Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Ní mó ná go n-éiríonn sé searbh, déarfainn,” ar sé.

_______________________________


Shuigh Little Chandler sa tseomra i leataobh ón halla, an páiste ina bhaclainn. D’fhonn spáráil airgid, ní raibh cailín aimsire ar fostú acu, ach thagadh deirfiúr óg Annie, Monica, ar feadh tuairime is uair an chloig ar maidin agus tuairime is uair an chloig san oíche a chabhrú leo. Bhí Monica imithe abhaile i bhfad ó shin áfach. Bhí sé ceathrú chun a naoi. Do bhí Little Chandler mall ag teacht abhaile le haghaidh an tae, agus, lena chois sin, níor chuimhnigh tabhairt abhaile bheartán caifé as Bewley’s. Ar ndóigh, bhí cantal uirthi agus thug sí freagraí giorraisce dhó. Dúirt sí go ndéanfadh sí in uireasa tae, ach nuair a dhruid an t-am leis an uair a dhruidfeadh an siopa ag coirnéal na sráide, thogair sí dul amach í féin faoi chomhair phunt tae agus dhá phunt siúcra. Leag sí an páiste ina bhaclainn go deaslámhach agus dúirt:

“Seo dhuit. Ná dúisigh é.”

Bhí lampa beag le scáthlán poircealláin báin ina sheasamh ar an bhord agus lonraigh a sholas ar ghrianghraf faoi fhráma de dhéantús adhairce leacaithe. Grianghraf Annie ab é. D’fhéach Little Chandler air agus lonraigh a shúile ar na liopaí tanaí teanna. Bhí blús bánghorm á chaitheamh aici a thug seisean abhaile dhi mar bhronntanas Satharn amháin. Chosain sé deich scilling agus aon phingin déag air; ach a leithéid de imní a chosain sé air! A leithéid de chiapadh a d’fhulaing sé an lá sin, ag fanacht roimh doras an tsiopa go raibh an siopa folamh, ag seasamh ag an chuntar agus ag iarraidh ligin air féin go raibh sé ar a shuaimhneas fad is a leag an cailín carn blús ban os a chomhair,