Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

12

II. Caiṫreím Ċlainne Raġnaill.

Niall Mac Ṁuireaḋaiġ do ḋeaċtuiġ.


I.

Tráċtaim ar ní éigin dár éiriġ re linn m’aimsire féin. Is é fá rí re linn mo ċéad ċuiṁne .i. an ċéad Ṡéarlus mac don tseiseaḋ Séamus don treiḃ Stiuḃardaiġ. Ag so cuid do na huaċtaránaiḃ do ḃí ar Ġaoiḋealaiḃ fán ríġ san aimsir sin .i. Raġnall Óg mac Raġnaill Arannaiġ, Marcós Aontroma ar an Rúta agus ar na Glinniḃ i nÉirinn, agus Giolla-Easbuig Caoċ mac Giolla-Easbuig Ġruamaiġ ṁic Giolla-Easbuig Ḋuinn .i. Marcós Earr-Ġaoiḋeal; Sir Laċluinn Mac Giolla Eóin, tiġearna Ḋuḃaird; Eoin Múideórdaċ mac Doṁnaill ṁic Ailín, caiptín Cloinne Raġnaill agus tiġearna Ṁúideórd agus Uiḃist, Eoin mac Ruaiḋrí Ṁóir Ṁic Leóid na hEaraḋ; Sir Doṁnall Gorm mac Giolla-Easbuig Ṁic Ḋoṁnaill triaṫ Ṡléiḃte agus Ṫróntarnis, cúirtéir mór ag Rí Séarlus; agus Niall an Ċaisléin mac Néill Ṁic Néill Ḃarraiġ; Laċluinn mac Eóin Ḃailḃ Ṁic Ḟionġuine an tSraṫa; Eoin Garḃ mac Giolla Ċoluim Raarsaiġ. Eóin Garḃ mac Eóin Abraiġ, tiġearna Ċola agus Murċaḋ Mac Giolla Eóin Loċa Buiḋe; Doṁnall an tSróim mac Aonġusa ṁic Alasdair, tiġearna Glinne Garaḋ agus Cnoideḃart ’na ṡean-laoċ i dtosaċ mo ċuiṁne agus a ua ’na ógánaċ ar láiṁ i nDún Éadain agus ’na ḋiaiḋ sin ’na ṁórṁaor Ċloinne Doṁnaill .i. Aonġus mac Alasdair ṁic Ḋoṁnaill; agus Ailín mac Doṁnaill duiḃ ’na uaċtarán ar Ċloinn Ċamṡróin agus a ua sain ’na ógánaċ .i. Eoġan mac Eáain ṁic Ailín ṁairfeas fós; agus Seorus Donn Mac Coinniġ Óig