Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/125

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Cá bhfuil do mháthair?”

“Tá sí sa tséipéal.” “Sin é go díreach... Ar chuimhnigh sí ar fhágáil dhinnéir dom?” “D’fhág, a dheaide. Tabharfad... ”

“Las an lampa. Cad ina thaobh go bhfuil an áit chomh dubh le pic? An bhfuilid na páistí eile sa leaba?”

Shuigh an fear síos go trom ar cheann de na cathaoireacha fad is a bhí an buachaill beag ag lasadh an lampa. Thosaigh ag déanamh aithris ar ghlór leamh a mhic: “Sa tséipéal.” a dúirt sé leis féin. “Sa tséipéal, mura miste leat!” Bhuail sé a dhorn anuas ar an tábla nuair a lasadh an lampa agus bhéic:

“Cá bhfuil mo dhinnéar?”

“Réiteod duit é, a dheaide,” ar an buachaill beag.

“Ar an tine sin! Ligis don tine múchadh. Dar Dhia, múinfead duit gan sin a dhéanamh arís!”

Thug sé céim chuig an doras gur rug greim ar an bhata siúil a bhí ina sheasamh laistiar de.

“Múinfead duit an tine a ligean imeacht as!” a deir sé agus é ag crapadh a mhuincille suas chun fad réime a thabhairt dá láimh.

“Ó, a dheaide!” a scread an malrach agus rith go caointeach snagach timpeall an tábla, ach lean an fear é, gur rug ar a chóta é. Chaith an buachaill beag féachaint scéiniúil ina timpeall ach, nuair nár fhaca bealach éalaithe, thit ar a ghlúine.

“Anois, ligfir an tine imeacht as an chéad-uair eile!” a deir an fear agus é dá leadradh leis an bhata. “Bíodh sin agat, a dhailtín!”

Lig an buachaill sian chráite as ar lascadh a cheathrún leis an mhaide. D’ardaigh a dhá lámh suas san aer agus d’fháisc le chéile iad.

“A dheaide! A scread sé. “Ná buail mé, a dheaide! Agus déarfad Fáilte an Aingil duit... déarfad Fáilte an Aingil duit, a dheaide, mura mbuaile tú mé... déarfad Fáilte an Aingil...”