agus b’éagórach leis é. Ní raibh Gallaher incurtha leis ó thaobh uaisleachta ná oideachais. Bhí sé cinnte dhe go raibh sé d'acmhainn aige rud níos fearr a dheánamh sa tsaol ná mar a rinne a chara riamh ná mar a bhféadfadh seisean déanamh riamh, go raibh sé d'acmhainn aigesean déanamh ruda éigin níos uaisle ná an iriseoireacht shuarach, ach fáil an tseans. Céard a bhí sa bhealach air? A scáithínteacht mhallaithe! Ba mhian leis dearbhú a intleachta ar dhóigh éigean, cur in iúl a fhíriúlachta. Thuig sé an fhíorchúis laistiar d’eiteach a charad dá chuireadh. Ní raibh Gallaher ach ag déanamh ghiolla dhe lena chairdeas, faoi mar a bhí sé ag déanamh uasail le híseal ar Éirinn lena chuairt uirthi. Rug an fear beáir a ndeochanna chucu. Bhrúigh Little Chandler gloine amháin chuig a chara agus thóg an ceann eile go dásachtach.
“Cá bhfios?” ar sé, agus iad ag ardú a ngloiní. “nuair a thiocfair an bhliain seo chugainn, b’fhéidir go mbeidh sé de phléisiúr agam saol fada sona a ghuí ar Mr agus Mrs Ignatius Gallaher.”
Dhún Ignatius Gallaher súil amháin os cionn bhéal a ghloine agus é ag ól. Nuair a bhí bolgam ólta aige, bhain smeachadh as a liopaí go diongbháilte, leag síos a ghloine agus ndúirt:
“Is beag beag an baol ar sin, a mhic. Bainfead ceol as an tsaol ar dtús agus cuirfead eolas ar an tsaol agus ar an domhain sula dté mé faoi chuing an phósta – má théim riamh.”
“Déanfair é lá éigean,” ar Little Chandler go ciúin.
Thug Ignatius Gallaher a charbhait agus a shúile slinnghorma thart go lán-díreach ar a chara.
“Measair?” ar sé.