Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

37

Mo ċloideaṁ, mo ċaoil-ṡleaġ ċorr,
Mo ṫoġa Ġaoiḋeal is Ġall:
Atá ag taisgiḋ a run riom,
’S mo ṁionn súl re’ ḟaicsin ann.

Sinn riaṁ re dúṫċas ag dréim,
Do-niam as do ḋúṫraċt dóiġ:
Mo neart ní ċeilim ód-ċím —
Tríḃ do-ġeiḃim ceart is cóir.

Cóir fáilte re fear do sgéil.



III.

Iomṫúsa Eoin Ṁúideórdaiġ ṁic Ḋoṁnaill ṁic Ailín, tiġearna Ċloinne Raġnaill, ar n-a ṫréigsin don uile ḋuine tar éis Muntrós agus Ṁarcóis Huntlí do ċur ċum bais agus ar ṁair beó do na haisliḃ do ḃí i leiṫ an ríoġ ar díbreaḋ i gcríoċaiḃ ciana coṁaiġṫeaċa, do bí seisean ’na aonar ag fanṁain amuiġ ón ríoġaċt agus an t-iarsma do ṁair don ṁuinntir do ḃí i leiṫ an ríoġ ar dtionól ’má ṫiċeall. Do ḃí teaċtaireaċt le coṁṫa do ġnáṫ ag teaċt ċuige ón ríoġaċt dá ataċ um reite riú agus níor ġaḃ, aċt do ċuir a ṁac Doṁnall go hÉirinn agus ar ṁair aige d’Éireannċaiḃ agus cuid dá ḋaoiniḃ uaisle Albanaċa leó agus do ḟan féin agus an ċuid eile don ṁuinntir ag seasaṁ a ḋúṫċa.

Iomṫúsa Ḋoṁnaill do ġluais sé a hUiḃist ar fligeart gléasta do luing Ġallda do ḃí aige agus ar luing ḟada Ġaoiḋealaiġ i dtimċeall trí ċéad do ṡaiġdiuiríḃ déanta dulċannaċa san ḃliaḋain 1648. As sin dóiḃ go Caol Muile, go Colḃannsáiġ agus go Caol Íle. Tárla long ṁór dóiḃ ann agus do ġaḃadar í fá n-a luċt do ṡíol