Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gcéanna íochtaracha agus ghlac trua do na tithe beaga craptha. Samhlaíodh dhó iad mar bhaicle bacach, iad teannta go dlúth le chéile ar bhruacha na habhann, a seanchótaí clúdaithe le deannach agus le súiche, mearbhall orthu ag radharc luí na gréine agus ag fanacht le céad-fhuacht na hoíche, a d’iarrfadh orthu éirí ina seasamh, an deannach a chroitheadh dhíobh féin, agus imeacht leo. Ní fheadair an dtiocfadh leis scríobh dáin a chuirfeadh a smaoineamh i bhfocail. B’fhéidir go bhféadfadh Gallaher tabhairt faoi deara do pháipéir Londain éigean é a fhoilsiú. An bhféadfadh sé scríobh ruda éigin nua, leithligh. Ní raibh sé cinnte cén smaoineamh ar mhian leis cur in iúl ach mheas gur chuaigh nóiméad fileata i bhfeidhm air, gur gineadh istigh ann féin é mar a bheadh dóchas óg nua ann. Shiúil chun cinn go misniúil.

Thug gach coiscéim níos giorra do Londain é, níos faide óna shaol stuama neamhealaíonta féin. Thosaigh solas ag preabadh ar léaslíne a mheabhrach. Ní raibh sé sean fós – bhí sé dhá bhliain déag is fiche d’aois. D'fhéadfaí rá go raibh a mheon ar tí teachta in inmhe. A liacht sin mothúchán agus imprisean ar mhian leis cur síos orthu i rann! D’airigh iad istigh ann féin. Rinne sé iarracht thomhas a anama féachaint arbh anam file é. Ba é an maoithneachas an tréithe ba láidre dá mheon, a mheas sé, ach ba mhaoithneachas é a raibh nóiméid creidimh agus a raibh géilleadh dá chinniúint agus a raibh aoibhneas simplí ina n-orlaí tríd. Dá bhféadadh sé tabhairt gutha dá mheon i leabhar dánta b’fhéidir go n-éistfidís fir leis. Ní bheadh seisean ina chroí agus ina anam cuideachta riamh: ba léir dó sin. Ní raibh sé d'acmhainn aige cur faoina gheasa an tslua, ach seans go dtaitneodh sé le baicle beag daoine cosúil leis féin. Na léirmheastóirí Sacsanacha, b’fhéidir go n-aithneoidís siúd é mar dhuine den