Muintir Bhaile Átha Cliath/Scamall Beag

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Scamall Beag
[ 85 ]

SCAMALL BEAG


Chuaigh ocht mbliana thart ó d’fhág sé slán ag a chara ag an Phort Thuaidh. D’éirigh go maith le Gallaher[1] sa tsaol. Ba léir sin ón chuma air go raibh cuid den tsaol thar lear feicthe aige. Ba léir é freisin óna chulaith deá-dhéanta agus óna thuin neamheaglach. Ba bheag fear eile a rugadh lena leithéid de bhuanna agus ba lú daoine fós nár mhill rath sa tsaol a mianach. Bhí a chroí san áit cheart aige agus bhí a rath tuilte aige. Ba mhór an rud é cara mar sin agat.

Ar a thionól le Gallaher, ar chuireadh Gallaher agus ar chathair mhór Londain a bhí aire iomlán Little Chandler[2] ó am lóin i leith. Little Chandler an leasainm a bhí air mar, cé nach raibh sé ach beagnach faoi bhun na meán-airde, shílfeá gurbh fhear beag é. Bhí lámha beaga bána aige, ba sheang a chreat, ba chiúin a ghuth agus ba chaoin a bhéas. Thugadh sé aire na huibhe circe dá chuid gruaige finne míne agus dá chroiméal agus chuireadh oiread na fríde cumhráin ar a chiarsúr phóca. Bhí a ingne ina leatha gealaí foirfe agus nuair a dhéanadh sé aoibh an gháire gheofá spléachadh ar rang fiacla a bhí chomh bán le fiacla páiste.

Rinne sé a mhachnamh ar na athruithe a rinne na hocht mbliana sin. An cara a bhí aige nuair a bhí sé beo bocht, d’iompaigh amach ina [ 86 ]phearsa mór le rá sa London Press. Is minic a d’éirigh sé as a scríbhneoireacht leadránach a stánadh amach an fhuinneog. Luisnigh na plásóga agus na cosáin le luí na gréine dheireadh Lúnasa. D’fhear sé cith cré séimh órga ar na banaltraí míshlachtmhara agus ar na seanfhir cranda a bhí ag míogarnach ar na binsí – ar na páistí a rith ar na cosáin gairbhéil ag screadadh dhóibh agus ar gach duine a chuaigh trí na gairdíní. D’amhairc sé ar an radhairc agus smaoinigh sé ar an tsaol; agus (mar a tharla i gcónaí nuair a smaoinigh sé ar an tsaol), tháinig gruaim air. Ghlac maoithneachas caoin seilbh air. Ba chath caillte leis streachailt in éadan a chinniúna: seo an t-ualach críonnachta a d’fhág an t-achar seo ama le hucht aige.

Chuimhnigh sé ar na leabhair filíochta ar a sheilfeanna sa bhaile. Cheannaigh sé iad le linn a laethanta baitsiléara agus ba iomaí tráthnóna agus é ina shuí sa tseomra beag le taobh an halla, a tháinig cathú air ceann a tharraingt anuas as an tseilf a léamh rud éigean as dá bhean chéile. Do chuir a chúthaileacht srian air i gcónaí áfach; agus mar sin d’fhan na leabhair ar na seilfeanna.

Nuair a bhuail an clog am dheireadh a chuid oibre sheas sé suas agus d’fhág a dheasc agus a chomhchléirigh go pointeáilte. Bhí cosúlacht an duine umhail néata air ag teacht amach faoi áirse fheodach Óstaí an Rí dó. Shiúil sé go tapa síos Sráid Henrietta. Bhí an ghrian órga beagnach dulta fúithi agus bhí goimh fuachta tagtha san aer. Bhí an tsráid dubh le páistí brocacha. [ 87 ]Sheasadar nó ritheadar i lár an bhóthair nó shnámhadar suas na céimeanna faoi dhoirse oscailte nó bhuaileadar fúthu ag na tairseaca ar nós luch. Níor thug Little Chandler aird dá laghad orthu. Shnigh sé a bhealach tríd an bheatha bheag bhídeach ar fad sin a bhí ar nós míolra gur chuaigh faoi scáth na dtithe móra loma taibhsiúla inar chónaigh lucht uasal Átha Cliath tráth dá raibh. An t-am a chuaigh thart, níor ghoill air, mar bhí a intinn lán de lúcháir san am i láthair.

Ní raibh sé i dtigh Corless[3] riamh ach thuig sé luach an ainm. Bhí a fhios aige go ndeachaidh daoine ann tar éis na hamharclainne a itheadh oisrí agus a ól liqueurs; agus chuala gur labhair na freastalaithe Fraincis agus Gearmánais ann. Ag siúl thairis go mear san oíche dhó, chonaic coistí ag stopadh os comhair an dorais roimhe sin gur tháinig mná uaisle gléasta go galánta, gur thángadar anuas de na cóistí in éineacht le cavaliers agus chuaigh isteach de sciotán. Bhí gúnaí taibhseacha agus go leor sraitheanna éadaí á gcaitheamh acu. Bhí púdar ar a n-aghaidh agus rugadar greim ar a ngúnaí ag tuirlingt anuas den chóiste ar an talamh dóibh ar nós Atlantas[4] scáfara. Níor thug sé a aghaidh riamh orthu a amhairc orthu agus é ag dul thar an doras. Nós leis ab ea siúl go mear sa tsráid, go fiú amháin sa ló, agus am ar bith a tharla dhó sa chathair go déanach san oíche, bhrostaigh ar a bhealach go himníoch corraithe. Scaití, áfach, thugadh sé dúshlán údair a eagla. Roghnaíodh na sráideanna ba dhorcha agus ba chaola go mbuaireadh, agus é ag siúl chun cinn go dána, go mbuaireadh an ciúnas a bhí leathnaithe timpeall a choiscéimeanna é, go scanraídís deilbheacha fánacha tostacha daoine eile é agus amannta go gcuireadh gáire íseal a d’éalaigh san aer é ag crith ar nós duilleoige. [ 88 ]Chas sé ar dheis i dtreo Shráid Chéipil. Ignatius[5] Gallaher ar fhoireann an London Press! Cé a cheapadh go bhféadfadh sin tarlú ocht mbliana ó shin. Mar sin féin, anois agus é ag breathnú siar ar an am a chuaigh thart, tháinig neart comharthaí chun cuimhne dho Chandler Bheag go mbeadh todhchaí mhór ag a chara. Deireadh daoine go raibh Ignatius Gallaher drabhlásach. Ar ndóigh, is fíor gur thaithigh sé dream de scódaithe ag an am, gur ól gan srian agus go bhfuair iasacht airgid ó gach thaobh. Sa deireadh, tharraing sé scéal amhrasach éigean air féin, gnó airgid éigin: pé ar bith é, ba leagan amháin é sin de chúis a theite. Ach níor shéan duine ar bith go raibh tallann aige. Bhíodh rud éigean... faoi leith in Ignatius Gallaher a théadh i bhfeidhm ort de d’ainneoin féin. Go fiú amháin nuair a bhíodh sé beo bocht agus géarghá aige le hairgead, níor chaill a mhisneach. Chuimhnigh Chandler Beag (agus tháinig luisne bheag bróid ina ghrua leis an chuimhne) ar cheann de sheanfhocil Gallaher nuair a bhíodh sé i gcruachás:

“Leath ama anois, a bhuachaillí,” a deireadh go haerach. “Cá bhfuil mo chaipín machnaimh?”

Ba é sin Ignatius Gallaher amach is amach; agus, go deimhin féin, ní fhéadfá ach meas a bheith agat air mar gheall air.

Ghéaraigh Little Chandler ar a chois. Don chéad uair ina shaol ba níos fearr leis é féin ná na daoine eile ar chuaigh sé tharstu. Don chéad uair, d’éirigh a anam amach i gcoinne mhíghrástúlacht ghruama Shráid Chéipil. Ní raibh dabht ar bith faoi, dá mba mhian leat déanamh dul chun chinn sa tsaol, níor mhór dul ar imirce. Ní fhéadfá dada a dhéanamh in Áth Cliath. Agus é ag trasnú Dhroichead Grattan, d’amhairc síos an abhainn i dtreo na [ 89 ]gcéanna íochtaracha agus ghlac trua do na tithe beaga craptha. Samhlaíodh dhó iad mar bhaicle bacach, iad teannta go dlúth le chéile ar bhruacha na habhann, a seanchótaí clúdaithe le deannach agus le súiche, mearbhall orthu ag radharc luí na gréine agus ag fanacht le céad-fhuacht na hoíche, a d’iarrfadh orthu éirí ina seasamh, an deannach a chroitheadh dhíobh féin, agus imeacht leo. Ní fheadair an dtiocfadh leis scríobh dáin a chuirfeadh a smaoineamh i bhfocail. B’fhéidir go bhféadfadh Gallaher tabhairt faoi deara do pháipéir Londain éigean é a fhoilsiú. An bhféadfadh sé scríobh ruda éigin nua, leithligh. Ní raibh sé cinnte cén smaoineamh ar mhian leis cur in iúl ach mheas gur chuaigh nóiméad fileata i bhfeidhm air, gur gineadh istigh ann féin é mar a bheadh dóchas óg nua ann. Shiúil chun cinn go misniúil.

Thug gach coiscéim níos giorra do Londain é, níos faide óna shaol stuama neamhealaíonta féin. Thosaigh solas ag preabadh ar léaslíne a mheabhrach. Ní raibh sé sean fós – bhí sé dhá bhliain déag is fiche d’aois. D'fhéadfaí rá go raibh a mheon ar tí teachta in inmhe. A liacht sin mothúchán agus imprisean ar mhian leis cur síos orthu i rann! D’airigh iad istigh ann féin. Rinne sé iarracht thomhas a anama féachaint arbh anam file é. Ba é an maoithneachas an tréithe ba láidre dá mheon, a mheas sé, ach ba mhaoithneachas é a raibh nóiméid creidimh agus a raibh géilleadh dá chinniúint agus a raibh aoibhneas simplí ina n-orlaí tríd. Dá bhféadadh sé tabhairt gutha dá mheon i leabhar dánta b’fhéidir go n-éistfidís fir leis. Ní bheadh seisean ina chroí agus ina anam cuideachta riamh: ba léir dó sin. Ní raibh sé d'acmhainn aige cur faoina gheasa an tslua, ach seans go dtaitneodh sé le baicle beag daoine cosúil leis féin. Na léirmheastóirí Sacsanacha, b’fhéidir go n-aithneoidís siúd é mar dhuine den [ 90 ]éigse Cheilteach[6] mar gheall ar chuma mhaoithneach a dánta; thairis sin, chuirfeadh sé claontagairtí isteach ann. Thosaigh sé ag cumadh abairtí agus focal a thiocfadh ón tsuim a chuirtí sa leabhar. “Tá bua na filíochta caoine grásta ag Mr Chandler.” ... “Tá cian cumhach fite fuaite sna dánta seo.” ... “An séis Cheilteach.” Ba é an feall nach raibh cuma níos Éireannaí ar a ainm. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr cur ainm a mháthar roimh an tsloinne: Thomas Malone Chandler,[7] nó, níos fearr fós: T. Malone Chandler. Labhródh sé le Gallaher faoi.

Lean sé lena bhrionglóid leis an oiread sin díocais gur chuaigh thar a shráid agus gurbh éigean dó casadh ar ais. Agus é ag teacht i ngar do thigh Corless thosaigh a sheanbhuaireamh ag fáil na láimhe in uachtair air gur stad sé ag an doras agus é cráite ag galar na gcás. Faoi dheireadh d’oscail sé an doras agus chuaigh isteach. Choinnigh solas agus tormán an tí ósta sa doras é ar feadh nóiméid. D'amhairc sé ina thimpeall, ach loinnir an iliomad fíonghloiní dearga agus glasa, chuir mearbhall air. Bhí an beár dubh le daoine, dar leat, agus samhlaíodh dhó go raibh sé dá scrúdú go caidéiseach. Thug sé silleadh súl ar a dheis is ar a chlé (agus é ag cur gruaime ina mhalaí chun chur cuma dáiríre ar a theacht), ach nuair a mhaolaigh an dalladh súl air thug faoi deara nár chas na daoine thart le féachaint air: agus ceart go leor bhí Ignatius Gallaher ansin ina sheasamh i gcoinne an chuntair agus a dhá chos curtha i dtaca i bhfad óna chéile.

“Hallo, Tommy, a sheanlaoch, taoi ann! Céard [ 91 ]a bheas agat? Céard a ólfair? Fuisce a bheas agamsa: níos fearr ná an stuif trasna na farraige. Soda? Lithia?[8] Gan uisce coipthe? Ná agamsa ach oiread. Milleann sé an blas... Gabh i leith, garçon, beir dhá leathghloine fuisce braiche chugainn, togh fir... Well, agus cén chaoi ‘bhfuil rudaí leat ón uair dheireanach a chonaiceas thú? A Dhia na glóire, is ag dul amach in aois atáimid! An bhfeicir aon rian críonnachta ionamsa – eh, what? Ábhairín liath agus scáinte sa bhaithis – what?”

Bhain Ignatius Gallaher de a hata gur nocht ceann mór dlúthbheartha. Ba throm, mhílítheach agus ghlanbheartha a aghaidh. Mhaolaigh a shúile a raibh dath slinnliath i leith na goirme orthu, mhaolaíodar a dhroch-lí agus lonraíodar go sonrach os cionn an charbhait oráiste ghlé a bhí á chaitheamh aige. Ba an-fhada, anchumtha agus báiteach iad a bhéil leat idir na ceannaithe contrártha seo. Chrom sé a cheann a bhrath na gruaige scáinte ar an bhaithis go cásmhar le dhá mhéar. Chroith Little Chandler a cheann mar chomhartha séanta. Leag Ignatius Galaher a hata ar a cheann in athuair.

“Súnn sé do mhisneach,” ar sé. “Saol na nuachtán. Síorchruóg ort, ag cuardach cóipe agus scaití ní aimsír í: agus ansin, ní mór ábhar nua bheith i do shaothar i gcónaí. Na profaí agus na printéirí damanta, a deirim, ar feadh roinnt laethanta. Is mór an sásamh dhom caitheamh scaithimh ar ais sa bhaile, mise á rá leat. Déanann sé a leas do dhuine, cúpla lá saoire. Airím i bhfad níos fearr ó thángas i dtír ar Áth Cliath brocach mo chroí... Seo dhuit, Tommy. Uisce? Abair é nuair a bheas do dhóthain ann.” [ 92 ]Lig Little Chandler dó cur neart uisce tríd a uisce beatha.

“Ní léir duit do leas, a bhuachaill,” ar Ignatius Gallaher. “Ólaim mo chuidse ar a aghaidh.”

“Déanaim nós de ól fíorbheagáin,” ar Little Chandler go humhal. “An leathghloine corr nó mar sin nuair do chasaim le duine den tseandream: sin an méad.”

Ah, well,” ar Ignatius Gallaher go sona, “ólaimis ár sláinte agus sláinte an tseansaoil agus an tseanaitheantais.”

Clingeadar gloinní agus d’óladar.

“Chasas le roinnt den tseandream inniu,” ar Ignatius Gallaher. “Tá cuma na droch-chaoi ar O’Hara. Céard atá ar siúl aige?”

“Dada,” “d’imigh an diabhal air.”

“Ach tá post breá ag Hogan, nach bhfuil?”

“Tá; tá sé fostaithe ag Coimisiún na Talún.”[9]

“Bhuaileas leis oíche amháin i Londain agus bhí an chosúlacht air go raibh raidhse airgid aige... O’Hara bocht. An t-ól, is dóigh?”

“Rudaí eile lena chois sin,” a chaith Little Chandler.

Lig Ignatius Gallaher gáire.

“Tommy,” ar sé, “feicim nár tháinig athrú dá laghad ort. Taoi díreach mar a bhís nuair a thugtá léacht dom gach maidin Dé Domhnaigh agus cloigeann tinn orm agus screamh ar mo theanga. Ba cheart duit cuid den domhan a shiúl. An raibhis riamh ar turas thar lear?” [ 93 ]“Bhíos ar Oileán Mhanainn,”[10] ar Little Chandler.

Lig Ignatius Gallaher gáire.

“Oileán Mhanainn!” ar sé. “Téigh go Londain nó go Páras, go Páras más féidir. Dhéanfadh sin maitheas duit.”

“An bhfuil Páras feicthe agat?’”

“D’fhéadfá rá go bhfuil. Chaitheas tamaill inti.”

“Agus an bhfuil sí chomh hálainn agus a deirtear?,” a d’fhiafraigh Little Chandler.

Bhain sé súimín beag as a fhuisce fad a dhiurnaigh Ignatius Gallaher a ghloine siúd go dána.

“Go hálainn?” ar Ignatius Gallaher, ag baint faid as an fhocal agus as blas a dhí. “Níl sí chomh hálainn sin, ‘bhfuil fhios agat. Ar ndóigh, tá sí go hálainn... ach is é a dua a beocht; sin an rud fúithi. Á, níl cathair eile inchurtha le Páras ó thaobh meidhre, gluaiseachta, fuadair...”

Chríochnaigh Little Chandler a uisce beatha agus, tar éis fháil bheagán dua leis, d’éirigh leis tarraingt ard an fhear beáir. D’ordaigh an rud céanna arís.

“Bhíos sa Moulin Rouge,” a lean Ignatius Gallaher nuair a bhailigh an fear beáir a ngloiní, ‘agus bhíos sna caiféanna Boihéamacha go léir. Áiteanna teasaí! Ní fheilidís do bhuachaill naofa mar aon leatsa, Tommy.”

D’fhan Little Chandler ina thost gur fhill an fear beáir le dhá ghloine: ansin chling gloine a chara go héadrom mar chúiteamh ar an chéad-shláinte a óladh. Bhí díomá bheag ag teacht air. Níor thaitin tuin na Gallchabhrach ná an dóigh a [ 94 ]chur sé a smaointe i bhfocail leis. Bhí rud éigean graosta i mianach a chara nár thug sé faoi deara roimhe sin. Ach b’fhéidir nach raibh sa mhéad sin ach an toradh ar a chur faoi i Londain i measc fhuadar agus choimhlint na Nuachtán. Bhí an sean-charisma fós ann taobh thiar de na dóigheanna spiagaí seo aige. Agus, ar a shon sin is uile, ba eachtrúil a shaol, chuir sé eolas mór ar an domhan. D’amhairc Little Chandler go héadmhar ar a chara.

“Tá gach ní sa Pháras aerach,” ar Ignatius Gallaher. “Creidid gur ceart sult a bhaint as an tsaol – agus measair nach bhfuil an ceart acu? Más mian leat baint aoibhnis cirt as an tsaol, téigh go Páras. Agus, rud eile dhe, tá an-chion acu ar na hÉireannaigh ann. Nuair a chualadar gur Éireannach mé, thiteadar i grá liom, a bhuachaill.”

Bhain Little Chandler ceithre nó chúig súimín as a ghloine.

“Inis dom,” ar sé, “an fíor é go bhfuil an Páras chomh... mímhorálta is a deirtear?”

Chorraigh Ignatius Gallaher a lámh i gcomhartha Caitliceach.[11]

“Tá gach aon áit mímhorálta,” ar sé. “Ar ndóigh, is fíor é go dtagtar ar stumpaí breátha macnasacha sa Pháras. Téigh chuig ceann de bháil na mac léinn, mar shampla. Bíonn sé sin bríomhar, más mian leat, nuair a scaoilid na cocottes faoi. Tá a fhios agat céard iad siúd, is dóigh?”

“Chualas trácht orthu,” ar Little Chandler.

Chaith Ignatius Gallaher siar deireadh a fhuisce agus chroith a cheann.

“Á,” ar sé, “abair do rogha rud faoi. [ 95 ]Níl bean ar bith eile inchurtha le Parisienne – ó thaobh galántachta, ó thaobh teaspúlachta.”

“Is cathair mhímhorálta í mar sin,” ar Little Chandler le seasmhacht fhaiteach – is é sin le rá, i gcomparáid le Londain nó Áth Cliath?”

“Londain!” a deir Ignatius Gallaher. “Is é an dá mar a chéile iad. Cuir ceist ar Hogan, a bhuachaill. Thaispeánas cuid de Londain dó nuair a bhí sé thall ansin. D'osclódh seisean do shúil... muise, ná déan punch den fhuisce sin: ól siar é.”

No, le bheith fírinneach...”

“Á, lag as, ní dhéanfaidh ceann eile aon dochar duit. Céard a bheas agat. An rud céanna, is dóigh?”

Well ... tá go maith.”

“François, an rud céanna arís... an gcaithfir gal, Tommy?”

Tharraing Ignatius Gallaher cás todóg amach. Las an dá chara a dtodóga agus tharraingíodar orthu gan rá focail fad is a bhí a ndeochanna ag teacht.

“Nochtfad mo thuairimse duit,” ar Ignatius Gallaher, agus é ag taibhsiú de réir a chéile tríd na scamallaibh deataigh, “is ait an mac an saol. Cuir mímhoráltacht ar mhímhoráltacht! Chualas trácht ar chásanna – céard atá á rá agam? - chonaiceas iad: cásanna ... mímhoráltachta ...”

Bhain Ignatius Gallaher cúpla smailceacha as a thodóg go machnamhach agus ansin, i nguth stuama an tseanchaí, ghabh ar aghaidh ar leagan amach cúpla srac-léaráidí den choiriúlacht a bhí forleathan thar lear. D'achoimrigh duáilcí go leor cathracha agus bhronn [ 96 ]an chraobh ar Bheirlín, dar leat. Ní fhéadfadh sé dul in urrús ar roinnt rudaí (mar ba iad a chairde a d’inis iad dó), ach maidir le cuid eile dhíobh, bhí taithí aige féin go pearsanta orthu. Níor chuaigh aicme ná cine saor óna bhreithiúnas. Nocht sé neart scéalta rúnda na dtithe reiligiúin ar an Mhór-Roinn agus nocht cuid de na nósanna a chleachtaí i measc na huasaicme agus, mar chríoch, d’eachtraigh scéal faoi bhandiúc Sacsanach – scéal arbh fhios dó a fhírinne. Bhí alltacht ar Little Chandler.

“Á, bhuel,” ar Ignatius Gallaher, “seo sinne in Áth Cliath sean, malltrialach, áit nach dtarlaíonn a leithéid de rudaí inti.”

“Ní mó ná gur leamh leat í,” ar Little Chandler, “i ndiaidh na n-áiteanna eile atá feicthe agat!”

Well,” ar Ignatius Gallaher, “deis dom ligean mo scíth is ea teacht anall anseo, an bhfuil fhios agat. Agus, tar éis an tsaoil, is í an tseantír í, mar a deirtear, nach ea? Ní thig leat ach dáimh éigean a bheith agat air. Sin an nádúr daonna ... Ach abair liom rud éigean fútsa. Dúirt Hogan liom go bhfuairis aithne ar aoibhneas an phósta ... Dhá bhliain ó shin, an ea?”

Dhearg Little Chandler agus rinne aoibh an gháire.

“Sea.” ar sé. “Bhí sé dhá mhí déag ó phósas i mí an Mheithimh seo caite.” “Tá súil agam nach bhfuil sé ródhéanach le guí áidh móir ort,” ar Ignatius Gallaher. Ní raibh do sheoladh baile ar eolas agam nó, murach sin, dhéanfainn é ag an am.” Shin sé a lámh amach agus ghlac Little Chandler léi. [ 97 ]Well, Tommy,” ar sé, guím aoibhneas an tsaoil ort, a sheanbhuachaill, agus na táinte airgid, agus nár bhásaí tú riamh go lámhacha mé thú. Agus sin guí an charad dhílis, an tseancharad. An bhfuil a fhios agat sin?” “Tá a fhios agam,” ar Little Chandler. “An bhfuil gasúir agat?” a dúirt Ignatius Gallaher. Dhearg Little Chandler arís.

“Tá páiste amháin againn,” ar sé.

“Mac nó iníon?”

“Buachaill beag.”

Thug Ignatius Gallaher bos sonda sna slinneáin dá chara.

“Mo cheol thú,” ar sé, “ní bheadh aon amhras orm ina thaobh uait, Tommy.”

Rinne Little Chandler meangadh gáire, d’amhairc go mearbhlach ar a ghloine, gur chogain a liopa íochtar le trí fiacail a bhí chomh bán le fiacla páiste.

“Tá súil agam go gcaithfir oíche linn,” ar sé, sula dté tú ar ais. Beidh lúcháir ar mo bhean romhat. Tig linn éisteacht le beagán ceoil agus - ”

“Go raibh míle maith agat, a sheanbhuachaill,” ar Ignatius Gallaher, “tá aiféala orm nár bhuaileamar lena chéile níos luaithe. Ach ní mór dom imeacht anocht.”

“Anocht, b’fhéidir ...?”

“Is mór an t-aiféala atá orm, a mhic. Is é an chaoi a bhfuil sé, táim anonn anseo in éineacht le duine eile, stócach éirimiúil is ea é freisin, agus bheartaíomar dul chuig cluiche beag cártaí. Murach sin ...”

“Ó, sa chás sin ...”

“Ach cá bhfios?,” ar Ignatius Gallaher [ 98 ]go tuisceanach. “An bhliain seo chugainn, b’fhéidir go dtabharfad sciuird anonn anseo anois ó briseadh leac an doichill. Níl ann ach pléisiúr a cuireadh ar atráth.”

“Tá go maith,’ ar Little Chandler, ‘an chéad-uair eile a thiocfair, caithfimid caitheamh oíche le chéile. Tá sé ina mhargadh anois, nach bhfuil?”

“Tá, cinnte,” ar Ignatius Gallaher. “An bhliain seo chugainn, má thagaim, parole d’honneur.”

“Agus mar dhaingniú ar an mhargadh,” ar Little Chandler, “beidh ceann amháin eile againn anois.”

Thóg Ignatius Gallaher uaireadóir mór óir amach a amhairc air.

“An é an ceann deireanach a bheas againn?” ar sé. “Mar, tá coinne agam, ‘bhfuil ‘fhios agat.”

“Ó, cinnte sea,” ar Little Chandler.

“Ceart go leor, mar sin,” ar Ignatius Gallaher, “bíodh ceann eile againn mar deoc an dorais [sic] – sin Gaelic mhaith ar fhuisce beag, creidim.”[12]

D’ordaigh Little Chandler na deochanna. An luisne a las ina ghrua scaitheamh roimhe sin, bhí sí ag fáil an ceann is fearr air. Chuir an rud is lú an luisne ina ghrua ag nóiméad ar bith: agus anois bhí a fhuil lasta tógtha. D’éirigh trí fhuisce beag sa cheann air agus chur todóg láidir Gallaher as dá intinn, óir ba dhuine íogair é a staonadh ón ól agus ón tobac de ghnáth. Ba eachtra í bualadh le Gallaher tar éis achair ocht mbliana, bheith i gcomhluadar Gallaher i dtigh Corless i measc soilse agus fothraim, éisteacht le scéalta Gallaher agus saol seachránach buacach Gallaher a bhlaiseadh ar feadh tamaill big, ba eachtra í a chuir a nádúr íogair as compás. Ba rí-léir dó an chodarsnacht idir a shaolsa agus saol a charad, [ 99 ]agus b’éagórach leis é. Ní raibh Gallaher incurtha leis ó thaobh uaisleachta ná oideachais. Bhí sé cinnte dhe go raibh sé d'acmhainn aige rud níos fearr a dheánamh sa tsaol ná mar a rinne a chara riamh ná mar a bhféadfadh seisean déanamh riamh, go raibh sé d'acmhainn aigesean déanamh ruda éigin níos uaisle ná an iriseoireacht shuarach, ach fáil an tseans. Céard a bhí sa bhealach air? A scáithínteacht mhallaithe! Ba mhian leis dearbhú a intleachta ar dhóigh éigean, cur in iúl a fhíriúlachta. Thuig sé an fhíorchúis laistiar d’eiteach a charad dá chuireadh. Ní raibh Gallaher ach ag déanamh ghiolla dhe lena chairdeas, faoi mar a bhí sé ag déanamh uasail le híseal ar Éirinn lena chuairt uirthi. Rug an fear beáir a ndeochanna chucu. Bhrúigh Little Chandler gloine amháin chuig a chara agus thóg an ceann eile go dásachtach.

“Cá bhfios?” ar sé, agus iad ag ardú a ngloiní. “nuair a thiocfair an bhliain seo chugainn, b’fhéidir go mbeidh sé de phléisiúr agam saol fada sona a ghuí ar Mr agus Mrs Ignatius Gallaher.”

Dhún Ignatius Gallaher súil amháin os cionn bhéal a ghloine agus é ag ól. Nuair a bhí bolgam ólta aige, bhain smeachadh as a liopaí go diongbháilte, leag síos a ghloine agus ndúirt:

“Is beag beag an baol ar sin, a mhic. Bainfead ceol as an tsaol ar dtús agus cuirfead eolas ar an tsaol agus ar an domhain sula dté mé faoi chuing an phósta – má théim riamh.”

“Déanfair é lá éigean,” ar Little Chandler go ciúin.

Thug Ignatius Gallaher a charbhait agus a shúile slinnghorma thart go lán-díreach ar a chara.

“Measair?” ar sé. [ 100 ]agus b’éagórach leis é. Ní raibh Gallaher incurtha leis ó thaobh uaisleachta ná oideachais. Bhí sé cinnte dhe go raibh sé d'acmhainn aige rud níos fearr a dheánamh sa tsaol ná mar a rinne a chara riamh ná mar a bhféadfadh seisean déanamh riamh, go raibh sé d'acmhainn aigesean déanamh ruda éigin níos uaisle ná an iriseoireacht shuarach, ach fáil an tseans. Céard a bhí sa bhealach air? A scáithínteacht mhallaithe! Ba mhian leis dearbhú a intleachta ar dhóigh éigean, cur in iúl a fhíriúlachta. Thuig sé an fhíorchúis laistiar d’eiteach a charad dá chuireadh. Ní raibh Gallaher ach ag déanamh ghiolla dhe lena chairdeas, faoi mar a bhí sé ag déanamh uasail le híseal ar Éirinn lena chuairt uirthi. Rug an fear beáir a ndeochanna chucu. Bhrúigh Little Chandler gloine amháin chuig a chara agus thóg an ceann eile go dásachtach.

“Cá bhfios?” ar sé, agus iad ag ardú a ngloiní. “nuair a thiocfair an bhliain seo chugainn, b’fhéidir go mbeidh sé de phléisiúr agam saol fada sona a ghuí ar Mr agus Mrs Ignatius Gallaher.”

Dhún Ignatius Gallaher súil amháin os cionn bhéal a ghloine agus é ag ól. Nuair a bhí bolgam ólta aige, bhain smeachadh as a liopaí go diongbháilte, leag síos a ghloine agus ndúirt:

“Is beag beag an baol ar sin, a mhic. Bainfead ceol as an tsaol ar dtús agus cuirfead eolas ar an tsaol agus ar an domhain sula dté mé faoi chuing an phósta – má théim riamh.”

“Déanfair é lá éigean,” ar Little Chandler go ciúin.

Thug Ignatius Gallaher a charbhait agus a shúile slinnghorma thart go lán-díreach ar a chara.

“Measair?” ar sé. [ 101 ]“Ní mó ná go n-éiríonn sé searbh, déarfainn,” ar sé.

_______________________________


Shuigh Little Chandler sa tseomra i leataobh ón halla, an páiste ina bhaclainn. D’fhonn spáráil airgid, ní raibh cailín aimsire ar fostú acu, ach thagadh deirfiúr óg Annie, Monica, ar feadh tuairime is uair an chloig ar maidin agus tuairime is uair an chloig san oíche a chabhrú leo. Bhí Monica imithe abhaile i bhfad ó shin áfach. Bhí sé ceathrú chun a naoi. Do bhí Little Chandler mall ag teacht abhaile le haghaidh an tae, agus, lena chois sin, níor chuimhnigh tabhairt abhaile bheartán caifé as Bewley’s. Ar ndóigh, bhí cantal uirthi agus thug sí freagraí giorraisce dhó. Dúirt sí go ndéanfadh sí in uireasa tae, ach nuair a dhruid an t-am leis an uair a dhruidfeadh an siopa ag coirnéal na sráide, thogair sí dul amach í féin faoi chomhair phunt tae agus dhá phunt siúcra. Leag sí an páiste ina bhaclainn go deaslámhach agus dúirt:

“Seo dhuit. Ná dúisigh é.”

Bhí lampa beag le scáthlán poircealláin báin ina sheasamh ar an bhord agus lonraigh a sholas ar ghrianghraf faoi fhráma de dhéantús adhairce leacaithe. Grianghraf Annie ab é. D’fhéach Little Chandler air agus lonraigh a shúile ar na liopaí tanaí teanna. Bhí blús bánghorm á chaitheamh aici a thug seisean abhaile dhi mar bhronntanas Satharn amháin. Chosain sé deich scilling agus aon phingin déag air; ach a leithéid de imní a chosain sé air! A leithéid de chiapadh a d’fhulaing sé an lá sin, ag fanacht roimh doras an tsiopa go raibh an siopa folamh, ag seasamh ag an chuntar agus ag iarraidh ligin air féin go raibh sé ar a shuaimhneas fad is a leag an cailín carn blús ban os a chomhair, [ 102 ]ag íoc ag an deasc agus ag dearmad phiocadh suas na pingine de bhriseadh airgid, sa dóigh is gur ghlaoigh an mion-airgeadóir air teacht ar ais, agus, sa deireadh, ag iarraidh cheilt an lasta ina ghrua agus é ag fágáil an tsiopa as scrúdú an bheartáin féachaint an raibh sé ceangailte go docht daingean. Nuair a rug sé an blús abhaile phóg Annie é agus ndúirt go raibh sé an-ghleoite agus an-ghalánta; ach nuair a chuala sí an costas air chaith sí an blús ar an bhord agus ndúirt gur dhearg-chalaois é éileamh deich agus aon phingin déag air. Ar dtús, ba mhian léi a thabhairt ar ais ach nuair a chuir sí uimpi é chuir sé gliondar uirthi, go háirithe déantús na muinchillí, agus phóg sí é agus dúirt gurbh an-deas uaidh é smaoineamh uirthi.

Há!

Scrúdaigh sé na súile sa ghrianghraf go fuarálach agus d'amharcadar siúd amach go fuarálach ar ais air. Cinnte, bhíodar gleoite agus bhí an aghaidh féin ghleoite. Ba shuarach leis rud éigin faoin aghaidh áfach. Cad ina thaobh go raibh sí chomh fuarchúiseach agus chomh banúil sin? Chuir maorgacht na súl olc air. Chuireadar gráin air agus thugadar a dhúshlán: ní raibh paisean ná sceitimíní iontu. Smaoinigh sé ar a ndúirt Gallaher leis i dtaobh ban Giúdach. Na súile dorcha Oirthearacha sin orthu, a smaoinigh sé, nach iad atá lán de phaisean, de dhúil mhacnasach!... Cad chuige ar phós sé na súile sa ghrianghraf?

Ghlac an cheist seilbh air agus thug sé silleadh súl go faiteach timpeall an tseomra. Mheas go raibh rud éigean suarach faoin troscán gleoite a thóg sé ar cíoscheannach don tigh. Ba í Annie féin a roghnaigh é agus chuir sé í i gcuimhne dhó. Bhí sé ró-phointeáilte agus ró-deismíneach. [ 103 ]D’fhás faltanas dá shaol féin ina chroí istigh. Nár fhéad sé éalú ón tigh beag seo? An raibh sé ró-dhéanach aige tabhairt faoi chaitheamh a shaol go cróga faoi mar a chaith Gallaher a shaolsa? An dtiocfadh leis dul go Londain? Ní mór dó íoc as an troscán i gcónaí. Dá scríobhadh sé leabhar agus dá bhfoilsítí é, b’fhéidir go réiteodh sé sin an bealach dhó.

Bhí cnuasach dán le Byron ar an tábla roimhe. D’oscail sé é go cáiréiseach lena láimh dheas ar eagla go ndúisíodh sé an leanbh, agus thosaigh ag léamh chéad-dán an leabhair:

Ciúin iad na gaoithe agus marbh é contráth na hoíche,
Ní chorraíonn oiread agus Zephyros sa gharrán,[13]
agus mé ag filleadh a amhairc ar uaigh Margaret mo chroí
agus a scaipeadh bláthanna ar an chré a bhfuil grá mo chroí dhi.

Stad sé. Bhraith go raibh rithim an rainn timpeall air sa tseomra. Nach é a bhí dubhach! An bhféadfadh seisean scríobh mar sin freisin, cur maoithneachais a anama i rann filíochta. Bhí an oiread sin rudaí ba mhian leis cur síos orthu: a mhothúchán ar Dhroichead Grattan cúpla uair roimhe sin, mar shampla. Dá dtagadh leis teacht ar an mhothúchán sin in athuair...

Dhúisigh an leanbh agus thosaigh ag caoineadh. D’iompair seisean an leathanach agus rinne iarracht a chealgtha: ach raibh maith ann. Thosaigh sé a luascadh ina bhaclainn ach mhéadaigh ar a ghol. Mhéadaigh seisean ar an luascadh agus léigh a shúile an dara rann:

Istigh sa chill seo atá a cré,
An chré sin a bhíodh...

Bhí sé fánach aige. Níor fhéad sé léamh. [ 104 ]Níor fhéad sé rud ar bith a dhéanamh. Chuaigh caoineadh cráite an linbh go tiompán a chluaise. Ba chath caillte é, caillte! Bhí sé ina chime ar feadh a shaoil. Crithid a lámha le teann feirge go gcromann sé os cionn dreach an linbh a bhéiceadh:

“Stop!”

Stopann an páiste ar feadh nóiméid, glacann scaoll é go dtosaíonn sé ag scréachadh. Léimeann seisean aníos óna chathaoir a shiúl suas agus anuas an seomra leis an pháiste ina bhaclainn aige. Tosaíonn sé ag snagaireacht go truacánta, ag cailleadh a anála ar feadh ceithre nó cúig soicind, agus go bpléascann amach ag gol arís. Baineann an torann macalla as na ballaí tanaí. Triaileann seisean cur suaimhnis ann ach is amhlaidh go ngéarann a arraingeacha caointe. Amharcann sé ar aghaidh chraptha chreathach an linbh agus scanraíonn. Ríomhann sé seacht ngol gan stad eatarthu agus fáisceann an leanbh lena ucht go heaglach. Dá bhfaigheadh sé bás!...

Osclaíonn an doras de phlimp agus ritheann bean óg isteach agus saothar anála uirthi.

“Céard a tharla? Céard a tharla?” a screadann sí.

Buaileann taom goil an leanbh ar chloisteáil ghuth a mháthar dó.

“Ní dada é, Annie... dada... thosaigh sé ag gol... ”

Caitheann sí a beartáin ar an talamh do sciobadh an pháiste uaidh.

“Céard a rinnis air?” a scread sí agus í cur na súl tríd go feargach.

Breathnaíonn Little Chandler díreach san aghaidh uirthise ar feadh scaithimh big nó [ 105 ]go mbuaileann an fuath ina súile siúd é.

“Ní dada é... thosaigh... sé ag gol... níor fhéadas... ní dhearnas dada... Céard?”

Níor thug sí aird dá laghad air, ach thosaigh ag siúl anonn is anall sa tseomra agus greim docht aici ar an pháiste ina bhaclainn, ag rá ós íseal di: “A fhir bhig, a stóir! A fhirín mo chroí. An raibh eagla ort, a thaisce?... Seo anois, a thaisce! Ná bíodh imní ort!... Lambabaun![14] A uain bhig an tsaoil, a chuid!... seo anois!”

Airíonn Little Chandler lasadh náire ina ghrua agus chúlaigh sé ó sholas an lampa. D’éist le racht ghol an pháiste agus é ag maolú de réir a chéile; agus cruinníonn deora aiféala ina shúile.

Gluais[edit]

  1. Anglú de shloinne Gaeilice. Ó Gallachóir is ea leagan Gaeilge na linne . Litríodh mar Ó Gallchobahir é roimhe seo. Is dócha gur as na focail ‘gall’ agus ‘cabhair’ a eascraíos sé. Is é sin le rá, amhas nó saighdiúir tuarastail (foinse: Surname Database).
  2. Sloinne Anglaise. Scríobhadh mar ‘Chandelier’ san am atá thart. Is focal de bhunú Francach é a chiallaíos déantóir coinnle (foinse: Surname Database)
  3. Deir formhór na bhfoinsí ar an ghréasán domhanda gur leagan de shean-leasainm Anglaise ‘Corliss’ é. Eascraíonn sé as na focail ‘care’ agus ‘less’, agus chiallaigh sé duine gan cíos, cás ná cathú. Ní dócha go bhfuil baint ag an ainm leis an logainm Corr Lios.
  4. Is spéirbhean óg í Atalanta sa mhiotas Ghréigeach. Tá sí lúfar, cróga agus deaslámhach ar chaitheamh bonsaí. B’fhéidir go bhfuil sé de cháil uirthi gur annamh a theagmhaíos a cosa le talamh agus í ag rith, óir murach gur amhlaidh sin é, ní thuigeann an t-aistritheoir seo an meafar seo. D’fhonn nach bhfuil uaithi fear a phósadh, geallann sí go bpósfaidh sí fear ar bith a bhuas í i gcomórtas reatha. Buann duine amháin uirthi as imirt clis áfach. Is éard a dhéanas sé, caitheann trí úll órga (ar thug Aphrodíté dó iad) ar an talamh ar feadh an bhealaigh, agus bailíonn sise gach aon cheann díobh, rud a chuireas moill uirthi. Déantar tagairt don mhiotas Ghréigeach sa scéal The Dead freisin.
  5. eascraíonn an chéad-ainm seo ón tsloinne Rómánach Egnatius, atá de bhunnú Éatruscach agus nach fios a bhrí. Athraíodh litriú an ainm chun chur chrot an fhocal laidine ignis air – focal a chiallaíos tine. Ignatius ab ainm do mhairtíreach cháiliúil san Antíoch (foinse: Behind the Name).
  6. Is cosúil go bhfuil Joyce ag déanamh fonóide ar genre litríochta de chuid an Celtic Revival ag an am a bhí, dar leis, seanchaite. Mar shampla ar an tseánra seo, foilsíodh cnuasach dánta darb ainm The Celtic Twilight le William Butler Yeats i 1893 a airítear mar chuid de thús Athbheochan Litríocht na hÉireann. Déanann an leabhar dánta seo cumha i ndiaidh sheanshaol shimplí idéalaithe an Éireannaigh Cheiltigh i gceantair iarghúlta iarthar na hÉireann.
  7. Ó Maoileoin i. maol + Eoin i. deisceabal Eoin / manach a leanas sampla Eoin (i. John) (foinse: Surname Database). Más tagairt cheilte do leantóir de chuid John Bull i. Sacsana é seo, is tagairt é atá ceilte go maith.
  8. fíoruisce le salann lithium atá ann. Bhí an-tóir air idir deireadh an 19ú céad agus an Céad-Chogadh Domhanda
  9. (The Land Commission) Eagraíocht Stáit a bunaíodh chun Acht na Talún 1881 a chur i bhfeidhm. Thug an acht seo cearta áirithe d’fheirmeoirí beaga na tíre a thug talamh ar cíos ó thiarnaí móra talún. Is beag feabhas a tháinig ar shlí bheatha chosmhuintir na hÉireann mar gheall ar an acht seo áfach, agus d’fhéadfá rá gur chur sé lena mbochtanas go fiú.
  10. Roghnaíos an réamhfhocal ‘ar’ in ionad ‘in’ mar ní as Oileán Mhanainn do Little Chandler. I gcás an úrscéil ‘An t-Oileánach le Tomás Ó Criomhthain áfach, deirtear ‘i’ i gcónaí leis an oileán ina bhfuil an t-údar féin ina chónaí, agus ‘ar’ le fochais ar bith a dtéann daoine uirthi ó am go chéile a bhaint faochan nó feamainne. Samplaí eile: Ceantar na nOileán agus an Cheathrú Rua (“ar an gCeathrú Rua”, “sna hOileáin”). Coitianta sa tSeanGhaeilic freisin: m.sh. “teann sé san inis, fágann sé rud éigin ar an inis.” Ní fios dom an riail cheart faoi seo.
  11. Is é is dócha a bhfuil i gceist ag Joyce, gur ghearr sé fíor na croise.
  12. That’s good vernacular for a...” atá sa bhunleagan. Usáidtear an litriú ‘Gaelic’ anseo in ionaid ‘Gaeilg’/’Gaedhilg’ nó ‘Gaeilge’ nó ‘Gaelinn’/‘Gaedhealaing’. An t-aon chúis le seo, gurb é seo an litriú is giorra don fhocal Breatnaise ar theanga na ‘Gwyddelod’ (nGael).
  13. Ceann de na ceithre phríomhdhia gaoithe i miotas na Gréige. Is é an leoithne tais aniar seo an ghaoth is séimhe den cheathrar (cé gur ghaoth fhoréigneach é san Íliad). ‘Steifir’ an focal caighdéanach Gaeilice air.
  14. is cosúil gur ‘uan bán’ atá i gceist aici – is meascán de Ghaeilic agus de Anglais atá san fhocal muirneach mar sin.
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:
This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.

The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.