Muintir Bhaile Átha Cliath/Macasamhla

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Macasamhla
[ 106 ]

MACASAMHLA

Bhain an cloigín macalla as na ballaí, agus iar ndul do Miss Parker anonn chuig an ghléas gutháin, ghlaoigh guth cuthach a raibh blas géar Ultach amach:

“Seol Farrington anall chugam!”

Ag filleadh ar a gléas clóscríofa, dúirt Miss Parker le fear a bhí ag scríobh ag deasc:

“Taoi ag teastáil thuas staighre ó Mhister Alleyne.”

“Droch-chríoch air!” a chaith sé faoina anáil, agus bhrúigh siar a chathair a éirí ina sheasamh. Nochtadh a airde agus a thoirt mhór ag éirí ina sheasamh dhó. Bhí dreach sleabhctha aige ar dhath dhorcha fíona, le malaí agus croiméal fionna: bholg a shúile amach beagán agus ba shalach a ngealacáin. D’ardaigh sé an cuntar agus d’fhág an oifig de choiscéim throm ag dul thar bhráid na gcustaiméirí dhó.

Chuaigh sé go spadánta suas staighre gur shroich an dara léibheann, mar a raibh inscríbhinn Mr Alleyne ar phláta práis crochta ar dhoras. Stad sé anseo agus gearranáil air ag an tsaothar, ag a fheirg, sular bhuail ar an doras. Ghlaoigh an guth géar:

“Tar isteach!”

Ghabh an fear isteach i seomra Mr Alleyne. Ag an am chéanna, fear beag a raibh spéacláirí le frámaí óir á chaitheamh aige ar dhreach ghlan-bhearrtha, d’ardaigh sé a cheann de sciotán aníos thar charn cháipéisí. Bhí an ceann féin chomh maol agus ar dhath chomh fionndearg sin nach raibh d’oidhre air [ 107 ]ach ubh mhór ina suí ar na páipéir. Níor chuir Mr Alleyne oiread is nóiméad ama amú.

“Farrington? Céard is brí leis seo? Cén fáth go mbíonn orm casaoid fútsa i gcónaí. An miste leat míniú liom cad chuige nach bhfuil cóip den chonradh idir Bodley agus Kirwan déanta agat? Dúras leat go gcaithfidh sí bheith réidh roimh a ceathair a chlog.”

“Ach dúirt Mr Shelly, a dhuine uasail -”

Dúirt Mr Shelly, a dhuine uasail... freastal ar an rud a deirim leat le do thoil, agus ní ar an rud a dúirt Mr Shelly, a dhuine uasail. Bíonn leithscéal agat i gcónaí le déanamh faillí ar do chuid dualgas. Bíodh a fhios agat, mura mbeidh macasamhail déanta den chonradh roimh an oíche seo, cuirfead an cás roimh Mr Crosbie... An gcloisir mé?

“Cloisim, a dhuine uasail.”

“An gcloisir mé?... Ay agus scéal beag eile! Bheadh sé chomh maith agam bheith ag cuardach meacain i gcró muice agus labhairt leatsa. Bíodh a fhios agat gur leathuair an chloig le haghaidh lóin atá dlite agat, agus ní uair go leith. Ní fheadar cé mhéad cúrsaí bídh a bhíos uait... An dtuigir?”

“Tuigim, a dhuine uasail.”

Chrom Mr Alleyne a cheann os cionn a charn páipéar arís. Stán an fear ar an bhlaosc lonrach a stiúir gnó Crosbie & Alleyne, agus é ag tomhais a leochaileachta. Tháinig ríog feirge ar a scornach ar feadh meandair agus shíothlaigh ansin, ag fágáil mothú íota tarta ina háit di. D’aithin an fear an mothú seo agus bhraith go raibh oíche mhór ólacháin de dhíth air. [ 108 ]Bhí lár na míosa curtha dhe agus, dá dtagadh leis déanamh chóip in am, b’fhéidir go dtabharfadh Mr Alleyne ordú airgid le bailiú ón airgeadóir dó. D’fhan sé ina sheasamh ag baint lán na súl as an chionn os cionn an charnán páipéar. Go tobann, thosaigh Mr Alleyne ag cur na bpáipéar trí chéile, ar thóir ruda éigin. Ansin, mar nach mbeadh a fhios aige go raibh an fear ann go dtí an nóiméad sin, d’ardaigh a cheann de sciotán arís ag rá dhó:

“Ha? An bhfuilir chun fanacht i do staic ansin ar feadh an lae ar fad? Dia dár réiteach, Farrington, nach tusa a thógas go réidh é!”

“Bhíos ag fanacht go bhfeicinn..”

“Tá go maith, ní call duit fanacht go bhfeice tú. Gabh síos staighre agus déan do dhualgas.”

Shiúil an fear go tromchosach i dtreo an dorais agus, ag fágáil an tseomra dhó, chuala sé Mr Alleyne ag scairteadh mura mbeadh an conradh cóipeáilte roimh an oíche go gcloisfeadh Mr Crosbie faoin scéal. D’fhill sé ar a dheasc san oifig íochtair agus chomhair na bileog a bhí fós le cóipeáil. Thóg a pheann, thum sa dubhach é agus leann air ag stánadh go dall ar na focail deireanacha a bhí scríofa aige: “Ar chúis dá laghad, ní bheidh an Bernard Bodley réamhráite ...” Bhí an lá ag diúltú dá sholas agus i gceann cúpla nóiméad lasfaí na soilse gáis: ansin d’fhéadfadh sé scríobh. Níor mhór dó cosc a tharta. Ag fágáil na hoifige dhó, d’fhéach an príomhchléireach go fiafraitheach air.

“Tá sé ceart go leor, Mr Shelly,” ar an fear, [ 109 ]ag tabhairt chúis a thurais le fios dó le síneadh dá mhéar.

Chaith an príomhchléireach súil ar an tseastán hata ach, nuair a chonaic go raibh an tsraith hata iomlán, níor chuir focal isteach. A thúisce is a bhí sé ar an léibheann, tharraing an fear caipín bhreacán aoire as a phóca, chuir ar a cheann agus rith síos an staighre corrach. Shiúil go fáilí ón doras sráide i dtreo an choirnéil ar an taobh istigh den chosán, gur rop isteach doras. Bhí sé slán sábháilte anois i síbín dorcha seascair shiopa Uí Néill agus, ag líonadh na fuinneoige bige a d’fhéach isteach ar an bheár dó lena aghaidh shéidte a bhí ar dhath fíona deirg nó fheoil fola, ghlaoigh amach:

“Seo, Pat, tabhair g.p. dom, togh fir.”

Thug an séiplíneach[1] gloine pórtair dó. D’ól an fear é in aon bholgam amháin é, agus d’iarr síol cearbhais. D’fhág a phingin ar an chuntar gur imigh ón tsíbín chomh fáilí céanna is a chuaigh isteach ann, ag fágáil an fhir ag póirseáil don phingin sa dorchadas dó.

Bhí dorchadas, araon le ceo trom, ag fáil an ceann is fearr ar an bhreacdhorchadas thráthnóna Feabhra agus bhí na lampaí i Sráid an Iustásaigh arna lasadh. Ghabh an fear suas an tsráid ar thaobh na dtithe den chosán gur shroich doras na hoifige agus amhras air go gcríochnódh sé a mhacasamhail in am. Ag dul suas an staighre dhó, d’fháiltigh boladh thais láidir cumhráin roimh a shrón: ba léir gur tháinig Mrs Delacour fad is a bhí seisean i dtigh Uí Néill. Shac sé a chaipín ina phóca arís agus chuaigh isteach san oifig in athuair, agus é ag cor gothaí na neamhairde air féin. [ 110 ]“Tá glaoch ort ó Mhister Alleyne,” ar an príomh-chléireach go dian. “Cá rabhais?” Chaith an fear súil ar an bheirt chliant mar a bheadh ag tabhairt le tuiscint go rabhadar ina mbac ar a fhreagra. Ó tharla gurbh fhir iad beirt, thug an príomh-chléireach cead dó féin déanamh gáire.

“Tá cleachtadh agam ar an bhail sin,’ ar sé. ‘Tá cúig uair in aon ló amháin sách ...” Pébí, ní mór duit brostú ort chun thabhairt cóipe d’ár gcomhfhreagras sa chás Delacour do Mr Alleyne.

An forrán béil seo os comhair na gcliant, a rith suas staighre agus an pórtar a dhiúg sé faoin oiread sin deifre, chuireadar an fear trína chéile agus, ag suí síos ag a dheasc dó chun fáil a raibh ag teastáil, thuig sé a éadóchasaí is a bhí a sprioc chríochnú an chóip den chonradh roimh leathuair tar éis a cúig. Bhí an oíche dhorcha thais chuige agus bhí sé ag tnúth lena caitheamh sna tithe tábhairne, ag ól lena chairde faoi spalpadh an gháis agus faoi chleatráil gloiní. Thóg sé amach comhfhreagras Delacour agus d’imigh ón tseomra. Bhí súil aige nach dtabharfadh Mr Alleyne faoi deara go raibh an dá litir deireanach in easnamh.

Bhí an boladh tais láidir cumhráin san aer an bealach ar fad go seomra Mr Alleyne. Bean scothaosta a raibh cuma Ghiúdach uirthi ab í Miss Delacour. Dúradh faoi Mr Alleyne go raibh sé ag suirí léi féin nó lena cuid airgid. Thagadh sí chuig an oifig go minic agus d’fhanadh tamall fada inti nuair a thagadh. Bhí sí ina suí le hais a dheisce anois agus boladh láidir cumhrán uimpi, ag slíocadh chos a scáth báistí agus ag claonadh an chleite mhóir dhuibh ina hata. Bhí Mr Alleyne [ 111 ]tar éis casta timpeall ina chathair sclóine le tabhairt a aghaidhe uirthi agus bhí a chos dheas caite go haerach thar a ghlúin chlé. Chuir an fear an comhfhreagras ar an deasc agus umhlaigh a cheann go hurramach ach níor thug ceachtar díobh Mr Alleyne ná Miss Delacour aird ar bith air. Bhuail Mr Alleyne méar ar an chomhfhreagras agus dhírigh ina threo í ansin mar a bheadh ag rá: “Sin ceart go leor: tig leat imeacht.”

D’fhill an fear ar an oifig íochtair gur shuigh síos ag a dheasc in athuair. Stán go dian ar an fhrása neamhchríochnaithe: “Ar chúis dá laghad, ní bheidh [an] Bernard Bodley réamhráite ...” agus smaoinigh ar a aite is a bhí sé gur thosaigh na trí fhocal deireanacha leis an litir céanna. Thosaigh an príomhchléireach ag deifriú Miss Parker, ag rá dhó nach mbeadh na litir clóscríofa in am aici don phost ná baol air. D’éist an fear le clagarnach an chlóscríobháin ar feadh cúpla nóiméad agus ansin luí isteach ar chríochnú a chóipe. Ní raibh sé istigh ann féin áfach agus chuaigh a smaointe le fán go dallrú agus go gliogar an tigh tábhairne. D’fheil an oíche do phuins the. Threabh sé ar aghaidh lena chóip, ach nuair a bhuail an clog a cúig bhí cheithre dhuilleog déag fós le scríobh aige. Léan air mar scéal! Ní rachadh leis a críochnú in am. Bhuail dúil dóite é rá eascaine in ard a chinn, bualadh a dhoirn anuas go foréigneach ar rud éigean. Bhí a oiread sin cuthaigh air gur Bernard Bernard a scríobh sé síos in ionad Bernard Bodley agus b’éigean dó tosú as an nua le duilleog bhán.

D’airigh sé sách láidir ann féin chun chaitheamh amach gach duine san oifig as a dhá lámh féin. Bhí a chorp ar bís le déanamh rud éigin, le dul ar ruathar foréigin. Chuir easonóracha uile a shaoil ar buille é... An bhféadfadh sé [ 112 ]iarradh réamhíocaíochta ón airgeadóir? Arú, ní raibh aon mhaith san airgeadóir, aon mhaith ar bith: ní thabharfadh sé réamhíocaíocht... Bhí a fhios aige cá mbuailfeadh sé leis na leaideanna: Leonard agus O Halloran agus Nosy Fylnn. Bhí an baraiméadar dá lionnta ag tuar scléipe.

Bhí a shamhlaíocht imithe a fhad sin ar fán gur glaodh a ainm faoi dhó sular thug sé aird air. Bhí Mr Alleyne agus Miss Delacour ina seasamh lasmuigh den chuntar agus bhí aghaidh gach cléireach tugtha ina threo in oirchill rud éigin. Sheas an fear aníos ón deasc. Thug Mr Alleyne faoi íde béil fhada, ag rá dhó go raibh dhá litir ar iarraidh. D’fhreagair an fear nach raibh a fhios aige a dhath fúthu, go ndearna sé cóip chruinn. Lean an sciolladh ar aghaidh: bhí sé chomh feannta agus chomh fíochmhar gurb é a sháith don fhear é a dhorn a chosc ar thitim anuas ar cheann an fhirín ós a chomhair:

“Níl eolas dá laghad agam ar dhá litir ar bith eile,” a dúirt sé go maol.

“Níl – eolas – dá – laghad - agat. Ar ndóigh níl eolas dá laghad agat,” ar Mr Alleyne. “Inis dom,” a lean sé, agus thug sracfhéacaint ar dtús ar an bhean lena thaobh go bhfeiceadh sé an raibh sí ar aon dul leis, “an gceapair gur amadán mé? An sílir gur pleidhce cruthanta mé?”

Chaith an fear súil ar aghaidh na mná uaisle agus ansin ar an cheann beag a bhí ar dhéanamh uibhe agus ar ais arís; agus, nach mór sula raibh a fhios aige féin faoi, d’aimsigh a theanga ala tráthúil:

“Ní dóigh liom, a dhuine uasail,’ ar sé, ‘gur ceist chóir í sin le cur orm.”

Baineadh stad as análú féin na gcléireach. [ 113 ]Bhí alltacht ar gach aon duine (údair na léaspairte ina measc) agus leath meangadh gáire go na cluasa ar Miss Delacour, ar dhuine lách geanúil í. Dhearg Mr Alleyne go dath an róis fhiáin agus bhí a bhéal ag oibriú le corraí an leipreacháin. Chroith sé a dhorn le haghaidh an fhir gur chosúil le cnap de hinneall leictreach éigin í:

“A bhodaigh shoibealta! A bhodaigh shoibealta! Cuirfeadsa críoch leat! Fan go bhfeicfir. Gabhfair do leithscéal liom as do shoibealtacht nó imeoir ón oifig lom láithreach! Imeoir, mise á rá leat, nó gabhfair leithscéal liom!”

__________________________________


Sheas sé i ndoras os comhair na hoifige féachaint an dtagadh an t-airgeadóir amach ina aonair. D’imigh na cléirigh uile gur tháinig an t-airgeadóir amach in éinfheacht leis an phríomhchléireach sa deireadh thiar thall. Bhí sé fuar aige rá focail ar bith leis nuair a bhí sé i gcomhluadar an phríomhchléirigh. Chonacthas don fhear go raibh a dhála sách dona mar a bhí. B’éigean dó déanamh a mhíle leithscéal le Mr Alleyne faoina dheiliús ach bhí a fhios aige go mbeadh an oifig ina poll nathrach dhó as sin amach. Ba chuimhin leis an dóigh a rinne Mr Alleyne géarleanúint ar Peake beag gur ruaig as an oifig é chun ligean spáis dá nia. D’airigh sé fíochmhar agus díoltasach agus spallta leis an tart. Bhí fearg air leis féin agus le gach uile dhuine eile. Ní thabharfadh Mr Alleyne faoiseamh dá laghad dó; ba gheall le hifreann a shaol as seo amach. Rinne sé baileabhair cruthanta dhé féin an uair seo. [ 114 ]Nach bhféadfadh sé coinneáil a theanga ina phluc? Ach níor réitíodar le chéile ón tús, é féin agus Mr Alleyne, ar tharla do Mr Alleyne a chloisteáil ag déanamh aithrise ar a thuin Ultach a bhaint gáire as Higgins agus Miss Parker: ba é sín an tosach leis. D’iarrfadh sé airgead ar Higgins, ach i nDomhnach ní raibh cianóg rua ag Higgins dó féin riamh. Fear a raibh dhá ghnólacht le coinneáil ar siúl aige, ar ndóigh ní fhéadfadh sé...

Dúil chráite i sómas an tigh tábhairne, bhuail sí a chorp mhór mhillteach arís eile. Bhí sé ag éirí fuar ag an cheo, agus mheabhraigh ar bhleán Pat i dtigh Uí Néill. Ní rachadh leis bleán níos mó ná scilling uaidh – agus níorbh fhiú scilling. Ach chaithfeadh sé teacht ar an airgid áit éigin: bhí a phingin deireanach caite aige ar an ghloine pórtair agus bheadh sé ró-dhéanach le fáil airgid in áit ar bith gan mhoill. Go tobann, smaoinigh sé ar oifig gill Terry Kelly ar Shráid na Toinne agus é ag méirínteacht le slabhra a uaireadóra. B’in an buachaill! Nach breá nár smaoinigh sé uirthi níos túisce.

Chuaigh sé trí phasáiste chaol Templebar[2] go tapaigh, ag rá trína fhiacla leis féin go raibh cead an diabhail acu uile mar go raibh seisean ag gabháil a chaitheamh oíche maithe. Coróin a dúirt an cléireach in oifig Terry Uí Ceallaigh! Sé scilling a d’áitigh an coinsíneoir áfach; agus sa deireadh thiar is sé scilling go baileach a tugadh dhó. D’fhág sé oifig an gheallbhróicéara go ríméadach agus é ag déanamh sorcóra big de na boinn idir a ordóg agus a mhéara. I Sráid Westmoreland, bhí na cosáin dubh le fir agus le mná óga ar a mbealach abhaile óna n-obair gnó agus [ 115 ]rith dailtíní gioblacha sráide thall is anall ag screadadh ainmneacha eagrán nuachta na hoíche. Ghluais an fear tríd an tslua, ag amharc ar an fheic i gcoitinne go sásta mórtasach agus ag stánadh go tiarnúil ar na cailíní oifige dhó. Bhí a cheann lán le fuaimeanna na gclog tramanna agus le sioscadh carráistí agus bhain a shrón boladh mhúch puinse amach a bhí ag éirí ina gcoirníní san aer. Ag siúl chun cinn dó, d’eagraigh sé an dóigh a ríomhfadh an eachtra do na leaideanna:

“Agus, ní dhearnas ach amharc airsean – go réchúiseach, an bhfuil ‘fhios agaibh, agus amharc uirthise. Ansin d’amharcas airsean arís eile – ag bualadh leithead den aimsir, an bhfuil ‘fhios agaibh. ‘Ní dóigh liom’, ar mé, ‘gur ceist chóir í sin le cur orm’, ar mé.”

Bhí an Floinneach Srónach ina shuí ina ghnátháit i dtigh Davy Byrne agus, nuair a chuala an scéal, cheannaigh leath-cheann do Farrington, ag rá dhó gurb é sin an rud ba chliste dar chuala riamh. Cheannaigh Farrington deoch dósan ar a sheal. Tháinig an t-Allúrach agus Paddy Leonard isteach tar éis tamaill agus d’athinsíodh an scéal dóibh. D’íoc Ó hAllúrán as gloiní fuisce aon-bhraiche do chách, iad te, agus d’inis an scéal faoin spalla a chaith sé leis an phríomhchléireach nuair a bhí sé le gníomhaireacht Uí Chathghaláin i Sráid Fownes; ach, de bhrí go raibh an spalla ar nós chaint na n-aoirí sna h-eaclóga,[3] b’éigean dó admháil nach raibh sé chomh cliste le spalla Farraington. Leis sin dúirt Farrington leis na leaideanna caitheamh siar na ndeochanna sin go mbeadh ceann eile acu.

Díreach agus iad ag rá céard a bheadh acu, cé a bhuailfeadh isteach ach Higgins! Ar ndóigh chaithfeadh seisean [ 116 ]deoch a ól in éineacht le gach duine eile. D’iarr na fir air ríomh a leagan féin den scéal, go ndearna sé é le neart spleodair, mar ba mheadhránach an t-amharc é chúig ghloine fhuisce the os comhair a dhá shúil. Scairt gach uile dhuine amach ag gáire nuair a thaispeáin sé an dóigh a chroith Mr Alleyne a dhorn san aghaidh ar Farrington. Ansin rinne sé aithris ar Farrington, ag rá dhó, ‘agus seo mo dhuine, gan a dhath mairge air’, fad is a d’amharc Farrington ar an chomhluadar as a shúile troma salacha agus é ag déanamh mheangadh gáire agus ag tarraingt braonacha fánacha óil óna chroiméal lena liopa íochtarach.

Nuair a bhí an cur dí sin thart bhí moill ann. Bhí airgead ag an Allúrach ach shílfeá nach raibh ag an bheirt eile; d’fhág an chuideachta ar fad an siopa dá dheasca sin agus pas beag aiféala orthu. Dhealaigh an t-Uiging agus Nosy Flynn leo ag cúinne Shráid an Diúic fad is a bhí an triúr eile ag filleadh ar a n-ais i dtreo na cathrach. Bhí sé ag cur brádán báistí ar na sráideanna fuara agus, ar sroicheadh an Ballast Office dóibh, mhol Farrington an Scotch House.[4] Bhí an beár dubh le fir agus ar aon fhuaim amháin teangacha agus gloiní. Bhrúigh an triúir fear tríd na díoltóirí glóracha lasáin ag an doras gur bhailíodar le chéile i mbaicle bheag ag cúinne an chuntair. Thosaíodar ag malairt scéalta. Chuir Leonard in aithne ar stócach darb ainm Weathers a bhí ag imirt mar chleasaí agus mar fhuirseoir siamsa sa Tivoli iad. Cheannaigh Farrington deoch do chách. Dúirt Weathers go n-ólfadh fuisce beag le Apollinaris.[5] Thairg Farrington Apollinaris do na buachaillí eile freisin [ 117 ]óir bhí a thuairim dhocht féin aige faoi béasaí sóisialta, ach dúirt na buachaillí leis cinn te a thabhairt dóibh. Tarraingíodh an comhrá ar chúrsaí na hamharclainne. D’íoc O Halloran as cur dí agus d’íoc Farrington as cur eile ansin agus Weathers ag rá go raibh an fhlaithiúlacht ró-Éireannach. Gheall sé go dtabharfadh sé ar chúl stáitse iad agus go dtabharfadh i láthair chúpla cailíní deasa. Dúirt O Halloran go dtéadh sé féin agus Leonard, ach nach dtéadh Farrington mar ba fhear pósta é; agus thug Farrington le fios dóibh le féachaint dá shúile troma salacha gur thuig go rabhadar ag fáil réidh leis. Ní shásódh Weathers ach gloine beag bídeach a cheannach do gach uile dhuine agus gheall go mbuailfeadh leo i dtigh Mulligan ar Shráid an Phoil Bhig.

Nuair a dúnadh an Scotch House chuadar anonn go teach Uí Maolagáin. Chuadar isteach sa chúlseomra gur ordaigh an t-Allúrach hot specials do chách. Bhíodar ag éirí bogtha go leor. Bhí Farrington ag ordú cur dí eile nuair a d’fhill Weathers. Gloine beorach a d’ól sé an uair seo, agus ba mhór an faoiseamh do Farrington sin. Bhí an t-airgead ag éirí gann ach bhí dóthain acu le leanúint ar aghaidh. Leis sin tháinig beirt bhan a raibh hataí móra orthu agus fear a raibh culaith air de phátrún breac-chearnógach, gur shuíodar síos ag bord gar leo. Thug Weathers beannacht dóibh lena láimh agus dúirt leis na leaideannaa go rabhadar bainteach leis an Tivoli. Lonnaigh súile Farrington ar dhuine de na mná óga gach ré nóiméid. Bhí rud éigean suntasach fúithi. Bhí scairf mhór mhíllteach fillte timpeall a hata [ 118 ]agus í snaidhthe faoina smig aici le cuachóg mhór; agus bhí lámhainní glébhuí go huilleann á gcaitheamh aici. Stán Farrington le taitneamh ar an láimh téagartha a chorraigh sí go mion minic agus go han-ghrástúil; agus, tar éis tamaill, nuair a bhreathnaigh sí ar ais air bhain sé níos mó taitnimh fós as a súile donna dorcha. Chuir an dearcadh fiar iontu faoi dhraíocht é. Thug sí claonfhéachaint nó dhó air gur, ar imeacht ón tseomra don dream, theagmhaigh lena chathaoir go ndúirt “Ó, pardon!” i nguth a raibh blas Londan air. D’fhair sé ar a himeacht féachaint an gcaitheadh sí súil ina diaidh, ach faraor níor chaith. A mhallacht dá easpa airgid agus don mhéad cor dí a cheannaigh sé, go háirithe na gloiní fuisce agus Apollinaris a cheannaigh do Weathers. Rud amháin nár thaitin leis, súdaire. Bhí an oiread feirge air gur chuaigh uige comhrá a charad amú air.

Nuair a ghlaoigh Paddy Leonard air thug sé faoi deara go rabhadar ag caint faoi éachtaí nirt. Bhí Weathers ag taispeáint meatán a bhícéipse don chuideachta agus bhí ag déanamh an oiread sin gaisce gur iarr an bheirt eile ar Farrington tacú le hónóir na tíre. Tharraing Farrington a mhuinchille suas dá réir agus thaispeáin meatán a bhícéipse don chomhluadar. Scrúdaíodh an dá lámh dá gcur i gcóimheas agus i gcomórtas, gur socraíodh ar thriail nirt sa deireadh. Réitíodh an tábla agus lig an bheirt fhear a n-uilleann anuas air gur rug i ngleic láimhe lena chéile. Dhéanfadh gach fear iarracht tharraingt lámh an fhir eile anuas ar an bhord nuair a déarfadh Paddy Leonard ‘Go!’. [ 119 ]Bhí dreach tromchúiseach diongbháilte ar Farrington. Thosaigh an triail. Tar éis tuairim is trocha soicind tharraing Weathers lámh a chéile comhraic go mall anuas ar an bhord. Dhearg dreach chíríneach Farrington, go raibh snó níos dorcha fós uirthi le teann feirge agus náire gur bualadh é le glas-stócach. “Ná lig meáchan do choirp taobh thiar de. Imir go hionraic,” a deir sé. “Cé nach bhfuil ag imirt go hionraic?” a deir sé siúd. “Arís eile. An dá cheann is fearr de trí bhabhta.” Thosaigh an triail arís. Sheas féitheacha Farrington amach ar a éadan, agus d’athraigh snó Weathers go dath na peony.[6] Chreath a lámha leis an strus. I ndiaidh coraíochta fada chuir Weathers lámh a chéile chomhraic go mall ar an tábla arís eile. Tháinig monabhar molta ón lucht féachana. Chlaon an curáideach, a bhí ina sheasamh in aice leis an bhord, chlaon a cheann leis an bhuaiteoir go dúirt le teanntás leibideach:

“Á, sin an cleas!”

“Cá sa diabhal fios duitse?” ar Farrington go fíochmhar agus é ag tabhairt faoin fhear. “Cé a d’iarr ortsa do ladar a chur isteach sa scéal?”

“Fuist, fuist!” ar O Halloran ar bhfeiceáil dhreach fhoréigneach Farrington dó. “Caithighí siar bhur ndeochanna a bhuachaillí. Beidh smeachán beag bídeach amháin eile againn agus ansin imeoimid linn.”

Sheas fear a raibh dreach an-stalcánta air ag coirnéal Droichid Uí Chonaill ag fanacht ar an tram beag [ 120 ]i dtreo Dhubhach Trá a thabharfadh abhaile é. Bhí sé ar tí a phléasctha le colg agus le fonn díoltas. Bhí sé náirithe agus míshásta; ní raibh sé ólta go fiú amháin; agus ní raibh fágtha ina phóca ach dhá phingin. Mhallaigh sé an saol is a mháthair. Chuir sé a phost ó rath san oifig, chuir a uaireadóir i ngeall; agus ní raibh sé oiread agus ólta. Tháinig tart air arís, gur shantaigh sé an teach tábhairne te plúchta. Chaill sé a chlú mar thréan ó cloíodh faoi dhó é le glas-stócach. D’at a chroí le fearg gur, nuair a smaoinigh sé ar an bhean a raibh hata mór uirthi a theagmhaigh leis agus a dúirt Pardon! ba bheag nár thacht sé le cuthach. Lig an tram amach é ag Bóthar Shíol Broin, agus stiúir sé a chorp mór taobh le scáth bhalla na beairice. Ba leasc leis dul abhaile. Nuair a chuaigh sé isteach an doras taoibh bhí an chistin folamh roimhe agus bhí tine na cistine nach mór marbh. Chuir sé búir suas an staighre: “Ada! Ada!” Ba bhean bheag ghéarghnúiseach í a bhean chéile a dhéanadh ansmacht ar a fear céile nuair a bhíodh sé ar a chéill agus a ndéanadh seisean ansmacht uirthise nuair a bhíodh sé ar meisce. Bhí cúigear páistí acu. Rith buachaill beag síos an staighre.

“Cé hé sin?” a d’fhiafraigh an fear agus é ag gliúcaíocht sa dorchadas.

“Mise, a dheaide.”

“Cé tusa? Charlie?”

“Ní hea, a dheaide. Tom.” [ 121 ]“Cá bhfuil do mháthair?”

“Tá sí sa tséipéal.” “Sin é go díreach... Ar chuimhnigh sí ar fhágáil dhinnéir dom?” “D’fhág, a dheaide. Tabharfad... ”

“Las an lampa. Cad ina thaobh go bhfuil an áit chomh dubh le pic? An bhfuilid na páistí eile sa leaba?”

Shuigh an fear síos go trom ar cheann de na cathaoireacha fad is a bhí an buachaill beag ag lasadh an lampa. Thosaigh ag déanamh aithris ar ghlór leamh a mhic: “Sa tséipéal.” a dúirt sé leis féin. “Sa tséipéal, mura miste leat!” Bhuail sé a dhorn anuas ar an tábla nuair a lasadh an lampa agus bhéic:

“Cá bhfuil mo dhinnéar?”

“Réiteod duit é, a dheaide,” ar an buachaill beag.

“Ar an tine sin! Ligis don tine múchadh. Dar Dhia, múinfead duit gan sin a dhéanamh arís!”

Thug sé céim chuig an doras gur rug greim ar an bhata siúil a bhí ina sheasamh laistiar de.

“Múinfead duit an tine a ligean imeacht as!” a deir sé agus é ag crapadh a mhuincille suas chun fad réime a thabhairt dá láimh.

“Ó, a dheaide!” a scread an malrach agus rith go caointeach snagach timpeall an tábla, ach lean an fear é, gur rug ar a chóta é. Chaith an buachaill beag féachaint scéiniúil ina timpeall ach, nuair nár fhaca bealach éalaithe, thit ar a ghlúine.

“Anois, ligfir an tine imeacht as an chéad-uair eile!” a deir an fear agus é dá leadradh leis an bhata. “Bíodh sin agat, a dhailtín!”

Lig an buachaill sian chráite as ar lascadh a cheathrún leis an mhaide. D’ardaigh a dhá lámh suas san aer agus d’fháisc le chéile iad.

“A dheaide! A scread sé. “Ná buail mé, a dheaide! Agus déarfad Fáilte an Aingil duit... déarfad Fáilte an Aingil duit, a dheaide, mura mbuaile tú mé... déarfad Fáilte an Aingil...” [ 122 ]“Múinfead duit an tine a ligean imeacht as!” a deir sé agus é ag crapadh a mhuincille suas chun fad réime a thabhairt dá láimh.

“Ó, a dheaide!” a scread an malrach agus rith go caointeach snagach timpeall an tábla, ach lean an fear é, gur rug ar a chóta é. Chaith an buachaill beag féachaint scéiniúil ina timpeall ach, nuair nár fhaca bealach éalaithe, thit ar a ghlúine.

“Anois, ligfir an tine imeacht as an chéad-uair eile!” a deir an fear agus é dá leadradh leis an bhata. “Bíodh sin agat, a dhailtín!”

Lig an buachaill sian chráite as ar lascadh a cheathrún leis an mhaide. D’ardaigh a dhá lámh suas san aer agus d’fháisc le chéile iad.

“A dheaide! A scread sé. “Ná buail mé, a dheaide! Agus déarfad Fáilte an Aingil duit... déarfad Fáilte an Aingil duit, a dheaide, mura mbuaile tú mé... déarfad Fáilte an Aingil...”

Gluais[edit]

  1. Curate an focal a d'úsáid Joyce. Is cosúil gur leasainm é ar fhear beáir. Gloine pórtair is brí le g.p.
  2. Cé gurb é Barra an Teampall an t-ainm oifigiúil Gaeilige ar an áit, níl bunús stairiúil leis an logainm Gaeilige seo.
  3. dráma tíriúil le Virgil (70 r.c – 19 i.c.) déanta de shraith dánta is ea na hEaclóga. Déanann beirt aoirí comórtas lúibíní in eaclóg 4. Is dócha gurb éard atá i gceist ag Joyce anseo, go raibh caint Uí hAllmhúráin sách tútach le hais chaint Farrington.
  4. Ballast Office: foirgneamh ar Shráid Westmoreland a bhí ina ionad riarachán ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath, nó an Ballast Commitee] mar ab ainm don chomhlacht seo ag an am . Maidir leis an Scotch House, is foirgneamh ar Ché an Bhurcaigh é.
  5. uisce mianrach coipthe. Is le Coca Cola an marc seo anois
  6. Piaine. Bláth bándearg. Sa mhiotas Gréagach, is dia an leighis é nó scoláire faoi dhia an leighis é Παιὠν (paiôn). Ar bhealach, samhlaítear é freisin mar chloíteoir an oilc.
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.