Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus í snaidhthe faoina smig aici le cuachóg mhór; agus bhí lámhainní glébhuí go huilleann á gcaitheamh aici. Stán Farrington le taitneamh ar an láimh téagartha a chorraigh sí go mion minic agus go han-ghrástúil; agus, tar éis tamaill, nuair a bhreathnaigh sí ar ais air bhain sé níos mó taitnimh fós as a súile donna dorcha. Chuir an dearcadh fiar iontu faoi dhraíocht é. Thug sí claonfhéachaint nó dhó air gur, ar imeacht ón tseomra don dream, theagmhaigh lena chathaoir go ndúirt “Ó, pardon!” i nguth a raibh blas Londan air. D’fhair sé ar a himeacht féachaint an gcaitheadh sí súil ina diaidh, ach faraor níor chaith. A mhallacht dá easpa airgid agus don mhéad cor dí a cheannaigh sé, go háirithe na gloiní fuisce agus Apollinaris a cheannaigh do Weathers. Rud amháin nár thaitin leis, súdaire. Bhí an oiread feirge air gur chuaigh uige comhrá a charad amú air.

Nuair a ghlaoigh Paddy Leonard air thug sé faoi deara go rabhadar ag caint faoi éachtaí nirt. Bhí Weathers ag taispeáint meatán a bhícéipse don chuideachta agus bhí ag déanamh an oiread sin gaisce gur iarr an bheirt eile ar Farrington tacú le hónóir na tíre. Tharraing Farrington a mhuinchille suas dá réir agus thaispeáin meatán a bhícéipse don chomhluadar. Scrúdaíodh an dá lámh dá gcur i gcóimheas agus i gcomórtas, gur socraíodh ar thriail nirt sa deireadh. Réitíodh an tábla agus lig an bheirt fhear a n-uilleann anuas air gur rug i ngleic láimhe lena chéile. Dhéanfadh gach fear iarracht tharraingt lámh an fhir eile anuas ar an bhord nuair a déarfadh Paddy Leonard ‘Go!’.