Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

an chraobh ar Bheirlín, dar leat. Ní fhéadfadh sé dul in urrús ar roinnt rudaí (mar ba iad a chairde a d’inis iad dó), ach maidir le cuid eile dhíobh, bhí taithí aige féin go pearsanta orthu. Níor chuaigh aicme ná cine saor óna bhreithiúnas. Nocht sé neart scéalta rúnda na dtithe reiligiúin ar an Mhór-Roinn agus nocht cuid de na nósanna a chleachtaí i measc na huasaicme agus, mar chríoch, d’eachtraigh scéal faoi bhandiúc Sacsanach – scéal arbh fhios dó a fhírinne. Bhí alltacht ar Little Chandler.

“Á, bhuel,” ar Ignatius Gallaher, “seo sinne in Áth Cliath sean, malltrialach, áit nach dtarlaíonn a leithéid de rudaí inti.”

“Ní mó ná gur leamh leat í,” ar Little Chandler, “i ndiaidh na n-áiteanna eile atá feicthe agat!”

Well,” ar Ignatius Gallaher, “deis dom ligean mo scíth is ea teacht anall anseo, an bhfuil fhios agat. Agus, tar éis an tsaoil, is í an tseantír í, mar a deirtear, nach ea? Ní thig leat ach dáimh éigean a bheith agat air. Sin an nádúr daonna ... Ach abair liom rud éigean fútsa. Dúirt Hogan liom go bhfuairis aithne ar aoibhneas an phósta ... Dhá bhliain ó shin, an ea?”

Dhearg Little Chandler agus rinne aoibh an gháire.

“Sea.” ar sé. “Bhí sé dhá mhí déag ó phósas i mí an Mheithimh seo caite.” “Tá súil agam nach bhfuil sé ródhéanach le guí áidh móir ort,” ar Ignatius Gallaher. Ní raibh do sheoladh baile ar eolas agam nó, murach sin, dhéanfainn é ag an am.” Shin sé a lámh amach agus ghlac Little Chandler léi.