Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

29

Ó na haḋḃaraiḃ-se do ṫuit trom na gcreaċ do ċur don ċampa ráiṫe an tsaṁraiḋ sin air. Tug sé creaċ ṁór a dúṫaiġ Ṁórṁaoir Ṁarsal agus creaċ ó Maċaire Aonġuis agus is é do ċreaċ an Ṁaoirne. Tárla seanduine onóraċ dóiḃ agus iad ar an ċreiċ sin do ḃí ag innisin sgéala is seanċais dóiḃ. I gceann gaċ sgéil eile dár innis dóiḃ aduḃairt nár creaċaḋ an Ṁaoirne ón aimsir do creaċaḋ le Doṁnall a hÍle í an ḃliaḋain tug sé caṫ Garḃṫoċ do Ḋiúiḃċe Murċaḋ, “agus saoilim, a ógánaiġ, gur ar slioċt na ndaoine atá siḃ-se, ma’s siḃ caiptín Ċloinne Raġnaill."

’Mán am so do ċruinniġ Coṁairle na hAlban i gceann a ċéile. Do ṁeas[1] siad gur nár agus sgannalaċ ḋóiḃ pártaiġ ḃeag airm do Ġaoiḋealaiḃ do ċíosaċaḋ na ríoġaċta. Uime sin do ċuireadar cruinniuġaḋ ar ṡluaġaiḃ na ríoġaċta uile an ṁéid do ḃí ionairm ḋíoḃ. Do ġluaiseadar i ndiaiḋ Muntrós agus Ġaoiḋeal an mórṡluaġ sin na hAlban, a n-uaisle agus a n-oifigiġ, a marrsceannuiḋe agus mairnéalaiġ, ionnus go raiḃe cúig míle maraiḋe ’na gcuideaċta nár ṫroid ar tír riaṁ gus an uair-se. Anuair do ṁoṫuiġ an beag-ṡluaġ sin Ríoġ Breatan agus Ġaoiḋeal an ní sin do ċuireadar gléas coiṁéada orṫa féin dá ndídean ó ṫír go tír agus ratréta orṫa gaċ aon lá agus imṫeaċt ar éigin aca-san ’gá ḋéanaṁ go hurrunnta eolgasaċ.

Lá ḋóiḃ ó Ċoill Ṁeaḋóin agus ratréta go teann agus imṫeaċt ar éigin aca, do b’é lá fá mó an t-arm náṁad do ċonncadar riaṁ ’na ndiaiḋ. Tárla do ṁac Eóin Ṁúideórdaiġ agus dá ṁuinntir a ḃeiṫ san rírar an lá agus an maiġeir sinireil ag seasaṁ a ṗosda féin ar aon riú agus troid do ġnáṫ ag a náṁaid do ċongḃáil orṫa. Do ḃí aon ṁarcaċ arranta roiṁ ċáċ ag teaċt isteaċ do


  1. ṁios, Téx.