ṡeise coṁlainn rém ċúl:
Mo ṡéad é dá ngaḃam gráḋ,
Mo ré lán is m’aḃall úr.

Mo ḃile buaḋa fa ṁeas;
Mo ċriḋe-se an cuanna cas:
Mac flaṫa ar nár foilġeaḋ fios,
Mo ċrios caṫa an boinn-ġeal bras.

Ar n-uisge tobair naċ tráiġ,
Ar n-urra cogaiḋ do ċlóḋ:
Fáṫ ar mire [’s] ar muirn ṡaor,
Ar gcuirm ḋaor ’gá hiḃe a hór.