Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/121

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

óir bhí a thuairim dhocht féin aige faoi béasaí sóisialta, ach dúirt na buachaillí leis cinn te a thabhairt dóibh. Tarraingíodh an comhrá ar chúrsaí na hamharclainne. D’íoc O Halloran as cur dí agus d’íoc Farrington as cur eile ansin agus Weathers ag rá go raibh an fhlaithiúlacht ró-Éireannach. Gheall sé go dtabharfadh sé ar chúl stáitse iad agus go dtabharfadh i láthair chúpla cailíní deasa. Dúirt O Halloran go dtéadh sé féin agus Leonard, ach nach dtéadh Farrington mar ba fhear pósta é; agus thug Farrington le fios dóibh le féachaint dá shúile troma salacha gur thuig go rabhadar ag fáil réidh leis. Ní shásódh Weathers ach gloine beag bídeach a cheannach do gach uile dhuine agus gheall go mbuailfeadh leo i dtigh Mulligan ar Shráid an Phoil Bhig.

Nuair a dúnadh an Scotch House chuadar anonn go teach Uí Maolagáin. Chuadar isteach sa chúlseomra gur ordaigh an t-Allúrach hot specials do chách. Bhíodar ag éirí bogtha go leor. Bhí Farrington ag ordú cur dí eile nuair a d’fhill Weathers. Gloine beorach a d’ól sé an uair seo, agus ba mhór an faoiseamh do Farrington sin. Bhí an t-airgead ag éirí gann ach bhí dóthain acu le leanúint ar aghaidh. Leis sin tháinig beirt bhan a raibh hataí móra orthu agus fear a raibh culaith air de phátrún breac-chearnógach, gur shuíodar síos ag bord gar leo. Thug Weathers beannacht dóibh lena láimh agus dúirt leis na leaideannaa go rabhadar bainteach leis an Tivoli. Lonnaigh súile Farrington ar dhuine de na mná óga gach ré nóiméid. Bhí rud éigean suntasach fúithi. Bhí scairf mhór mhíllteach fillte timpeall a hata