Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/99

From Wikisource
This page has been proofread.

Níl bean ar bith eile inchurtha le Parisienne – ó thaobh galántachta, ó thaobh teaspúlachta.”

“Is cathair mhímhorálta í mar sin,” ar Little Chandler le seasmhacht fhaiteach – is é sin le rá, i gcomparáid le Londain nó Áth Cliath?”

“Londain!” a deir Ignatius Gallaher. “Is é an dá mar a chéile iad. Cuir ceist ar Hogan, a bhuachaill. Thaispeánas cuid de Londain dó nuair a bhí sé thall ansin. D'osclódh seisean do shúil... muise, ná déan punch den fhuisce sin: ól siar é.”

No, le bheith fírinneach...”

“Á, lag as, ní dhéanfaidh ceann eile aon dochar duit. Céard a bheas agat. An rud céanna, is dóigh?”

Well ... tá go maith.”

“François, an rud céanna arís... an gcaithfir gal, Tommy?”

Tharraing Ignatius Gallaher cás todóg amach. Las an dá chara a dtodóga agus tharraingíodar orthu gan rá focail fad is a bhí a ndeochanna ag teacht.

“Nochtfad mo thuairimse duit,” ar Ignatius Gallaher, agus é ag taibhsiú de réir a chéile tríd na scamallaibh deataigh, “is ait an mac an saol. Cuir mímhoráltacht ar mhímhoráltacht! Chualas trácht ar chásanna – céard atá á rá agam? - chonaiceas iad: cásanna ... mímhoráltachta ...”

Bhain Ignatius Gallaher cúpla smailceacha as a thodóg go machnamhach agus ansin, i nguth stuama an tseanchaí, ghabh ar aghaidh ar leagan amach cúpla srac-léaráidí den choiriúlacht a bhí forleathan thar lear. D'achoimrigh duáilcí go leor cathracha agus bhronn