Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

40

agus triúr inġean, .i. Mór, baintiġearna Ċola; Caitríona, baintiġearna Ḃarraiġ; agus Anna, baintiġearna Ḃeinne Ḃaġla. Doṁnall mac Eoin Ṁúideórdaiġ, sé bliaḋna déag eidir bás a aṫar agus a ḃás. Do ċaiṫ sé na sé bliaḋna déag sin ré gnóiḋiḃ síoṫċána, seal ag feiṫeaṁ cúirte lán do ċion agus d’onóir tré ḟeaḃas a ḃéas agus a ḋeaġ-iomċuir agus seal oile ag baile ré díol ainḃfiaċ. Do éag i gCannaiġ san ḃliaḋna 1686 an ḃliaḋain ċéadna teasda an dara Rí Séarlus. Do cuireaḋ corp an Doṁnaill-se i dToġ Mór i n-aon leabaiḋ re a aṫair, ar ḃfágḃáil deise mac agus triúr inġean ’na ḋiaiḋ .i. Ailín an tiġearna agus Raġnall Mór, agus Seonóid agus Máire na hinġeana. Mór, inġean Eóin Ṁic Leóid, a máṫair; agus Mór, inġean Ruaiḋríoġ Ṁóir, máṫair a n-aṫar .i. Doṁnall. Fá mór an truime agus an t-urḋuḃaḋ do ċuir bás an deiġ-ḟir-se ar Innsiḃ Gall aṁail ṫaisbéntar ’na ṁarḃnaiḋ:


IV.

MARḂNAIḊ ḊOṀNAILL ṀIC EÓIN ṀÚIDEÓRDAIĠ

d’éag san ḃliaḋain 1686.

NIALL MAC ṀUIREAḊAIĠ cct.

I.



Deireaḋ d’aoiḃneas Innsi Gall
Éag aoin-ḟir an losgaḋ lom
Tosaċ cuṁaḋ giḋ eaḋ ann
Duḃaḋ naċ [fann] feaḋ na ḃfonn.

II.


Ó ḃás ḟéinniḋ ḟola Ċuinn
Ní fuil croiḋe gan ċneiḋ dtinn:
Gan anáir ó ċáċ don ċloinn
Soirḃ go bráċ gaḃáil a ngill.