Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chas sé ar dheis i dtreo Shráid Chéipil. Ignatius[1] Gallaher ar fhoireann an London Press! Cé a cheapadh go bhféadfadh sin tarlú ocht mbliana ó shin. Mar sin féin, anois agus é ag breathnú siar ar an am a chuaigh thart, tháinig neart comharthaí chun cuimhne dho Chandler Bheag go mbeadh todhchaí mhór ag a chara. Deireadh daoine go raibh Ignatius Gallaher drabhlásach. Ar ndóigh, is fíor gur thaithigh sé dream de scódaithe ag an am, gur ól gan srian agus go bhfuair iasacht airgid ó gach thaobh. Sa deireadh, tharraing sé scéal amhrasach éigean air féin, gnó airgid éigin: pé ar bith é, ba leagan amháin é sin de chúis a theite. Ach níor shéan duine ar bith go raibh tallann aige. Bhíodh rud éigean... faoi leith in Ignatius Gallaher a théadh i bhfeidhm ort de d’ainneoin féin. Go fiú amháin nuair a bhíodh sé beo bocht agus géarghá aige le hairgead, níor chaill a mhisneach. Chuimhnigh Chandler Beag (agus tháinig luisne bheag bróid ina ghrua leis an chuimhne) ar cheann de sheanfhocil Gallaher nuair a bhíodh sé i gcruachás:

“Leath ama anois, a bhuachaillí,” a deireadh go haerach. “Cá bhfuil mo chaipín machnaimh?”

Ba é sin Ignatius Gallaher amach is amach; agus, go deimhin féin, ní fhéadfá ach meas a bheith agat air mar gheall air.

Ghéaraigh Little Chandler ar a chois. Don chéad uair ina shaol ba níos fearr leis é féin ná na daoine eile ar chuaigh sé tharstu. Don chéad uair, d’éirigh a anam amach i gcoinne mhíghrástúlacht ghruama Shráid Chéipil. Ní raibh dabht ar bith faoi, dá mba mhian leat déanamh dul chun chinn sa tsaol, níor mhór dul ar imirce. Ní fhéadfá dada a dhéanamh in Áth Cliath. Agus é ag trasnú Dhroichead Grattan, d’amhairc síos an abhainn i dtreo na

  1. eascraíonn an chéad-ainm seo ón tsloinne Rómánach Egnatius, atá de bhunnú Éatruscach agus nach fios a bhrí. Athraíodh litriú an ainm chun chur chrot an fhocal laidine ignis air – focal a chiallaíos tine. Ignatius ab ainm do mhairtíreach cháiliúil san Antíoch (foinse: Behind the Name).