Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/95

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a bheas agat? Céard a ólfair? Fuisce a bheas agamsa: níos fearr ná an stuif trasna na farraige. Soda? Lithia?[1] Gan uisce coipthe? Ná agamsa ach oiread. Milleann sé an blas... Gabh i leith, garçon, beir dhá leathghloine fuisce braiche chugainn, togh fir... Well, agus cén chaoi ‘bhfuil rudaí leat ón uair dheireanach a chonaiceas thú? A Dhia na glóire, is ag dul amach in aois atáimid! An bhfeicir aon rian críonnachta ionamsa – eh, what? Ábhairín liath agus scáinte sa bhaithis – what?”

Bhain Ignatius Gallaher de a hata gur nocht ceann mór dlúthbheartha. Ba throm, mhílítheach agus ghlanbheartha a aghaidh. Mhaolaigh a shúile a raibh dath slinnliath i leith na goirme orthu, mhaolaíodar a dhroch-lí agus lonraíodar go sonrach os cionn an charbhait oráiste ghlé a bhí á chaitheamh aige. Ba an-fhada, anchumtha agus báiteach iad a bhéil leat idir na ceannaithe contrártha seo. Chrom sé a cheann a bhrath na gruaige scáinte ar an bhaithis go cásmhar le dhá mhéar. Chroith Little Chandler a cheann mar chomhartha séanta. Leag Ignatius Galaher a hata ar a cheann in athuair.

“Súnn sé do mhisneach,” ar sé. “Saol na nuachtán. Síorchruóg ort, ag cuardach cóipe agus scaití ní aimsír í: agus ansin, ní mór ábhar nua bheith i do shaothar i gcónaí. Na profaí agus na printéirí damanta, a deirim, ar feadh roinnt laethanta. Is mór an sásamh dhom caitheamh scaithimh ar ais sa bhaile, mise á rá leat. Déanann sé a leas do dhuine, cúpla lá saoire. Airím i bhfad níos fearr ó thángas i dtír ar Áth Cliath brocach mo chroí... Seo dhuit, Tommy. Uisce? Abair é nuair a bheas do dhóthain ann.”

  1. fíoruisce le salann lithium atá ann. Bhí an-tóir air idir deireadh an 19ú céad agus an Céad-Chogadh Domhanda