Page:Alasdair Mac Colla - Laoide.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

11

dob’ eaḋ é, agus fuair sin uaiḋ. Leis sin ṫáinig oifigeaċ Sasanaċ, Major Purdon a ainm, agus d’ḟiafruiġ de’n Ġrádaċ cia’rḃ’ é seo fuair a anam uaiḋ. D’innis sé dó cia’rḃ’ é. D’iompuiġ an Sasanaċ, ṫóg piostol agus sgaoil an t-urċor tré inċinn Alasdair ṁic Colla.

D’ḟág Alasdar slioċt ’na ḋiaiḋ agus tá an slioċt soin isna Glinniḃ i gConndae Aontroma go dtí an lá atá indiu ann.

Séamus mac Ṁiċil Ruaiḋ ṁic Alasdair ṁic Colla an Ṁuilinn ṁic Alasdair ṁic Colla Ċiotaiġ, is é an Doċtúir Mac Doṁnaill úd do ċuir ar bun feis na gcláirseaċ i mBéal Feirsde tá breis agus céad bliaḋain ó ṡoin ann.

Tá cuiṁne ar Alasdar mac Colla ag Gaeḋealaiḃ na hAlban go fóill, agus is iomḋa sgéal atá ar innsint aca ar a ġníoṁarṫaiḃ gaisgiḋ agus ar a ċalmaċt. Is beag dá ċuiṁne atá ar marṫain i nÉirinn, aċt tá port ann darab ainm Mairseáil Alasdruim, agus is é tuairim na ndaoine gurab é an port soin do seinneaḋ ḋó an tráṫ ḃí sé ag gluasaċt ċum caṫa ar Ċnoc na nOs.