Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

39

tiġearna Ġlinne Garaḋ. Do cuireaḋ ar láiṁ do Ċill Ċoinniġ iad. Do ḃádar sin seal i bpríosún nó go ḃfuair Marcós Aontroma slige ar a ḃfuasglaḋ. Is luaiṫe táinic mac mic Alasdair amaċ ná mac Eóin Ṁúideórdaiġ agus do ṫriall mac mic Alasdar anonn ar fairrge i ndiaiḋ an ríoġ, agus do ḟág Doṁnall san ṗríosún agus do ḃí seal ann nó go ndeaċaiḋ tuilleaḋ airgid dá ḟuasglaḋ. ó Ḋuitseas Bucingeam .i. bean ṗósta Ṁarcóis Aontroma. Do ċuaiḋ sé as sin go Loċ Garman. Do cuireaḋ long le Marcós Aontroma leis nó gur ċuir fá ṫír i gCaolas Stáláiġ i nUiḃist é agus Aonġus mac mic Alasdair, tiġearna na Leargaḋ, mar aon fris. Fá lúṫġáireaċ a ċáirde fá n-a ṫeaċt dá n-ionnsaiġe. Tángadar a ḋaoine uaisle go grod ’na ḋiaiḋ ar luing do ġaḃadar ar an oirear Éireannaċ. Dob’ iad na daoine sin do ċuaiḋ leis d’Éirinn .i. Murċaḋ mac Mic Néill Ḃarraiġ, duine mór maiseaċ agus é tréiġṫeaċ deaġ-ṫaḃarṫa suas, Alasdair mac Eoin ṁic Ailín ’na ḃuaċaill (?) óg,[1] Doṁnall Gorm mac Ailín, Doṁnall Ruaḋ mac Doṁnaill ṁeic Loċluinn Ṁic Ṁuireaḋaiġ, Eóin mac Doṁnaill Faġlaċ Ṁeig Beaṫaḋ, Aonġus mac Alasdar ṁic Goṫfraiḋ. Táinic Eóin mac Briain Ṁeig Ṁuireaḋaig agus cuid oile do na daoiniḃ ar sliġiḋ eile dóiḃ féin.

Ar dteaċt do Ḋoṁnall ón turus sin do ċaiṫ a aṫair agus é féin a n-aimsir ag seasaṁ a ndúṫċa nó go ḃfuair siad síoṫċáin ón ríoġaċt. Giḋeaḋ, do ḃí ainḃfiaċa ag a n-eascáirdiḃ ag fás orṫa feaḋ na haimsire sin, gur ḟágaiḃ fá leaṫtrom do ġnáṫ iad féin agus a slioċt ’na ndiaiḋ.

Anno Domini 1670 an ḃliaḋna do ṫeasda Eoin Múideórdaċ i nÉirisgáiġ i nUiḃist agus do cuireaḋ a ċorp i dToġ Mór, ar ḃfágḃáil a ṁic, .i. Doṁnall,


  1. ḃuaillog = ḃfuailleog ?