“Bhíos ar Oileán Mhanainn,”[1] ar Little Chandler.
Lig Ignatius Gallaher gáire.
“Oileán Mhanainn!” ar sé. “Téigh go Londain nó go Páras, go Páras más féidir. Dhéanfadh sin maitheas duit.”
“An bhfuil Páras feicthe agat?’”
“D’fhéadfá rá go bhfuil. Chaitheas tamaill inti.”
“Agus an bhfuil sí chomh hálainn agus a deirtear?,” a d’fhiafraigh Little Chandler.
Bhain sé súimín beag as a fhuisce fad a dhiurnaigh Ignatius Gallaher a ghloine siúd go dána.
“Go hálainn?” ar Ignatius Gallaher, ag baint faid as an fhocal agus as blas a dhí. “Níl sí chomh hálainn sin, ‘bhfuil fhios agat. Ar ndóigh, tá sí go hálainn... ach is é a dua a beocht; sin an rud fúithi. Á, níl cathair eile inchurtha le Páras ó thaobh meidhre, gluaiseachta, fuadair...”
Chríochnaigh Little Chandler a uisce beatha agus, tar éis fháil bheagán dua leis, d’éirigh leis tarraingt ard an fhear beáir. D’ordaigh an rud céanna arís.
“Bhíos sa Moulin Rouge,” a lean Ignatius Gallaher nuair a bhailigh an fear beáir a ngloiní, ‘agus bhíos sna caiféanna Boihéamacha go léir. Áiteanna teasaí! Ní fheilidís do bhuachaill naofa mar aon leatsa, Tommy.”
D’fhan Little Chandler ina thost gur fhill an fear beáir le dhá ghloine: ansin chling gloine a chara go héadrom mar chúiteamh ar an chéad-shláinte a óladh. Bhí díomá bheag ag teacht air. Níor thaitin tuin na Gallchabhrach ná an dóigh a
- ↑ Roghnaíos an réamhfhocal ‘ar’ in ionad ‘in’ mar ní as Oileán Mhanainn do Little Chandler. I gcás an úrscéil ‘An t-Oileánach le Tomás Ó Criomhthain áfach, deirtear ‘i’ i gcónaí leis an oileán ina bhfuil an t-údar féin ina chónaí, agus ‘ar’ le fochais ar bith a dtéann daoine uirthi ó am go chéile a bhaint faochan nó feamainne. Samplaí eile: Ceantar na nOileán agus an Cheathrú Rua (“ar an gCeathrú Rua”, “sna hOileáin”). Coitianta sa tSeanGhaeilic freisin: m.sh. “teann sé san inis, fágann sé rud éigin ar an inis.” Ní fios dom an riail cheart faoi seo.