Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/114

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Tá glaoch ort ó Mhister Alleyne,” ar an príomh-chléireach go dian. “Cá rabhais?” Chaith an fear súil ar an bheirt chliant mar a bheadh ag tabhairt le tuiscint go rabhadar ina mbac ar a fhreagra. Ó tharla gurbh fhir iad beirt, thug an príomh-chléireach cead dó féin déanamh gáire.

“Tá cleachtadh agam ar an bhail sin,’ ar sé. ‘Tá cúig uair in aon ló amháin sách ...” Pébí, ní mór duit brostú ort chun thabhairt cóipe d’ár gcomhfhreagras sa chás Delacour do Mr Alleyne.

An forrán béil seo os comhair na gcliant, a rith suas staighre agus an pórtar a dhiúg sé faoin oiread sin deifre, chuireadar an fear trína chéile agus, ag suí síos ag a dheasc dó chun fáil a raibh ag teastáil, thuig sé a éadóchasaí is a bhí a sprioc chríochnú an chóip den chonradh roimh leathuair tar éis a cúig. Bhí an oíche dhorcha thais chuige agus bhí sé ag tnúth lena caitheamh sna tithe tábhairne, ag ól lena chairde faoi spalpadh an gháis agus faoi chleatráil gloiní. Thóg sé amach comhfhreagras Delacour agus d’imigh ón tseomra. Bhí súil aige nach dtabharfadh Mr Alleyne faoi deara go raibh an dá litir deireanach in easnamh.

Bhí an boladh tais láidir cumhráin san aer an bealach ar fad go seomra Mr Alleyne. Bean scothaosta a raibh cuma Ghiúdach uirthi ab í Miss Delacour. Dúradh faoi Mr Alleyne go raibh sé ag suirí léi féin nó lena cuid airgid. Thagadh sí chuig an oifig go minic agus d’fhanadh tamall fada inti nuair a thagadh. Bhí sí ina suí le hais a dheisce anois agus boladh láidir cumhrán uimpi, ag slíocadh chos a scáth báistí agus ag claonadh an chleite mhóir dhuibh ina hata. Bhí Mr Alleyne