Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/107

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

D’fhás faltanas dá shaol féin ina chroí istigh. Nár fhéad sé éalú ón tigh beag seo? An raibh sé ró-dhéanach aige tabhairt faoi chaitheamh a shaol go cróga faoi mar a chaith Gallaher a shaolsa? An dtiocfadh leis dul go Londain? Ní mór dó íoc as an troscán i gcónaí. Dá scríobhadh sé leabhar agus dá bhfoilsítí é, b’fhéidir go réiteodh sé sin an bealach dhó.

Bhí cnuasach dán le Byron ar an tábla roimhe. D’oscail sé é go cáiréiseach lena láimh dheas ar eagla go ndúisíodh sé an leanbh, agus thosaigh ag léamh chéad-dán an leabhair:

Ciúin iad na gaoithe agus marbh é contráth na hoíche,
Ní chorraíonn oiread agus Zephyros sa gharrán,[1]
agus mé ag filleadh a amhairc ar uaigh Margaret mo chroí
agus a scaipeadh bláthanna ar an chré a bhfuil grá mo chroí dhi.

Stad sé. Bhraith go raibh rithim an rainn timpeall air sa tseomra. Nach é a bhí dubhach! An bhféadfadh seisean scríobh mar sin freisin, cur maoithneachais a anama i rann filíochta. Bhí an oiread sin rudaí ba mhian leis cur síos orthu: a mhothúchán ar Dhroichead Grattan cúpla uair roimhe sin, mar shampla. Dá dtagadh leis teacht ar an mhothúchán sin in athuair...

Dhúisigh an leanbh agus thosaigh ag caoineadh. D’iompair seisean an leathanach agus rinne iarracht a chealgtha: ach raibh maith ann. Thosaigh sé a luascadh ina bhaclainn ach mhéadaigh ar a ghol. Mhéadaigh seisean ar an luascadh agus léigh a shúile an dara rann:

Istigh sa chill seo atá a cré,
An chré sin a bhíodh...

Bhí sé fánach aige. Níor fhéad sé léamh.

  1. Ceann de na ceithre phríomhdhia gaoithe i miotas na Gréige. Is é an leoithne tais aniar seo an ghaoth is séimhe den cheathrar (cé gur ghaoth fhoréigneach é san Íliad). ‘Steifir’ an focal caighdéanach Gaeilice air.