Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

38

eórna. Do ġlacadar long oile san ċuan. Ní ḟuarsad éadáil ar bioṫ innte. Do léigeadar uaṫa í. Do ṡeólsad go hÉirinn. Rug stoirm orṫa ar an oirear, ionnus gur sgaraḋ ó ċéile a n-árṫraiġ. Ráinic cuid aca cuan na gCeall Beag. Do ċuaiḋ Doṁnall agus ar lean ris ar tír ar ċorrán Áird Ṁeig Giollagáin. Do léig uaiḋ na hárṫraiġ go hAlbain. Do ġluais go hAċaḋ Dá Ċaraḋ, áit ina dtárla geireasdon cáirdeaṁail dóiḃ. As sin dóiḃ go Cunntaoi an Ċaḃáin, áit ina dtárla Filip Ó Raiḃill riú .i. tiġearna na tíre sin agus cara ḋóiḃ-sean Do ġluais as sin go Muileann Cearr na Miḋe agus do ḟágaiḃ a ṁuinntir ar ċeaṫraṁa san ḃaile sin agus do ġluais sé féin go Cill Ċoinniġ, baile ina raiḃe Coṁairle na hÉireann ’na suiḋe. Fuair sé orduġaḋ é féin agus a ṁuinntir do ḋul isteaċ i n-arm na Coṁairle fa ċúmanda Sinireil Priosdón. Is é sin arm ina raiḃ Alasdair mac Iarla Aontroma agus ar ṁair d’Albanaċaiḃ agus d’Éireannaċaiḃ do ċuaiḋ le hAlasdair mac Colla go hÉirinn do Ċloinn Doṁnaill agus dá ndaoiniḃ muinntearḋa. Ní raiḃe an reidsimeint-se gan ċúig céad déag do ṫoġa daoine uaisle innte. Doṁnall mac Eóin Ṁúideórdaiġ ’na liftenant coilineil innte, agus Aonġus mac Alasdar tiġearna na Leargan Ceinntíriġe ’na ċéad ċaiptín innte.

Seal san arm sin [dóiḃ] fá ċlú agus fá onóir ag taḃairt ḃailte móra amaċ ó na náiṁdiḃ nó gur ḃris siad amaċ a harm an Ṗriostúnaiġ go rugaḋ orṫa san Ċunndaiġ Riaḃaiġ. Do ḃí buiḋean ṁór d’Éireannaċaiḃ do Ċaoṁánaċaiḃ maille riú, agus iad fá luċt eoluis dóiḃ agus an uair rángadar sin eolus a gcríoċ féin agus fraḋarc coilleaḋ do ḃí i ḃfoisge ḋóiḃ do ṫeiċeadar agus do ḟágsad ris cáċ, ionnus go dtáinic an náṁaid ’na measg isteaċ orṫa gur cuireaḋ as a ċéile iad gur gaḃaḋ Doṁnall, tiġearna Ċloinne Raġnaill, agus Aonġus,