Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/124

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

i dtreo Dhubhach Trá a thabharfadh abhaile é. Bhí sé ar tí a phléasctha le colg agus le fonn díoltas. Bhí sé náirithe agus míshásta; ní raibh sé ólta go fiú amháin; agus ní raibh fágtha ina phóca ach dhá phingin. Mhallaigh sé an saol is a mháthair. Chuir sé a phost ó rath san oifig, chuir a uaireadóir i ngeall; agus ní raibh sé oiread agus ólta. Tháinig tart air arís, gur shantaigh sé an teach tábhairne te plúchta. Chaill sé a chlú mar thréan ó cloíodh faoi dhó é le glas-stócach. D’at a chroí le fearg gur, nuair a smaoinigh sé ar an bhean a raibh hata mór uirthi a theagmhaigh leis agus a dúirt Pardon! ba bheag nár thacht sé le cuthach. Lig an tram amach é ag Bóthar Shíol Broin, agus stiúir sé a chorp mór taobh le scáth bhalla na beairice. Ba leasc leis dul abhaile. Nuair a chuaigh sé isteach an doras taoibh bhí an chistin folamh roimhe agus bhí tine na cistine nach mór marbh. Chuir sé búir suas an staighre: “Ada! Ada!” Ba bhean bheag ghéarghnúiseach í a bhean chéile a dhéanadh ansmacht ar a fear céile nuair a bhíodh sé ar a chéill agus a ndéanadh seisean ansmacht uirthise nuair a bhíodh sé ar meisce. Bhí cúigear páistí acu. Rith buachaill beag síos an staighre.

“Cé hé sin?” a d’fhiafraigh an fear agus é ag gliúcaíocht sa dorchadas.

“Mise, a dheaide.”

“Cé tusa? Charlie?”

“Ní hea, a dheaide. Tom.”