Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

éigse Cheilteach[1] mar gheall ar chuma mhaoithneach a dánta; thairis sin, chuirfeadh sé claontagairtí isteach ann. Thosaigh sé ag cumadh abairtí agus focal a thiocfadh ón tsuim a chuirtí sa leabhar. “Tá bua na filíochta caoine grásta ag Mr Chandler.” ... “Tá cian cumhach fite fuaite sna dánta seo.” ... “An séis Cheilteach.” Ba é an feall nach raibh cuma níos Éireannaí ar a ainm. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr cur ainm a mháthar roimh an tsloinne: Thomas Malone Chandler,[2] nó, níos fearr fós: T. Malone Chandler. Labhródh sé le Gallaher faoi.

Lean sé lena bhrionglóid leis an oiread sin díocais gur chuaigh thar a shráid agus gurbh éigean dó casadh ar ais. Agus é ag teacht i ngar do thigh Corless thosaigh a sheanbhuaireamh ag fáil na láimhe in uachtair air gur stad sé ag an doras agus é cráite ag galar na gcás. Faoi dheireadh d’oscail sé an doras agus chuaigh isteach. Choinnigh solas agus tormán an tí ósta sa doras é ar feadh nóiméid. D'amhairc sé ina thimpeall, ach loinnir an iliomad fíonghloiní dearga agus glasa, chuir mearbhall air. Bhí an beár dubh le daoine, dar leat, agus samhlaíodh dhó go raibh sé dá scrúdú go caidéiseach. Thug sé silleadh súl ar a dheis is ar a chlé (agus é ag cur gruaime ina mhalaí chun chur cuma dáiríre ar a theacht), ach nuair a mhaolaigh an dalladh súl air thug faoi deara nár chas na daoine thart le féachaint air: agus ceart go leor bhí Ignatius Gallaher ansin ina sheasamh i gcoinne an chuntair agus a dhá chos curtha i dtaca i bhfad óna chéile.

“Hallo, Tommy, a sheanlaoch, taoi ann! Céard

  1. Is cosúil go bhfuil Joyce ag déanamh fonóide ar genre litríochta de chuid an Celtic Revival ag an am a bhí, dar leis, seanchaite. Mar shampla ar an tseánra seo, foilsíodh cnuasach dánta darb ainm The Celtic Twilight le William Butler Yeats i 1893 a airítear mar chuid de thús Athbheochan Litríocht na hÉireann. Déanann an leabhar dánta seo cumha i ndiaidh sheanshaol shimplí idéalaithe an Éireannaigh Cheiltigh i gceantair iarghúlta iarthar na hÉireann.
  2. Ó Maoileoin i. maol + Eoin i. deisceabal Eoin / manach a leanas sampla Eoin (i. John) (foinse: Surname Database). Más tagairt cheilte do leantóir de chuid John Bull i. Sacsana é seo, is tagairt é atá ceilte go maith.